Beirt chomhaltaí nua ainmnithe ar Bhord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Tá Mary Rodgers, Príomhfheidhmeannach Cheantar Nuálaíochta Chathair na Gaillimhe agus Maeve Joyce Crehan, Stiúrthóir, ar an Crane Bar, Gaillimh tagtha ar Bhord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge.  Is eagraíocht í Gaillimh le Gaeilge a oibríonn i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus grúpaí eile ag cur na Gaeilge chun cinn i gcathair na Gaillimhe.

Is í Mary Príomhfheidhmeannach Cheantar Nuálaíochta Chathair na Gaillimhe agus oibríonn sí le gnólachtaí nuathionscanta teicneolaíochta ar fud na Gaillimhe agus an Iarthair chun poist inbhuanaithe ardluacha a chruthú don réigiún.  Is as Inis Mór do mháthair Mary agus in ainneoin go bhfuil blianta fada caite aici sna Stáit Aontaithe, is í Inis Mór an áit is fearr le Mary ar dhroim an domhain, áit a n-éalaíonn sí chuici gach uile uair dá dtig léi. Cainteoir díograiseach Gaeilge, is breá le Mary an Ghaeilge a ionchorprú ina saol gnó agus sóisialta. Tá taithí mhaith agus líonra láidir aici, tá fuinneamh gan teorainn aici, agus tá grá ag Mary do gach rud GLEG (Gaillimh le Gaeilge).

Chaith Maeve Joyce Crehan  a saol gairmiúil ag feidhmiú i réimsí na cumarsáide, mar oideachasóir, iriseoir, feidhmeannach caidrimh phoiblí, agus bainisteoir ginearálta. Thug a cuid oibre le pobal gnó na Gaillimhe le fiche bliain anuas an-eolas di ar mhianta agus ar riachtanais na hearnála gnó, mar atá siad san am i láthair agus mar a bheidh siad amach anseo.

Mar chuid den fhoireann ag an Crane Bar, bíonn Gaillimh á cur chun cinn ag Maeve ar fud an domhain mar cheann scríbe uathúil ceoil, teanga agus cultúrtha. Tá sí ag tnúth le húsáid a bhaint as a cuid scileanna agus obair i gcomhar lena lucht aitheantais chun tacú le Gaillimh le Gaeilge agus a saothar a chur chun cinn.

 

 

Dúirt Bernadette Mullarkey, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, agus í ag cur fáilte roimh an mbeirt chomhaltaí nua ar an mBord:

Cuirim fáilte mhór roimh Mary Rodgers agus Maeve Joyce Crehan mar bhaill nua de Bhord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge. Tá taithí ábhartha agus na scileanna cuí acu beirt a chuirfidh  go mór leis an saineolas atá ar an mbord cheana féin. Táim ag tnúth go mór le bheith ag obair leis an mbeirt oilte agus dhinimiciúil seo sa bhliain amach romhainn agus iad ag roinnt a dtaithí phraiticiúil agus a scileanna luachmhara chun ár bhfís maidir le todhchaí na Gaeilge a chur chun cinn i gcathair na Gaillimhe.

I rith na tréimhse athraithe agus éiginnteachta seo, tá clár oibre soiléir againn chun úsáid na Gaeilge a mhéadú i gCathair Dhátheangach na hÉireann. Tá sé tábhachtach go leanfaidh an Ghaeilge ag borradh i gcónaí i nGaillimh chun ár gcathair a choinneáil chun tosaigh mar an áit is fearr le maireachtáil, cuairt a thabhairt uirthi agus infheistíocht a dhéanamh inti.”

Má tá suim agat gnó nó eagraíocht dhátheangach a fhorbairt is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann ag 091 568876 nó trí r-phost a sheoladh chuig  eolas@gleg.ie  www.gleg.ie.

Tá foireann Ghaillimh le Gaeilge  ar fáil d’aon chomhlacht nó eagraíocht maidir leis an gcur chuige is feiliúnaí dá gcás ar leith.  Tá an tseirbhís ‘An Ghaeilge sa Ghnó’ ann chun comhlachtaí a threorú tríd an bpróiseas chun cuid dá ngnó a chur in oiriúint don dátheangachas nó  gnó iomlán dátheangach a fhorbairt.  Déanfaidh an fhoireann scrúdú ar na féidearthachtaí éagsúla i leith úsáid na Gaeilge agus cuirfidh siad plean céim ar chéim le chéile chun an Ghaeilge a shní isteach sa ghnó in achar ama aontaithe. Cuirfidh siad comhairle agus saineolas ar fáil maidir le margaíocht agus gnó, chomh maith le seribhísí aistriúcháin saor in aisce a chur ar fáil le linn an phróisis.