Fógraíonn Gaillimh le Gaeilge an líon is mó iarrthóirí nua do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2020

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Chuir 27 gnólacht agus eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar raon leathan earnálacha a n-ainmneacha chun cinn do Ghradam gnó dátheangach na Gaillimhe – Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2020. Eagraíonn Gaillimh le Gaeilge an gradam i gcomhar leis an Galway Advertiser agus TG4 le tacaíocht ó Chumann Tráchtála na Gaillimhe. Is iontrálacha nua 19 as na 27 iontráil do 2020 agus tá 8 gcinn ag cur isteach arís air.

I measc na gcomhlachtaí atá in iomaíocht lena chéile le bheith mar Threibh Nua na Gaillimhe tá;  búitíc brídeoige, an séipéal paróiste meánaoiseach is mó in Éirinn, seirbhís chóiste gan stad ó Ghaillimh go Baile Átha Cliath, féile ealaíon idirnáisiúnta do pháistí, chomh maith le hóstáin agus tithe ósta ardcháilithe na Gaillimhe agus iad ar fad san iomaíocht le bheith ainmnithe mar Threibh Nua na Gaillimhe!

Ag labhairt dí faoi Ghradam 2020, dúirt Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey:

“Tá an-riméad orainn as na hiontrálcha ar Ghradam na bliana seo, ní hamháin mar gheall ar an líon ollmhór, ach freisin mar gheall ar an éagsúlacht a bhaineann leo. Fáiltimid roimh ghnólachtaí nua agus roimh ghnólachtaí seanbhunaithe chuig an nGradaim agus molaimid iad as an nGaeilge a úsáid mar ghné thábhachtach dá bpleananna gnó. Tá cinneadh déanta againn sceideal  Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh a bhogadh chun cinn go dtí an Fhómhar. Is é seo an cur chuige is cuí agus is éifeachtaí chun go mbainfidh na gnólachtaí agus na heagraíochtaí go léir atá bainteach leis an nGradam an leas is fearr as an bpróiseas sna cúinsí neamhghnácha seo. Sna míonna amach romhainn, tá muid ag tnúth go mór le bheith ag obair leis an 27 gnólacht agus eagraíocht a chuir a n-ainmneacha ar aghaidh do Ghradam 2020.”

Miondíol: 

2 Wild Geese

Anchor Safety Ltd.

Belladonna Bridal

Corrib Shopping Centre

Siopa Leabhar Charlie Byrne

 

Turasóireacht & Fáilteachas:

Celtic Irish American Academy

Galway Greyhound Stadium

Ground & Co.

O’Reilly’s Bar & Kitchen

Salthill Hotel 

The Creamery Cafe

The Galmont Hotel & Spa

The Hardiman Hotel

The Kings Head

The Skeffington Arms

 

Seirbhísí:

Big O Taxis

FCC Chartered Accountants

Flynn O’Driscoll

Galway Bay Coffee

GoBus.ie

Morgan Creative

 

Comhlachtaí Eile:

Baboró International Arts Festival for Children

Bród na Gaillimhe

Galway Traditional Orchestra

Saint Nicholas Collegiate Church

What’s the Scór

WhatsWhere.ie