Gradaim an Mhéara

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Is buaiteoirí iad na hoibrithe deonacha go léir a fhaigheann ainmniúchán do Ghradaim an Mhéara – sin é a deir Méara Chathair na Gaillimhe an tseachtain seo. Bhí an Comhairleoir Noel Larkin ag labhairt ag Gradaim an Mhéara á seoladh don 14ú Bliain ag Halla na Cathrach agus tá sé ag iarraidh ar mhuintir na Gaillimhe anois oibrithe deonacha nach bhfaigheann aon íocaíocht a ainmniú dá gcuid oibre sa phobal i gCathair na Gaillimhe.

Tabharfaidh Gradaim an Mhéara aitheantas arís do dhaoine agus d’eagraíochtaí den scoth a mbíonn tionchar ollmhór acu ar ardchaighdeán saoil ina bpobal féin i gCathair na Gaillimhe trí iad a bheith gníomhach i ngníomhaíochtaí pobail agus deonach agus gan aon íocaíocht á fháil acu ina leith.

Táthar ag lorg ainmniúcháin anois ó mhuintir Chathair na Gaillimhe do dhaoine aonair nó d’eagraíochtaí do Ghradaim an Mhéara. Tá 8 nGradam aonair de chuid an Mhéara ann:

· Gradam na nEalaíon, Cultúr, Oidhreachta & Cúrsaí Gaeilge

· Gradam do Chúrsaí Comharsanachta agus Áitritheoirí

· Gradam do Sheirbhís Pobail & Cuimhsiú Sóisialta

· Gradam d’Oibrí Deonach Scothaosta na Bliana

· Gradam d’Oibrí Deonach Spóirt na Bliana

· Gradam do Ghasúir agus don Óige

· Gradam d’Oibrí Deonach Óg na Bliana

· Gradam Oibrí Deonach na Bliana Chomhairle Cathrach na Gaillimhe

Bronnfar trófaí atá coimisiúnaithe go speisialta agus seic €500 ar bhuaiteoirí na nGradam éagsúla. Bronnfar Teastas an Mhéara atá deartha go speisialta ar gach duine a fhaigheann ainmniúchán ag searmanas na nGradam a bheidh ar siúl i mí na Bealtaine in Óstán an Radisson Blu i nGaillimh.

Is é an 7 Aibreán an dáta deiridh a nglacfar le hainmniúcháin agus is féidir na foirmeacha ainmniúcháin a fháil ó Halla na Cathrach, ó Leabharlanna na Cathrach agus is féidir iad a íoschóipeáil ag www.galwaycity.ie/ community-culture/mayors-awards

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi Ghradaim an Mhéara ag www.galwaycity.ie /community-culture/mayors-awards nó is féidir glaoch orainn ag 091 536 406.