The Connacht Hotel – Buaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

“Tá ríméad orainn Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018 a bhuachan, is mór an rud é an gradam seo ag ár bhfoireann de bharr go bhfuil muid ag obair i dtreo gnó dátheangach le 4 bliana anuas. Agus an gradam iomlán bainte againn i mbliana, tugann sé aitheantas don díograis agus don tiomantas atá againn i leith na Gaeilge agus i leith chur chun na Gaillimhe agus í mar chathair dhátheangach na hÉireann.

Tá fás mór millteach tagtha ar an Connacht Hospitality Group le bliain anuas, agus is cúis mhór bróid dúinn go bhfuil 7 ngnó anois againn atá ag úsáid na Gaeilge, agus go leor ball foirne atá sásta agus bródúil an Ghaeilge a labhairt ar an láthair oibre. Is cuid dár straitéis mhargaíochta agus dhigiteach í an Ghaeilge, agus tá breis agus 300K leantóir ag an ngrúpa, mar sin bíonn tionchar mór aige. Is breá linn a bheith ag cuma feachtais bharúla físe chun an teanga a chur chun cinn, cosúil leis an gceann a rinne muid le deireanaí le Hector agus Bundi Aki nó an físeán dár mball foirne as Ceanada ag fáil ceachtanna Gaeilge ar Shráid na Siopaí ó mhuintir na háite, duine cáiliúil ina measc! Is féidir breathnú orthu seo ar fad ar leathanach YouTube an Connacht Hotel. Tugann muid an teanga isteach i suíomhanna meán sóisialta le smaointe eile ar nós #AgFanachtSaChonnacht freisin.

I mbliana chuir muid tús le rannóg nua Gaeilge sa Leabharlann atá againn san fháiltiú, le teacht lenár Leabharlann Léitheoireachta Gaeilge sa Friendly Fellows Kids Club. Dhear muid suaitheantais mhórtais do gach gnó le húsáid ina gcuid fógraíochta le rá go bhfuil muid ag tacú le Gaillimh mar chathair dhátheangach, agus tá múrmhaisiú álainn againn san fhorhalla le fáilte a chur roimh aíonna, ara bhfuil scríofa “Bíonn siúlach scéalach; he who travels has many tales.” Tagann sé seo go deas leis an gcaoi a bhfuil Gaeilge tugtha isteach againn ar ár gcomharthaí fáilte, ar ár mbiachláir, ar na bileoga eolais sna seomraí agus ar leabhráin an óstáin i measc go leor eile.

Tá muid ag tnúth go mór le leanúint ar aghaidh leis an gcomhoibriú le Gaillimh le Gaeilge, agus is cinnte nach bhfuil ceann scríbe bainte amach againn fós: tá go leor le déanamh againn i gcónaí agus de réir mar a fhorbrófar cúrsaí margaíochta, forbróidh muide an úsáid a bhaineann muid as an nGaeilge mar chuid de. Tá sé i gceist againn go mbeidh an Ghaeilge le feiceáil ar ár suíomh gréasáin taobh istigh de roinnt seachtainí agus tá muid ag súil leis an gcaidreamh atá againn le foireann iontach Ghaillimh le Gaeilge, a chuireann tacaíochtaí ríthábhachtacha ar fáil dúinn, a chothú! Go raibh míle maith agaibh!”

Emma Dillon-Leetch, The Connacht Hotel, Bainisteoir Margaíochta