Gradam 2020 ag bogadh chun cinn

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Tá cinneadh déanta ag Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey, sceideal  Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh a bhogadh chun cinn go dtí an Fhómhar.

Is é seo an cur chuige is cuí agus is éifeachtaí chun go mbainfidh na gnólachtaí agus na heagraíochtaí go léir atá bainteach leis an nGradam an leas is fearr as an bpróiseas sna cúinsí neamhghnácha seo. Sna míonna amach romhainn, tá muid ag tnúth go mór le bheith ag obair leis an 27 gnólacht agus eagraíocht a chuir a n-ainmneacha ar aghaidh do Ghradam 2020.

#GradamGleG #BeidhLinn