An tEarrach Thiar

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Beidh ócáid fíor-speisialta i Seanscoil Sailearna agus Taibhdhearc na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo. Ag tús na míosa seo bhí an premiere domhanda de ‘An tEarrach Thiar’ mar chuid de chlár Éigse an Spidéil. Is seó cruthaíoch nua, spreagúil é seo ina bhfuil ceol curtha ag an gcumadóir ceoil aitheanta Johnny Óg Connolly le cuid de dhánta Mháirtín Uí Dhireáin, chun ciogal amhrán a chruthú. D’oibrigh an t-amhránaí clúiteach Liam Ó Maonlaí ar na hamhráin le Johnny, agus ba é Liam a chan iad agus a rinne tionlacan ar an bpianó, le Johnny Óg ar an gcairdín.

Chuaigh an seó i bhfeidhm go mór ar lucht féachana na hÉigse. Mar a scríobh Dónall Ó Braonáin ar Tuairisc.ie, ‘…ba é toradh na haithrise gur cuireadh an lucht éisteachta líonmhar ina seasamh mar ghníomh ómóis don fhilíocht, don cheol, don léiriú.’  Beidh deis ag daoine an ciogal amhrán a chloisteáil arís ar an Aoine agus an Satharn beag seo – Dé hAoine i Seanscoil Sailearna in Indreabhán agus Dé Satharn sa Taibhdhearc. Tosóidh an seó ag 8.00 le Johnny Óg ag casadh a chuid ceoil nua-chumtha féin óna albam Siar, le tionlacan ó Phádraig Ó Dubhghaill, agus beidh An tEarrach Thiar ann don dara leath.

Is féidir ticéid don ceolchoirm sa Seanscoil a cheannacht ó Chomharchumann Sailearna i rith uaireannta oibre, nó glaoch ar 085-8896733. Don seó sa Taibhdhearc is féidir ticéid a chur in áirithe ar  www.antaibhdhearc.com, no glaoch ar 091-563600.