Tá sé ag éirí níos coitianta i nGaillimh a bheith i mbun gnó go dátheangach.

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018

Tá sé ag éirí níos coitianta i nGaillimh a bheith i mbun gnó go dátheangach.

Anois agus na hainmniúcháin do Ghradam 2018 fógartha, tá an mholtóireacht ar bun ag Gaillimh le Gaeilge agus iad ag iarraidh an gnó dátheangach is fearr i gCathair na Gaillimhe a aimsiú. Tá Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, i gcomhpháirtíocht leis an Galway Advertiser agus le tacaíocht ó Chumann Tráchtála na Gaillimhe, dúnta anois d’ainmniúcháin agus tá na moltóirí ag tabhairt faoin obair dhúshlánach le gearrliosta, buaiteoirí catagóirí agus buaiteoir iomlán a roghnú do 2018. Ainmníodh 21 gnó agus eagraíocht i mbliana ó réimse leathan earnálacha. Tá 14 cinn de na 21 gnó seo istigh ar an nGradam den chéad uair.

Dúirt Bríd Ní Chonghóile, Gaillimh le Gaeilge:

“Seo an dara bliain as a chéile ar sáraíodh an líon ab airde ainmniúcháin nua riamh. Cé go gcuireann muid fáilte mhór i gcónaí roimh rannpháirtithe atá ag cur isteach ar an nGradam arís, is deas an rud é i gcónaí gnónna nua a fheiceáil ag glacadh páirte ann. Is deis iontach é an próiseas a bhaineann leis an nGradam d’aon ghnó nó d’aon eagraíocht an Ghaeilge a chur ar taispeáint ina ngnó agus déanfaidh rannpháirtithe na bliana seo amhlaidh ‘le bród, le paisean agus le díograis’. Is iontach an rud é anois go bhfuil sé ag éirí níos coitianta i nGaillimh a bheith i mbun gnó go dátheangach.”

Tá meascán de ghnónna nua agus gnónna seanbhunaithe ag glacadh páirte sa Ghradam i mbliana, ina measc an phríomhfhéile idirnáisiúnta ealaíon do pháistí sa tír, an comhlacht tacsaithe is mó i nGaillimh, ceann de na hóstáin is mó in iarthar na hÉireann, ionad leighis a bhfuil an-spéis acu sa Ghaeilge agus siopa milseán gleoite atá lonnaithe i gcroílár na cathrach.

Ceapadh painéal moltóirí neamhspleácha do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh agus is iad sin: Aelmuire Ní Ógartaigh, Freda Nic Giolla Chatháin, Príomhfheidhmeannach Ghnó Mhaigh Eo, Sonya Nic Lochlainn, Bainisteoir Seirbhísí Corparáideacha, Údarás na Gaeltachta agus Irial Ó Ceallaigh, TG4.

Tiocfaidh moltóirí an Ghradaim le chéile den chéad uair Déardaoin, 19 Aibreán, leis an nGearrliosta a roghnú.

Fógróidh Méara Chathair na Gaillimhe, an Clr Pearce Flannery, an gearrliosta ag meán lae, Dé Máirt, 24 Aibreán ag preasócáid in  Ionad Uí Dhonnchadha don Drámaíocht, an Amharclannaíocht agus an Taibhléiriú, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.   Ba mhaith le Gaillimh le Gaeilge a mbuíochas a chur in iúl do na hurraitheoirí móra le rá, a gcuireann a rannpháirtíocht go mór le rath an Ghradaim agus ba mhaith leo freisin céad míle fáilte a chur roimh an urraitheoir nua Lorg Media!

Is é an Galway Advertiser an príomhurraitheoir meán cumarsáide agus tá siad ag tacú leis an nGradam ó cuireadh tús leis in 2002. Tháinig TG4 ar bord in 2016 agus beidh an dá eagraíocht meán cumarsáide ag cur pacáiste fógraíochta den scoth ar fáil don bhuaiteoir iomlán.

Seo a leanas urraitheoirí na gcatagóirí do Ghradam 2018: Galway Bay FM, Fáilte Ireland, Snap Galway agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Údarás na Gaeltachta ag déanamh urraíochta ar mhacasamhla Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, a dhear an t-ealaíontóir cáiliúil Pádraic Reaney go speisialta don Ghradam.

Cuirfidh Lorg Media agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe urraíocht ar fáil don bhuaiteoir iomlán chomh maith.  Míle buíochas leo go léir!

 Faigheann ainmniúcháin uile an Ghradaim poiblíocht shuntasach sna meáin Ghaeilge agus Bhéarla le linn fheachtas an Ghradaim agus bronnfar an t-aitheantas gradamúil mar 15ú Treabh na Gaillimhe ar an mbuaiteoir iomlán don bhliain atá romhainn. Go n-éirí go geal leo ar fad.

Na hAinmniúcháin:

Miondíol urraithe ag Galway Bay FM:

Aunty Nellie’s Sweet Shop, An tSráid Ard, Corrib Shopping Centre, Sráid Eyre, KD Autoparts, An Baile Bán,  Kennys Bookshop and Art Galleries Ltd., Lios Bán, Lanidor, Sráid Eyre, Mary’s Fish, An Baile Bán, Murrays, Nile Lodge.

Turasóireacht & Fáilteachas urraithe ag Fáilte Ireland:

56 Central, Sráid na Siopaí, Galway Food Tours, Cúirt Seoige, Harbour Hotel, Bóthar na nDuganna Nua, The Connacht Hotel, Bóthar Bhaile Átha Cliath, The Lough Inn, Barr an Chalaidh.

Seirbhísí urraithe ag Snap Galway:

Big O Taxis, An Fhaiche Mhór, Colm’s Pharmacy, Bóthar na Trá, Galvia West Medical Centre, An Taobh Thiar, Kemple Gormley Solicitors, Bóthar na hOllscoile, Swaine Solicitors, Cnoc na Cathrach, Sweeney Oil, Bóthar Áth Cinn.

Comhlachtaí Eile urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge:

Baboró, International Arts Festival for Children, Bóthar na gCeannaithe, Galway City Business Association, Sráid San Proinsias, iSupply, Bóthar na Mara.