DEIS – Márta 2018

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter
gailliamh le gaeilge

Na Scéalta is déanaí:

Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018

Anois agus na hainmniúcháin do Ghradam 2018 fógartha, tá an mholtóireacht ar bun ag Gaillimh le Gaeilge agus iad ag iarraidh an gnó dátheangach is fearr i gCathair na Gaillimhe a aimsiú. Ainmníodh 21 gnó agus eagraíocht i mbliana ó réimse leathan earnálacha. Tá 14 cinn de na 21 gnó seo istigh ar an nGradam den chéad uair.

Fógróidh Méara Chathair na Gaillimhe, an Clr Pearce Flannery, an gearrliosta ag meán lae, Dé Máirt, 24 Aibreán ag preasócáid in  Ionad Uí Dhonnchadha don Drámaíocht, an Amharclannaíocht agus an Taibhléiriú, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Na hAinmniúcháin – Go n-éirí an t-ádh leo! 

MIONDÍOL urraithe ag Galway Bay FM:

KD Autoparts, An Baile Bán
Lanidor, Sráid Eyre,
Mary’s Fish, An Baile Bán,
Murrays, Nile Lodge.

TURASÓIREACHT & FÁILTEACHAS urraithe ag Fáilte Ireland:

56 Central, Sráid na Siopaí,
Galway Food Tours, Cúirt Seoige,
Harbour Hotel, Bóthar na nDuganna Nua,
The Connacht Hotel, Bóthar Bhaile Átha Cliath
The Lough Inn, Barr an Chalaidh.

SEIRBHÍSÍ urraithe ag Snap Galway:

Big O Taxis, An Fhaiche Mhór
Colm’s Pharmacy, Bóthar na Trá
Kemple Gormley Solicitors, Bóthar na hOllscoile
Swaine Solicitors, Cnoc na Cathrach,
Sweeney Oil, Bóthar Áth Cinn.

COMHLACHTAÍ EILE urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh:

Galway City Business Association, Sráid San Proinsias
iSupply, Bóthar na Mara.

 


Míle buíochas do na hUrraí

Príomhurra an Ghradaim

 

 

Urra an Ghradaim

 

Urraí na gCatagóirí

Retail

Services

 

Hospitality & Tourism

Other Companies

Urraí Tacaíochta an Ghradaim


Bord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge roghnaithe mar Phearsa na Bliana do Ghradam na Gaillimhe

Is mór an onóir do Bhord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge a bheith ainmnithe mar bhuaiteoirí – Pearsa na Bliana do Ghradam na Gaillimhe 2017. Is é seo a bhí le rá ag Cathaoirleach an Bhoird, Bernadette Mullarkey:

Táimid an-bhródúil mar bhaill deonacha de Bhord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge glacadh leis an nGradam speisialta seo, ní amháin dúinn féin, ach thar ceann iad siúd go léir a thug a gcuid ama go fial flaithiúil do Bhord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge thar na blianta. Tugann muid chun cuimhne ach go háirithe, an Dr Peadar Ó Flatharta, nach maireann. Bhí Peadar ina bhall bunaithe agus ba é an chéad Chathaoirleach ar Ghaillimh le Gaeilge. Ba é a leag síos an bhunchloch d’fheidhmiú Ghaillimh le Gaeilge agus bhí sé i gcónaí mar chara den chéad scoth ag an  eagraíocht.”

Dúirt Bríd Ní Chonghóile, Ardfheidhmeannach Ghaillimh le Gaeilge:

“Is iontach an rud é d’aon ghnó nó d’aon eagraíocht aitheantas a fháil ar a gcuid oibre ach tá onóir bhreise ag baint leis an ngradam seo do Ghaillimh le Gaeilge de bharr gur ó mhuintir na Gaillimhe a thagann sé. Mar fhoireann na heagraíochta, táimid iontach bródúil as.”


An Ghaeilge don Cháisc

Beannachtaí na Cásca ~ Easter Greetings

An Cháisc ~ Easter

Laethanta Saoire na Cásca ~ Easter Holidays

Tóraíocht Uibheacha Cásca Easter Egg Hunt

Seachtain na Cásca – Easter Week

Coinín ~ Creideann Páistí go dtagann Coinín leis na huibheacha Cásca!

Rabbit ~ Children believe that a bunny/rabbit comes with the Easter Eggs!

Beannachtaí na Cásca ort/oraibh ~ The Blessings of Easter on you /on ye


Comhghairdeas lenár gCairde –Stewart Construction

Comhghairdeas le Cairde Ghaillimh le Gaeilge, Stewart Construction. Don cúigiú bliain as a chéile bronnadh an gradam cáiliúil Deloitte don ‘Comhlacht is fearr Bainistithe’ ar Stewart Construction.  Bhí an bronnadh ar siúl san Ionad Comhdhála i mBaile Átha Cliath le gairid. Go mba fada buan iad.

 

 

 

 

 

 



Lón Gnó na Míosa

Tá Lón Gnó mhí Aibreáin ar siúl   Déardaoin, 12 Aibreán 2018 ag 1.00i.n., i mBialann Viňa Mara, An tSráid Láir, Gaillimh.

Chun suíochán a chur in áirithe, déan teagmháil leis an oifig le do thoil ag (091) 568876 nó seol ríomhphost chuig eolas@gleg.ie.

Beimid ag súil le sibh go léir a fheiceáil ann. Cén fáth nach dtugann tú ‘Cara’ leat chuig an Lón Gnó, beidh fáilte Uí Cheallaigh rompu.


Cairde Ghaillimh le Gaeilge

Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghlacadh leo siúd atá cláraithe cheana féin linn mar Chairde Ghaillimh le Gaeilge do 2018 mar is sibhse a choinníonn Gaillimh le Gaeilge i mbarr uisce le bhur dtacaíocht leanúnach. Meabhraíonn muid dóibh siúd nach bhfuil ar bord linn go fóill, clárú linn go luath le bhur dtoil.

DLÚTHCHARA

Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin

IDA

CARA MAITH

Byrne Carolan Cunningham Solicitors

Clayton Hotel Galway

Murtagh & Co Cuntasóirí Cairte

Óstán Árann

Salthill Hotel

Sleepzone

Taibhdhearc na Gaillimhe

CARA

AIB Caisleán an Linsigh

A.Hartmann & Sons

Busker Brownes

Druid

Galway Film Centre

Irish Time Design


Cúirt – Féile Idirnáisiúnta Litríochta

Beidh ‘Cúirt – Féile Idirnáisiúnta Litríochta’  faoi lánseol ag deireadh na míosa seo chugainn anseo i nGaillimh agus beidh roinnt imeachtaí i nGaeilge nó a bhaineann leis an nGaeilge ar siúl. Seo thíos liosta díobh. Gliogáil ar na nascanna le haghaidh tuilleadh eolais a fháil nó chun ticéad a chur in áirithe:

Le haghaidh tuilleadh eolais tabhairt cuairt ar www.cuirt.ie. Gach rath leis an bhFéile!


Dlúthchairde Ghaillimh le Gaeilge

 


Faigheann Gaillimh le Gaeilge maoiniú ón gCrannchur Náisiúnta tríd an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ó Chairde Ghaillimh le Gaeilge i gcomhar le Cumann Tráchtála na Gaillimhe