Mikel Murfi ar ais i mbun stiúrtha ar dhráma Fíbín ‘Tóraíocht’

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Tá an comhlacht drámaíochta Gaeilge Fíbín i nGaillimh ag ceiliúradh 15 bliain ar an bhfód i mbliana agus iad ag tabhairt faoi chamchuairt náisiúnta i mí Aibreán leis an léiriú is mó ar tugadh faoi go dtí seo i stair an chomhlachta, ‘Tóraíocht’. Seo leagan nua den scéal eipiciúil Fiannaíochta “Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne”, scríofa ag Philip Doherty agus stiúrtha ag Mikel Murfi, aisteoir agus stiúrthóir iomráiteach. D’éirigh go hiontach leis na réamhléirithe den dráma seo i nGaillimh i mí na Samhna 2016.

Is scéal grá lán le héachtaí aisteacha agus fathaigh é ‘Tóraíocht’. Bogann an scéal ar aghaidh níos tapa ná haon rás carranna, léimeann an scéal níos airde ná haon léimneoir cuaille agus tá dhá oiread grá sa scéal agus a bheadh ag aon Fhrancach agus Diarmaid agus Gráinne ag déanamh iarracht a bheith céim chun tosaigh ar Fhionn agus na Fianna! Beidh fotheidil Bhéarla le gach léiriú agus amharcíomhánna cumhachtacha a n-úsáid le linn an dráma.

Tá foireann cumasach de sheisear sa chliar, Gráinne Bleasdale, Méabh Ní Chualáin, Kate Finegan, Liz Fitzgibbon, Fionnuala Gygax, agus Seán T. Ó Meallaigh. Áirítear an scríbhneoir Philip Doherty agus an dearthóir seit Sabine Dargent a bhfuil iliomad gradaim buaite acu i measc an fhoireann chruthaitheach. Léiriú thar a bheith fisiciúil é ‘Tóraíocht’ le hathruithe sciobtha, fearais ollmhóra, maisc agus dreas damhsa aeróige álainn a bhainfeadh an anáil díot. Tá seisear aisteoirí a léiríonn breis agus tríocha carachtar sa dráma, trí athrú isteach agus amach as maisc. Tá neart grinn sa chaint agus le linn an dráma, le radharc an-bheoga, mothúchánach ag an deireadh.

Cuirfidh Fíbín tús le camchuairt ‘Tóraíocht’ sa Town Hall Theatre i nGaillimh ar 9 Aibreán le léiriú speisialta do scoileanna ar 10 Aibreán. Tabharfaidh an chamchuairt a haghaidh ó dheas go dtí an Everyman i gCorcaigh ar 13 Aibreán agus as sin go dtí an Draíocht i mBaile Bhlainséir ar an 17 & 18 Aibreán. Críochnóidh an chamchuairt suas sa VISUAL i gCeatharlach ar 26 Aibreán. Beidh léirithe speisialta do scoileanna le linn an lae i ngach ionad agus an dráma oiriúnach do gach duine os cionn 12 bliain d’aois. Beidh pacáiste réamh-rannpháirtíochta ag dul amach ag na scoileanna uile a chuireann ticéid in áirithe chun go mbainfidh daltaí oiread taitnimh agus is féidir as an seó. Beidh cur síos anseo ar theicnící amharclannaíochta, soilsiú, dearadh seit srl.  Tá ticéid ar fáil anois ó gach ionad agus gach eolas faoi áirithintí ar www.fibin.com

Is annamh a fhaigheann comhlacht Gaeltachta an deis dul ar camchuairt náisiúnta agus tá muid ar bís go bhfuair Fíbín tacaíocht ón gComhairle Ealaíon. Tá Fíbín ar an gcomhlacht drámaíochta Gaeilge is mó agus is gníomhaí in Éirinn agus léirithe Fíbín feicthe ag breis agus 150,000 duine anseo agus thar lear le cúig bliana déag anuas. Fuair ‘Tóraíocht’ maoiniú ón gComhairle Ealaíon, Ealaín na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus RTÉ Supporting the Arts.