DEIS Meitheamh 2018

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter
gailliamh le gaeilge

Na Scéalta is déanaí ó Ghaillimh le Gaeilge.

Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018

Bhí ceann de na hóstáin is mó in Iarthar na hÉireann – The Connacht Hotel– ainmnithe mar Threibh Nua na Gaillimhe don bhliain 2018. D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Pobail, Acmhainní Nádúrtha agus Forbairt Dhigiteach, Seán Kyne, TD, gurb é an t-óstán a bhuaigh príomhghradam an dátheangachais do ghnólachtaí na Gaillimhe – Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh – ag searmanas speisialta an Ghradaim in Óstán Bhóthar na Trá tráthnóna Déardaoin, an 24 Bealtaine. Is iad na buaiteoirí eile ar an oíche ná:

I mbliana, roghnaigh na Moltóirí dhá ghnó do Bhronnadh Speisialta na MoltóiríJudy Greene Pottery a rinne urraíocht ar an duais seo, agus is ar an Corrib Shopping Centre agus Big O Taxis a bronnadh é. Ina theannta sin, bhronn na Moltóirí Scoláireacht Ollscoile, urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar ghnó atá ag déanamh iarracht faoi leith chun úsáid na Gaeilge a fhorbairt ina ngnó. Bronnadh an scoláireacht seo ar Colm’s Life Pharmacy.

 

Seo chugaibh físeán de Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018 chun blaiseadh a fháil den ócáid:

 

 

Buaiteoirí na gCatagóirí; Caroline Gannon, iSupply (‘Comhlachtaí Eile’ urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh), Emma Dillon-Leetch, The Connacht Hotel (‘Turasóireacht agus Fáilteachas’ urraithe ag Fáilte Éireann agus buaiteoir iomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018), Mícheál Ó Scanláin, Sweeney Oil (‘Seirbhísí’ urraithe ag Snap Galway) agus Sarah Ní Chionnaith Siopa Leabhar Uí Chionnaith, (‘Miondíol’ urraithe ag Galway Bay FM) Gaillimh.

 

Bronnadh Speisialta na Moltóirí: Seosamh Ó hAllmhuráin, Seán Ó Méalóid, Big O Taxis, Judy Greene, Judy Greene Pottery (urra an Ghradaim) Conor Dalton, Corrib Shopping Centre agus Bernadette Mullarkey, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge.

 

Seán Kyne TD, Aire Stáit do Ghnóthaí Pobail, Acmhainní Nádúrtha agus Forbairt Dhigiteach a bhronn Scolaireacht Ollscoile urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar Colm Kennelly, Colm’s Life Pharmacy, Bóthar na Trá le Treasa Uí Lorcáin, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

 

Roinnt d’Urraí an Ghradaim 2018: Trevor Ó Clochartaigh, TG4, Judy Ní Dhubháin, Údarás an Gaeltachta, David Hickey, Uachtarán Chumann Tráchtála na Gaillimhe, Anne Melia, Fáilte Ireland, Treasa Uí Lorcáin, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Loretta Ní Ghabháin, Lorg Media, Keith Finnegan, Galway Bay FM agus Bernadette Mullarkey, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge.

 

David Hickey, Uachtarán Chumann Tráchtála na Gaillimhe, Bernadette Mullarkey, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Méara Chathair na Gaillimhe, An Comhairleoir Pearce Flannery, Seán Kyne TD, Aire Stáit do Ghnóthaí Pobail, Acmhainní Nádúrtha agus Forbairt Dhigiteach, agus An tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

 

Míle buíochas do na hUrraí

Príomhurra an Ghradaim

 

 

Urra an Ghradaim

 

Urraí na gCatagóirí

Miondíol

Seirbhísí

 

Fáilteachas & Turasóireacht

Comhlachtaí Eile

Urraí Tacaíochta an Ghradaim


Duais Aitheantais Pheadair Uí Fhlatharta bronnta don chéad uair ar..

Bhronn an tAire Stáit do Ghnóthaí Pobail, Acmhainní Nádúrtha agus Forbairt Dhigiteach, Seán Kyne, TD, Duais Aitheantais Pheadair Uí Fhlatharta ar Bhernie Ó Conaill, os comhair a mhuintire, a chairde agus a chomhghleacaithe ag Bronnadh Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018. Bhuanaigh Gaillimh le Gaeilge Duais Aitheantais Pheadair Uí Fhlatharta  i gcomhpháirtíocht le ‘Fiontar & Scoil na Gaeilge’, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Chliath.  Tá sé i gcuimhne an  Dr Peadar Ó Flatharta, an chéad chathaoirleach agus ball bunaithe Ghaillimh le Gaeilge.


Gnó Breise le hÚsáid na Gaeilge sa Samhradh

Bíonn go leor ag tarlú i gcónaí sa samhradh i gcathair na Gaillimhe agus aimsir na bhféilte faoi lán seoil! Tugaimis rud éigin speisialta don slua mór cuairteoirí a thagann go Gaillimh le go gcuimhneoidh siad ar an bhfáilte mhór chroíúil a cuireadh rompu i nGaillimh.

Tá Gaillimh le Gaeilge ag glaoch ar GHAILLIMH an Ghaeilge a úsáid. Is féidir leat í a úsáid ar Chomharthaí/ ar Bhiachláir/ i Margaíocht/ i bhFoilsiúcháin. Mar sin, má bhíonn tú ag déanamh aon athruithe i do ghnó, déan teagmháil linn le do thoil chun aistriúcháin a fháil agus moltaí ar na bealaí is fearr an Ghaeilge a chur in oiriúint DUITSE agus tá sé SAOR IN AISCE!

Déan teagmháil linn le do thoil ag 091 568876 nó eolas@gleg.ie.

Tá roinnt moltaí le fáil anseo.

 

 


Comhghairdeas le Méara Nua Chathair na Gaillimhe

Comhghairdeas ó chroí le Méara nua Chathair na Gaillimhe – an Comhairleoir Níall McNelis as a bheith tofa mar Mhéara i gComhairle Cathrach na Gaillimhe le déanaí.

Gach rath sa bhliain atá amach romhat.


Féile Idirnaisiúnta Ealaíon na Gaillimhe – BAOITE sa Taibhdhearc

Scéal cumhachtach, comhaimseartha é BAOITE faoi lánúin iascaireachta a bristear ó chéile de bharr ciúnas agus bréaga an phobail agus iad sáite in agóid in aghaidh comhlachta fraiceála mara. Scalann an scéinséir dramatúil seo solas lom géar ar shícé tuaithe na hÉireann – sícé an chiúnais, sícé an náire agus sícé na mbréag, trí shúile an phríomhcharachtair, Cáit.

Tá Cáit ag iarraidh gasúir. Agus a tríú hiarracht ar IVF ag teip, tá cinneadh tromchúiseach le tógáil aici – seasamh lena pobal agus iad ag cur in aghaidh na fraiceála – nó loic ar a muintir agus a comharsainn ar mhaithe le mian a croí féin.

Tá scoth na n-aisteoirí páirteach sa dráma seo: Siobhan O’Kelly, Macdara Ó Fátharta, Diarmuid De Faoite, agus Seán T. Ó Meallaigh, le ceol nua-chumtha á chasadh beo ag Saileog Ní Cheannabháin agus Maitiú Ó Casaide. Is é an tEalaíontóir Seán Ó Flaithearta atá i mbun dearaidh agus is é an t-údar Darach Mac Con Iomaire atá i mbun léirithe.

Beidh tóir mhór ar na ticéid don dráma seo agus moltar don phobal ar spéis leo BAOITE a fheiceáil a gcuid ticéad a chur in áirithe go luath trí ghlaoch ar An Taibhdhearc ag 091 562024 nó ar líne ag www.antaibhdhearc.com.

  “..Ná habair tusa focal – ach coinnigh agat féin é, ní fhaca tú tada – is níl milleán ar éinne…”

Ticéid €25/€20 Áirithintí 091 562024

www.antaibhdhearc.com

https://www.giaf.ie/events/baoite-bait

 


Cairde Ghaillimh le Gaeilge. 

Dlúthchara

Comharcreidmheasa Naomh Aontoine agus an Cladach Teo.

The Connacht Hotel

Cara Maith

Bácús Uí Ghríofa

Galway Bay Hotel

Jurys Inn Galway

iSupply

Cara

Cupán Tae

Holland’s Newsagent

ICE Group Ltd.

Medtronic

 


Dlúthchairde Ghaillimh le Gaeilge

 

 


Faigheann Gaillimh le Gaeilge maoiniú ón gCrannchur Náisiúnta tríd an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ó Chairde Ghaillimh le Gaeilge i gcomhar le Cumann Tráchtála na Gaillimhe