Dé hAoine, 30 Aibreán 2021 an spriocdháta d’ainmniúcháin do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Níl ach seachtain le dul anois go dtí an spriocdháta d’ainmniúcháin do Ghradam Sheosaimh  Uí Ógartaigh – Gradam gnó dátheangach na Gaillimhe.  Glacfar le hiarratais don Ghradam go dtí Dé hAoine, 30 Aibreán 2021.   Is é an méid atá ag teastáil ag an tráth seo den phróiseas ná foirm iarrratais ghearr a chomhlánú agus beidh foireann Ghaillimh le Gaeilge i dteagmháil leat chun tú a ullmhú don Ghradam. Is féidir do ghnó féin nó is féidir leat gnó/eagraíocht eile a ainmniú. Chun páirt a ghlacadh  sa ghradam clúiteach seo, comhlánaigh an fhoirm ar www.gleg.ie nó déan teagmháil linn ar 091 568876 / eolas@gleg.ie.

Is deis iontach atá anseo chun páirt a ghlacadh sa Ghradam is fadbhunaithe dá leithéid in Éirinn, arna eagrú ag Gaillimh le Gaeilge i gcomhar leis an Galway Advertiser agus le tacaíocht TG4 agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe.

Níl aon chostas ag baint leis an nGradam. Tá 4 mhí agat le hullmhúcháin a dhéanamh, mar ní dhéanfar an chéad bhabhta den mholtóireacht go dtí mí Mheán Fómhair.  Cuirfidh foireann Ghaillimh le Gaeilge an tseirbhís ‘Gaeilge sa Ghnó’  ar fáil duit saor in aisce. Is pacáiste saincheaptha é an tseirbhís seo ina dtreoraítear thú trí phróiseas chun cuid de do ghnó, nó é ar fad, a chur in oiriúint don dátheangachas. Tá sceideal á chur le chéile faoi láthair ag an bhfoireann, agus ba bhreá leo bualadh le gnólachtaí agus le heagraíochtaí  (go fíorúil nó labhairt leo ar an bhfón) a bhfuil suim acu an Ghaeilge a úsáid chun gnó dátheangach a fhorbairt.

Tá catagóir nua do Ghradam na bliana seo: ‘Gnó ar Líne’ urraithe ag Ionad Teicneolaíochta na Gaillimhe.  In 2020/2021, bhí méadú suntasach ar líon na ngnólachtaí a d’aistrigh ar líne nó a chuir lena láithreacht ar líne de bharr na paindéime.   Léiríonn an chatagóir seo an treocht nua sin agus tá sí dírithe ar ghnólachtaí agus ar eagraíochtaí atá cláraithe i gcathair agus i gcontae na Gaillimhe, agus a bhíonn ag nascadh lena gcustaiméirí agus lena bpríomhpháirtithe leasmhara ar líne den chuid is mó (tá feidhm ag srianta áirithe, féach www.gleg.ie).  Beidh an mholtóireacht don chatagóir seo den Ghradam bunaithe ar a gcuid iarrachtaí maidir leis an nGaeilge a úsáid ar líne, lena n-áireofar suíomh gréasáin, na meáin shóisialta, aipeanna, físeáin, r-phost.

I mbliana, is é an Galway Advertiser an príomhurra meán arís, agus tá TG4 agus MOLSCÉAL ar bord freisin. Is iad urraí na gcatagóirí eile ná: Galway Bay FM atá mar urra ar an gcatagóir ‘Miondíol’; Fáilte Ireland atá mar urra ar an gcatagóir ‘Turasóireacht agus Fáilteachas’; Video Sherpa atá mar urra ar an gcatagóir ‘Seirbhísí’; agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh atá mar urra ar an gcatagóir ‘Neamhbhrabús agus Cuideachtaí Eile’.

Tá luach iomlán na hurraíochta do Ghradam 2021 méadaithe go breis agus €26,000. Sa mhullach air sin, tá deis agat ardphróifíl, poiblíocht fhorleathan agus ardmholadh a fháil do do ghnó/do d’eagraíocht sna meáin chumarsáide Ghaeilge agus Bhéarla.

Gheobhaidh buaiteoirí na gcatagóirí píosa dealbhóireachta uathúil deartha go speisialta ag Pádraic Reaney agus urraithe ag Údarás na Gaeltachta. Tá Cumann Tráchtála na Gaillimhe ag cur urraíochta ar fáil don bhuaiteoir iomlán chomh maith.

Chun an t-eolas is deireanaí a fháil ar an nGradam lean Gaillimh le Gaeilge ar Facebook, Twitter agus Instagram.