Seolfaidh Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh go hoifigiúil agus fógróidh sé Urraitheoirí an Ghradaim don bhliain seo romhainn.

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Tá áthas ar Ghaillimh le Gaeilge a fhógairt go bhfuil Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, le haghaidh ghnólachtaí dátheangacha na Gaillimhe, oscailte anois le haghaidh ainmniúchán. Is iad Gaillimh le Gaeilge, i gcomhpháirtíocht leis an Galway Advertiser, agus le tacaíocht ó TG4 agus ó Chumann Tráchtála na Gaillimhe, a reáchtálann Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh – an gradam dá shórt is faide atá ar an bhfód in Éirinn. Tá an Gradam ainmnithe i gcuimhne ar Sheosamh Ó hÓgartaigh, nach maireann – duine de bhunaitheoirí Ghaillimh le Gaeilge agus a bhí ina rúnaí cuideachta tráth ar Ghaillimh le Gaeilge.

Seolfaidh Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, an Gradam go hoifigiúil ag preasócáid san Aula Maxima, OÉ Gaillimh Dé Máirt, 28 Eanáir 2020. Ag an ócáid sin freisin fógróidh an tUachtarán urraitheoirí Ghradam 2020, lena n-áirítear urraitheoir nua don bhliain seo romhainn.

Is ceiliúradh é an Gradam ar an nGaeilge i gCathair Dhátheangach na hÉireann agus cuirtear fáilte roimh ainmniúcháin ó gach earnáil agus gnó. Le 18 mbliana anuas, tá an Gradam tar éis deiseanna a chruthú agus a fhorbairt le go mbeadh rath ar an nGaeilge i gcathair na Gaillimhe. I gcaitheamh na mblianta fuarthas ainmniúcháin ó ghnólachtaí ilnáisiúnta, eagraíochtaí spóirt agus ealaíon, trádálaithe aonair, óstáin, siopalanna, bialanna, gnólachtaí ola agus go leor eile nach iad – iad go léir den tuairim go bhfuil dlúthbhaint ag an nGaeilge lena ngnó agus bród orthu go bhfuil a gcion féin á dhéanamh acu ar son stádas dátheangach na Gaillimhe.

Seoladh Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh den chéad uair in 2002. Tugadh dhá chatagóir isteach in 2006 agus ansin ceithre chatagóir in 2012: Miondíol, Fáilteachas agus Turasóireacht, Seirbhísí agus Comhlachtaí Eile. Tá méadú tagtha ar luach na nduaiseanna freisin i gcaitheamh na mblianta agus breis is €25,000 i gceist i mbliana.

Deir Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey, “tá an rath atá ar an nGradam ag brath ar an tacaíocht a fhaigheann sé ó urraitheoirí áitiúla agus náisiúnta, go háirithe príomhurraitheoir an Ghradaim – The Galway Advertiser.  Beidh Gradam 2020 an-speisialta go deo mar gurb í Gaillimh Príomhchathair Chultúir na hEorpa i mbliana agus tá súil againn go spreagfaidh sé seo tuilleadh gnólachtaí fós le páirt a ghlacadh ann,” a dúirt sí.

Tá sceideal á ullmhú faoi láthair ag Gaillimh le Gaeilge agus ba bhreá leo bualadh le gnólachtaí agus le heagraíochtaí ar spéis leo an Ghaeilge a úsáid chun gnó dátheangach a chruthú.  Ní gá duit a bheith i do chainteoir líofa chun páirt a ghlacadh óir cabhróidh Gaillimh le Gaeilge leat i rith an ama ar fad. Beidh an tseirbhís ‘Gaeilge sa Ghnó’ ar fáil uathu duit saor in aisce. Is pacáiste saincheaptha iomlán í an tseirbhís seo ina dtreoraítear thú tríd an bpróiseas chun do ghnó a chur in oiriúint don dátheangachas. Eagróidh foireann Ghaillimh le Gaeilge cruinniú leat agus féachfaidh siad go grinn ar do ghnólachtsa ó thaobh íomhá agus feiceálachta de – comharthaíocht, ábhar margaíochta, meáin shóisialta, fógraíocht etc. Scrúdóidh siad féidearthachtaí éagsúla maidir le húsáid na Gaeilge i do ghnólacht nó d’eagraíocht. Tá 3 mhí agat chun iarratas a ullmhú óir beidh an mholtóireacht ar siúl i mí Aibreáin.

Glacfar le hiarratais don Ghradam go dtí Dé hAoine, 21 Feabhra 2020.  Gliogáil ANSEO chun iarratas a dhéanamh ar líne nó cuir glaoch ar 091 568876. Is féidir leat do ghnólacht nó d’eagraíocht féin a ainmniú nó gnólacht/eagraíocht eile atá lonnaithe i gCathair na Gaillimhe a ainmniú. Chun an t-eolas is deireanaí a fháil ar an nGradam lean Gaillimh le Gaeilge ar Facebook, Twitter agus Instagram.