DEIS Iúil 2018

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter
gailliamh le gaeilge

Na Scéalta is déanaí

Tráthnóna Álainn Grianmhar ag Fulacht Fia 2018

Bhain Cairde agus Stiúrthóirí Ghaillimh le Gaeilge ardtaitneamh as tráthnóna álainn ceoil agus bia ag an bhFulacht Fia bliantúil a reáchtáladh sa Galmont Hotel & Spa, Bóthar Loch an tSáile, Gaillimh. Is iad Cairde Ghaillimh le Gaeilge Ollmhargaí na Seoighe, Gaillimh, an Comhlacht Tógála Stewart agus Sweeney Oil a rinne urraíocht fhlaithiúil ar an bhFulacht Fia. Míle buíochas leo ar fad. Ag an ócáid, chuir Bernadette Mullarkey, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, fáilte mhór chroíúil roimh Mhéara nua-thofa Chathair na Gaillimhe, an Clr Níall McNelis. Cuireann an Fulacht Fia críoch oifigiúil le himeachtaí sóisialta/líonraithe Ghaillimh le Gaeilge go dtí mí Mheán Fómhair agus tugann sé deis don eagraíocht buíochas a ghabháil lena cuid Cairde ar fad agus leo siúd a thacaíonn leis an eagraíocht.

 

John Sweeney, Sweeney Oil, (Urra an Fhulachta Fia), Seán Stewart, An Comhlacht Tógála Stewart, (Urra an Fhulachta Fia), Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir, Níall McNelis, Bernadette Mullarkey, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, David Hickey, Uachtarán Chumann Tráchtála na Gaillimhe, Pat Joyce, Joyce’s Supermarkets (Urra an Fhulachta Fia) agus an Dr Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge, An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag Fulacht Fia Chairde Ghaillimh le Gaeilge a bhí ar siúl in Óstán an Galmont.

Mick Crehan, The Crane Bar, Maeve Joyce-Crehan, Bainisteoir Chumann Tráchtála na Gaillimhe, Éamon Ó Cuív TD agus Seán Ó Leidhinn, An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, ag Fulacht Fia Chairde Ghaillimh le Gaeilge a bhí ar siúl in Óstán an Galmont.

Declan Varley, Grúpeagarthóir Galway Advertiser, Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir, Níall McNelis, Bernadette Prendergast, Galway Bay FM agus Giselle Varley, ag Fulacht Fia Chairde Ghaillimh le Gaeilge a bhí ar siúl in Óstán an Galmont

Anne Hession, Craughwell, Caroline McNeill, Dúchas na Gaillimhe, An Comhairleoir Dónal Lyons, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Bernadette Mullarkey, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge agus Ailbhe Lyons, Cnoc na Cathrach ag Fulacht Fia Chairde Ghaillimh le Gaeilge a bhí ar siúl in Óstán an Galmont.

 


Samhradh le Gaeilge!

Bíonn go leor ag tarlú i gcónaí sa samhradh i gcathair na Gaillimhe agus aimsir na bhféilte faoi lán seoil! Tugaimis rud éigin speisialta don slua mór cuairteoirí a thagann go Gaillimh le go gcuimhneoidh siad ar an bhfáilte mhór chroíúil a cuireadh rompu i nGaillimh.
Mar sin, má bhíonn tú ag déanamh aon athruithe i do ghnó, déan teagmháil linn le do thoil chun aistriúcháin a fháil agus moltaí ar na bealaí is fearr an Ghaeilge a chur in oiriúint DUITSE agus tá sé SAOR IN AISCE. Gné speisialta agus uathúil í úsáid na Gaeilge i nGaillimh – Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020.

RÁSAÍ NA GAILLIMHE
Agus ceann de na féilte rásaíochta is mó sa domhain linn an tseachtain seo, is deis iontach í leis an nGaeilge a shní isteach ar chomharthaíocht, i margaíocht, ar fhógraíocht agus ar bhiachláir a bheas á bhforbairt do Rásaí na Gaillimhe.

 

GAILLIMH ABÚ!

Tacaigh le foirne Peile agus Iománaíochta, Peil na mBan agus Camógaíochta na Gaillimhe trí ‘Gaillimh Abú!’a chur in airde nó an hashchlib #GaillimhAbú a úsáid.


Eolaire Gnó Ghaillimh le Gaeilge

Táimid ag uasdátú Eolaire Gnó Ghaillimh le Gaeilge a bheas le fáil ar www.gleg.ie agus á chur in oiriúint don Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR). Is éard atá san Eolaire Gnó ná liosta de dhaoine i gCathair na Gaillimhe atá in ann seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil. Más mian leat páirt a ghlacadh sa togra seo, ba bhreá linn cloisteáil uait! Is bealach iontach é seo cur le do ghnó agus buntáiste breise a aimsiú do do ghnó de bharr go bhfuil do ghnó/eagraíocht ag cur seirbhís ar fáil trí Ghaeilge! Déan teagmháil linn le do thoil ag 091 568876 nó eolas@gleg.ie.


Tá Rásaí na Gaillimhe linn!

Tá Gaillimh le Gaeilge ag glaoch ar GHAILLIMH an Ghaeilge a úsáid i rith na féile.  Is féidir leat í a úsáid ar Chomharthaí/ ar Bhiachláir/ i Margaíocht/ i bhFoilsiúcháin/ nó i dTáirgí atá forbartha do Rásaí na Gaillimhe. Déan teagmháil linn le do thoil ag 091 568876 nó eolas@gleg.ie.

Fáilte chuig Rásaí na Gaillimhe  ~ Welcome to the Galway Races

Bain sult as Rásaí na Gaillimhe ~ Enjoy the Galway Races 

Bain sult as an gcraic ~ Enjoy the craic

Lá na mBan ~ Ladies Day

Spraoi agus Spleodar ag Rásaí na Gaillimhe 

Enjoyment and fun at the Galway Races

Bí linn ag Rásaí na Gaillimhe ~ Join us at the Galway Races

An Fhéile Rásaíochta is cáiliúla sa tír!

The most popular Racing Festival in the country!

Táim ag na Rásaí               I am at the races                

Capall  breá                         Great horse                                                       

Jacaí breá                            Great jockey                        

Aon mholtaí?                      Any tips?                

Cuir geall                             Put on a bet         

Gach bealach                      Each way

Gliogáil ANSEO le haghaidh téarmaí breise.


 

Dlúthchairde Ghaillimh le Gaeilge

 


Faigheann Gaillimh le Gaeilge maoiniú ón gCrannchur Náisiúnta tríd an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ó Chairde Ghaillimh le Gaeilge i gcomhar le Cumann Tráchtála na Gaillimhe