DEIS Deireadh Fómhair 2018

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter
gailliamh le gaeilge

Na Scéalta is déanaí.

Dialann Ghaillimh le Gaeilge – Buíochas lenár bhFógróirí

Tá na hullmhúcháin do Dhialann Ghaillimh le Gaeilge 2019 faoi lánseol. Tá ár nDialann maoinithe go hiomlán ag fógraí ó na comhlachtaí agus ó na heagraíochtaí seo a leanas. Scaipfear an Dialann ag tús mhí na Nollag. Seo a leanas liosta de na fógróirí ar fad atá againn i mbliana. Go raibh míle maith agaibh go léir:


An Ghaeilge sa Ghnó

Leis an Nollaig ag teannadh linn, ná déan dearmad beannachtaí Nollag i nGaeilge nó go dhátheangach a úsáid ar bhróisiúir, ar bhiachláir, i ríomhphoist agus i maisiúcháin. Is féidir an Ghaeilge a shní isteach go héasca i do ghnó chun custaiméirí a mhealladh isteach agus gnó a dhéanamh le Gaeilgeoirí a bheidh ag  siopadóireacht i rith na Nollag.

Trí úsáid na Gaeilge a thabhairt isteach i do ghnó, is féidir leat cur lena luach agus gnó a mhealladh ar bhealach simplí agus éifeachtach ó thaobh costais de. Níl aon ghá go mbeadh Gaeilge líofa agat chun an Ghaeilge a úsáid i do ghnó, tá Gaillimh le Gaeilge anseo chun cabhrú leat! Tá frásaí chun cabhrú leat ar fáil anseo.

Cuimhnigh freisin, nach mbíonn sé riamh róluath duit ullmhú do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2019!


Oíche Shamhna Shona oraibh go léir!

Beidh Oíche Shamhna á ceiliúradh againn go luath agus mar sin bheartaigh muid cúpla frása a chur ar fáil duit  le húsáid. Ná bíodh aon drogall ort teagmháil a dhéanamh le eolas@gleg.ie nó glaoch a chur ar +353 (91)  568876  chun aistriúchán a fháil ar aon théarmaí eile a bheadh de dhíth ort.

Oíche Shamhna Shona – Happy Halloween

Oíche Shamhna – Halloween

Bain sult as Oíche Shamhna Enjoy Halloween

Taibhse – Ghost

Fia-Chailleach – Witch

Damhán Alla – Spider

Cnámharlach – Skeleton

Culaith Bhréige – Fancy Dress

Scéal Taibhsí – Ghost Story

Bairín Breac – Barm Brack

Puimcín – Pumpkin

Bob nó Bia – Trick or Treat

Tabhair féirín dom, nó buailfidh mé bob ort! 

Give me a gift, or I’ll play a prank on you!

Úlla – Apples

Cnónna – Nuts


Lón Gnó mhí Dheireadh Fómhair

Beidh lón gnó mhí Dheireadh Fómhair ar siúl i mBialann Kirbys of Cross Street, An tSráid Trasna, Gaillimh, Dé Céadaoin, 24 Deireadh Fómhair 2018 ó 1.00i.n.-2.00i.n.

Is ócáid neamhfhoirmeálta í seo agus tá míle fáilte roimh dhaoine le gach caighdeán Gaeilge. Tabharfaidh sé deis iontach duit do chuid Gaeilge a fheabhsú in atmaisféar cairdiúil agus neamhfhoirmeálta.


Pacáiste Bainise ‘Ceol & Craic’ ag Óstán an Clayton, Gaillimh

Tá Óstán an Clayton – Gaillimh a bhfuil gradaim go leor bainte amach aige, tar éis mioneolas a eisiúint go hoifigiúil faoin ‘Pacáiste Bainise Craic agus Ceol’ le téama Gaelach atá nua agus eisceachtúil.

Tá an t-eolas ar fad faoin bPacáiste Bainise Craic agus Ceol in Óstán an Clayton – Gaillimh  le fáil ach teagmháil a dhéanamh le Karina Duffy ar  091 721900, nó r-phost a sheoladh chuig kduffy@claytonhotels.com nó téigh chuig an suíomh claytonhotelgalway.ie. 

 


An Taibhdhearc – 90 Bliain ar an bhfód.         

Tá Taibhdhearc na Gaillimhe  ag ceiliúradh 90 bliain in 2018. Chun an ócáid iontach seo a chomóradh, beidh An Taibhdhearc ag léiriú ceol agus sleachta amharclannaíochta ó repertoire na hamharclainne ar an 26, 27 Deireadh Fómhar 2018. Chun bheith páirteach nó le haghaidh tuilleadh eolais, is féidir teagmháil a dhéanamh leo trí eolas@antaibhdhearc.com / 091-562024. Tuilleadh eolais ag www.antaibhdhearc.com

 


Gradaim an Chumainn Tráchtála

Tá Gradaim Chumann Tráchtála na Gaillimhe – Imeall an Iarthair, Uaillmhian Dhomhanda seolta agus oscailte d’ainmniúchán. Dáta deiridh d’iontrálacha ná; Dé hAoine, 26 Deireadh Fómhair 2018.

Tuilleadh eolais ar fáil anseo – https://www.galwaychamber.com/galway-chamber-business-awards-2018-entry-form/

 


Fógra – Urra Fhulacht Fia Chairde Ghaillimh le Gaeilge


Dlúthchairde Ghaillimh le Gaeilge

 

 


Faigheann Gaillimh le Gaeilge maoiniú ón gCrannchur Náisiúnta tríd an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ó Chairde Ghaillimh le Gaeilge i gcomhar le Cumann Tráchtála na Gaillimhe