Gairm dheiridh ar ainmniúcháin do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2019

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Is í an Aoine seo, an 22 Feabhra, an spriocdháta d’ainmniúcháin do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh – Gradam Gnó Dátheangach na Gaillimhe. Tá iontráil saor in aisce agus níl le déanamh agat ach an fhoirm iarratais, atá ar fáil ar líne ag www.gleg.ie, a chomhlánú nó foirm a bhailiú ó oifig Ghaillimh le Gaeilge ar Shráid Thobar an Iarla.

Tá an Gradam oscailte do chomhlachtaí/d’eagraíochtaí atá cláraithe agus atá i mbun gnó i gCathair na Gaillimhe agus nach a bhfuil ag plé go príomha le cur chun cinn na Gaeilge nó ag feidhmiú faoi choinníollacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Ní gá duit a bheith líofa sa Ghaeilge chun páirt a ghlacadh sa Ghradam clúiteach seo mar go mbeidh foireann Ghaillimh le Gaeilge ann le tacú leat ag gach céim den phróiseas chun an Ghaeilge a thabhairt isteach i do ghnó. Is féidir le gnónna agus le heagraíochtaí cur isteach ar cheann de na ceithre chatagóir seo a leanas: Miondíol, Fáilteachas agus Turasóireacht, Seirbhísí agus Comhlachtaí Eile. Roghnófar buaiteoir amháin i ngach catagóir agus roghnófar ceann acu sin mar bhuaiteoir iomlán an ghradaim.

Molann Emma Dillon-Leetch, Bainisteoir Díolachán agus Margaíochta Óstán Chonnacht a bhuaigh Gradam 2018, do ghnónna agus d’eagraíochtaí cur isteach air. Deir sí:

“Tá go leor deiseanna nua faighte ag Óstán Chonnacht ó bhuaigh muid an Gradam ó thaobh na margaíochta dhe agus is cinnte gur chuidigh sé linn seasamh amach ón slua. Mar gheall ar an tacaíocht a fuair muid ó Ghaillimh le Gaeilge, bhí muid in ann an Ghaeilge a thabhairt isteach mar chuid lárnach de shaol an óstáin agus tá muid thar a bheith bródúil as an méid sin. Mholfaimid go mór do ghnó ar bith cur isteach air!”

Deir Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey:

“Is í an teachtaireacht atá againn do ghnó nó d’eagraíocht ar bith atá ag smaoineamh cur isteach air i mbliana – Bliain Idirnáisiúnta na dTeangacha Dúchasacha UNESCO – ná,  téigh ar aghaidh agus tabhair faoi! Tá breis agus dhá mhí fágtha le hullmhú don Ghradam mar nach mbeifear i mbun moltóireachta go dtí lár mhí Aibreáin, neart  ama mar sin chun gnó dátheangach a chruthú agus san am céanna, tú ag treisiú agus ag cur go mór le branda cultúrtha dátheangach na Gaillimhe.”

D’fhógair Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Níall McNelis, urraí an Ghradaim don bhliain seo  agus é ag caint le gairid ag seoladh oifigiúil an Ghradaim. Is é an nuachtán is mó léimh air i nGaillimh, an Galway Advertiser, príomhurraitheoir an Ghradaim arís i mbliana. Tá TG4, an stáisiún teilifíse a thugann ‘Súil Eile’ ar an saol agus atá lonnaithe i gceartlár na Gaeltachta ag déanamh urraíochta ar an mbuaiteoir iomlán arís i mbliana chomh maith.

Tá ríméad ar Ghaillimh le Gaeilge a bheith ag obair le hurra nua i mbliana, is é sin MOLSCÉAL. Forbartha ag ag TG4, is é MOLSCÉAL, an chéad aip riamh a chuireann ábhar físeáin gearrfhoirme ar fáil in aon áit amháin do phobal na Gaeilge. Beidh Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh le feiceáil ar an aip sna míonna amach romhainn.

Is iad seo a leanas urraí na gcatagóirí: Galway Bay FM, Fáilte Ireland, Snap Galway agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Beidh Údarás na Gaeltachta agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe ag tabhairt urraíochta don bhuaiteoir iomlán chomh maith. Tá luach os cionn €23,000 ar na duaiseanna fiúntacha agus ar na buntáistí iontacha do na buaiteoirí mar aon le poiblíocht shuntasach sna meáin chumarsáide agus ar na meáin shóisialta.

Ainmníodh Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh i gcuimhne ar Sheosamh Ó hÓgartaigh, nach maireann, ball bunaithe agus rúnaí cuideachta Ghaillimh le Gaeilge. Is í Gaillimh le Gaeilge a eagraíonn an Gradam i gcomhar leis an Galway Advertiser agus le tacaíocht ó TG4 agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe. Tá an Gradam á reáchtáil anois le 17 mbliana anuas, agus déanann sé ceiliúradh ar chomhlachtaí agus ar eagraíochtaí i gcathair na Gaillimhe a bhaineann úsáid as an nGaeilge ina ngnó laethúil.

Fógróidh Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Níall McNelis, Gearrliosta an Ghradaim ag 12 meán lae, Dé Máirt an 16 Aibreán. Fógrófar buaiteoirí na gcatagóirí agus an buaiteoir iomlán ag ócáid bhronnta i mí Bealtaine.

Ag súil le cloisteáil uaibh! Brúigh anseo le cur isteach ar an nGradam ar líne.