Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, 2017 ainmnithe

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

D’fhógair Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Noel Larkin, na gnólachtaí atá ar Ghearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ag preasócáid in Ionad na Faiche Móire inniu. Ainmníodh dhá cheann déag de ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí ó earnálacha éagsúla ar Ghearrliosta na bliana seo – is dreamanna iad seo a bhfuil an Ghaeilge fite fuaite ina scéal féin. Tá Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh á eagrú le 15 bliana anuas ag Gaillimh le Gaeilge i gcomhar leis an Galway Advertiser agus le tacaíocht ó Chumann Tráchtála na Gaillimhe; déantar ceiliúradh ann ar na sáriarrachtaí a dhéanann an lucht gnó i nGaillimh agus iad ag baint úsáid as an nGaeilge ina gcuid oibre.

Roghnaíodh na gnólachtaí seo a leanas do Ghearrliosta an Ghradaim, 2017:

 

Sa chatagóir Miondíola, urraithe ag Galway Bay FM:

Ionad na Faiche Móire, Mary’s Fish, Sweeney Oil, Thomas Woodberrys

Sa chatagóir Turasóireachta agus Fáilteachais, urraithe ag Fáilte Éireann:

Clayton Hotel Galway, The Connacht Hotel

I gcatagóir na Seirbhísí, urraithe ag Snap Galway:

Cross Street Dental, Lorg Media.

I gcatagóir na gComhlachtaí Eile, urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge:

Carey Developments, Micil Poitín, PorterShed, Siopa Leabhar Uí Chionnaith.

Bhronn Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Noel Larkin, Teastas Gradaim ar gach ceann de na gnólachtaí atá imithe ar aghaidh go dtí an babhta deiridh agus mhol sé gach dream acu as a gcuid oibre ar son na Gaeilge sa chathair.  Dúirt sé:

“Is iontach an rud é go bhfuil an Ghaeilge á húsáid i gcónaí ag gnólachtaí agus eagraíochtaí i lear mór earnálacha agus go measann siad gur féidir leo leas a bhaint as an teanga; dá bharr seo, tá ag éirí thar cionn leis an nGradam agus leis an gcathair dhátheangach seo.  Tá tábhacht faoi leith le húsáid leanúnach na Gaeilge agus muid le bheith inár bPríomhchathair Chultúir na hEorpa in 2020.”

Ag labhairt di ag an ócáid, thréaslaigh Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey, leis na gnólachtaí uile a fuair ainmniúchán agus dúirt:

“I mbliana, chuaigh díocas agus díograis na n-iomaitheoirí i leith na Gaeilge i gcion go mór ar na moltóirí. Bhí sé sin le feiceáil sna bealaí neamhghnácha, nuálacha ar chuir na hiomaitheoirí an Ghaeilge in úsáid mar theanga bheo. Ach is é an rud ba mhó ar thug muid suntas dó ná an chaoi ar spreag cuid de na gnólachtaí a bhí ar an nGearrliosta gnólachtaí eile leis an nGaeilge a úsáid chomh maith.”

Ghabh Gaillimh le Gaeilge buíochas lena n-urraitheoirí áitiúla agus náisiúnta – Galway Advertiser,TG4, Fáilte Éireann, Galway Bay FM, Snap Galway, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ARÓ, Údarás na Gaeltachta agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe – as ucht a gcuid tacaíochta don Ghradam.  Is fiú breis is €23,000 an pacáiste urraíochta atá luaite leis an nGradam.

Tá buíochas ar leith dlite do Mholtóirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, a thabharfaidh cuairt ar áitribh na ngnólachtaí ar fad atá sa bhabhta ceannais sna seachtainí seo romhainn. Is iad moltóirí na bliana seo: an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Déan Scoil an Ghnó, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath; Sonya Nic Lochlainn, Údarás na Gaeltachta; Clíona Ní Mhurchú, Bainisteoir Réigiúnach, Top Oil; agus Tony Barrett, Stiúrthóir WestBIC.

Fógróidh Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta Seán Kyne, TD, buaiteoirí na gcatagóirí agus mórbhuaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ag searmanas speisialta an Ghradaim in Óstán Bhóthar na Trá Dé Luain, 15 Bealtaine.