DEIS – Bealtaine 2017

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter
gailliamh le gaeilge

Na Scéalta is déanaí ó Ghaillimh le Gaeilge

Language Plan for Galway City

Plean Teanga do Chathair na Gaillimhe 

D’fhógair, Seán Kyne TD, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe  agus  Gaeltachta,  Gaillimh le Gaeilge mar an eagraíocht  a bheidh ceannasach as plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú do chathair na Gaillimhe faoin bpróiseas pleanála teanga.

Is é seo a bhí le rá aige agus é ag déanamh an fhógra ag Bronnadh Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2017:

“Tar  éis plé agus cíoradh a bheith déanta faoi cén eagraíocht a bheidh ceannasach as plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú do chathair na Gaillimhe faoin bpróiseas pleanála teanga, tá áthas orm a fhógairt anseo tráthnóna, gurb iad Gaillimh le Gaeilge atá roghnaithe mar an Cheanneagraíocht chun é sin adhéanamh. Is i gcomhar le páirtithe leasmhara ar nós Comhairle Cathrach na Gaillimhe  a tharlaíodh sé seo agus ba mhaith liom an deis a thapú chun gach rath a ghuí ar Bhríd agus a leathbhádóirí san obair dhúshlánach seo. Níl aon dabht ach gur chun leasa agus chun tairbhe na Gaeilge a bheith an plean teanga seo don chathair. Cuideoidh sé chomh maith le branda chultúrtha Ghaelach na cathrach a fhréamhú don todhchaí.”


Ionad na Faiche Móire, fógartha mar ‘Treibh Nua na Gaillimhe’

Ceann de shiopalanna móra iarthar na hÉireann – Ionad na Faiche Móire/Eyre Square Centre i gceartlár chathair na Gaillimhe ainmnithe mar ‘Treibh Nua na Gaillimhe don Bhliain 2017’. D’fhógair Seán Kyne, TD, an tAire Stáit do

Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Seán Kyne TD made the annoucement at a special awards ceremony that took place in the Salthill Hotel on Monday the 15th of May 2017  A reflection of the high standard of entries this year is Bronnadh Speisialta na Moltóirí, a special award designed to acknowledge a business who has entered the Gradam for the first time and has achieved a very high standard which could not go unrecognised.  This award, sponsored by Judy Greene Pottery was presented to Mary’s Fish, Gaillimh.

Bronnadh Gradam Speisialta na Moltóirí ar Mary’s Fish Gaillimh –  aitheantas spesialta do ghnólacht a chuir isteach ar an nGradam den chéad uair agus a bhain caighdeán an-ard amach. Judy Greene Pottery a rinne urraíocht ar an duais seo.

Ina theannta sin, bhronn na Moltóirí Scoláireacht Ollscoile, urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar ghnó atá ag déanamh iarracht faoi leith chun úsáid na Gaeilge a fhorbairt ina ngnó. Bronnadh an scoláireacht seo an  PorterShed.  Is cúrsa sealbhaithe teanga, An Dioplóma sa Ghaeilge, cáilíocht Ollscoile agus cúrsa páirtaimseartha dhá bhliain, atá sa tairiscint seo.

  • Buaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2017:

      Miondíol urraithe ag

                       gbfm web

    Ionad na Faiche Móire – Buaiteoir iomlán an Ghradaim

    • Fáilteachas & Turasóireacht Urraithe ag

    Failte_Ireland_Suiomh Thumbnail

    The Connacht Hotel 

    • Seirbhísí urraithe ag

    Snap Galway

    Lorg Media

    • Comhlachtaí Eile urraithe ag 

    OE Gaillimh_nua1

    Carey Building Contractors


    Gaeilge á la Carte

    Tá  Gaillimh le Gaeilge  i gcónaí ag lorg ionaid nua chun óstáil a  dhéanamh ar na lónta gnó míosúla a eagraítear agus chuige sin, táimid GALC_web_DEISsa tóir ar bhialanna agus ar óstáin i gcathair na Gaillimhe a bhfuil an Ghaeilge in úsáid acu go rialta nó go mbeadh spéis acu Gaeilge a úsáid ar na biachláir.

    Tá Gaillimh le Gaeilge lánsásta comhairle a thabhairt do bhialanna ar leagan amach an bhiachláir agus ar an méid Gaeilge a bheadh oiriúnach sa bhiachlár. Cuirimid seirbhís aistriúcháin ar fáil saor in aisce chomh maith.

    Tá  na hóstáin agus bialanna le biachláir dhátheangacha luaite ar  ‘Gaeilge à la Carte’  – is liosta é seo do bhialanna agus d’óstáin i gcathair na Gaillimhe atá ar fáil. Más mian leatsa an Ghaeilge a úsáid ar do bhiachlár agus a bheith curtha san áireamh ar an liosta seo, déan teagmháil le Gearóidín ar 091 568876 nó seol r-phost chuig eolas@gleg.ie


    Cairde na Míosa

    DLÚTHCHARA

    Ionad na Faiche Móire

    CARA MAITH 

    iSupply

    CARA

    Computer Troubleshooters/Seirbhísí Ríomhaire Bearna Teo.


    Dlúthchairde Ghaillimh le Gaeilge 2017

    Faigheann Gaillimh le Gaeilge maoiniú ón gCrannchur Náisiúnta tríd an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ó Chairde Ghaillimh le Gaeilge i gcomhar le Cumann Tráchtála na Gaillimhe.