Cloch mhíle thábhachtach bainte amach ag an nGradam – Gradam Gnó Dátheangach na Gaillimhe ar an bhfód le 20 bliain agus OSCAILTE d’ainmniúcháin!

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Tá Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, nó ‘’An Gradam’’ mar a thugtar air i gCathair na Gaillimhe oscailte d’ainmniúcháin anois. Tá Gaillimh le Gaeilge, an eagraíocht a chuireann an Ghaeilge chun cinn sa chathair le tacaíocht ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, ó Chumann Tráchtála na Gaillimhe agus ó ghrúpaí eile ag iarraidh ar ghnólachtaí na Gaillimhe clárú agus páirt a ghlacadh chun an Ghaeilge a chur chun cinn níos mó sa bhliain 2022! Tá sceideal á chur le chéile ag an bhfoireann faoi láthair, agus ba bhreá léi bualadh le gnólachtaí agus le heagraíochtaí sa chathair a bhfuil suim acu an Ghaeilge a úsáid chun gnólacht nó eagraíocht dátheangach a chruthú.

Ní gá ag an bpointe seo den phróiseas ach foirm iarratais ghearr a chomhlánú agus beidh foireann Ghaillimh le Gaeilge i dteagmháil leat chun tú a ullmhú don Ghradam. Téigh chuig www.gleg.ie chun tuilleadh eolais a fháil nó chun clárú saor in aisce ar líne nó déan teagmháil leis an bhfoireann ar an uimhir 091 568876. Is féidir leat do ghnólacht /d’eagraíocht féin nó gnólacht /eagraíocht eile atá lonnaithe i gcathair na Gaillimhe a ainmniú.

Ní gá duit a bheith líofa sa Ghaeilge chun páirt a ghlacadh ann, beidh an fhoireann ag cuidiú leat i ngach chéim den phróiseas. Cuirfidh siad an tseirbhís ‘Gaeilge sa Ghnó’ ar fáil saor in aisce duit. Is pacáiste saincheaptha í an tseirbhís seo ina dtreoraítear thú trí phróiseas chun cuid de do ghnólacht, nó í ar fad, a chur in oiriúint don dátheangachas. Socrófar cruinniú leat agus déanfar athbhreithniú ar do ghnólacht maidir le híomhá na gnólachta ó thaobh comharthaíochta, ábhar margaíochta, na meáin shóisialta agus fógraíochta etc de. Déanfar  na féidearthachtaí éagsúla maidir le húsáid na Gaeilge i do ghnólacht / d’eagraíocht a phlé.

Chruthaigh an Gradam deiseanna iontacha chun an Ghaeilge a chur faoi bhláth i gcathair na Gaillimhe le 20 bliain anuas, ag mealladh ainmniúchán ó eagraíochtaí ilnáisiúnta, spóirt, agus ealaíne, trádálaithe aonair, óstáin, ionaid siopadóireachta, bialanna, comhlachtaí ola agus níos mó, iad uile den tuairim go bhfuil an Ghaeilge ábhartha dá ngnólacht agus iad bródúil as an ról a imríonn siad chun stádas dátheangach na Gaillimhe a neartú.

Is é Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh an Gradam dátheangach dá leithéid is faide ar an bhfód in Éirinn agus is é Gaillimh le Gaeilge, i gcomhar leis an Galway Advertiser agus le TG4, a eagraíonn é le tacaíocht ó Chumann Tráchtála na Gaillimhe. Tá an Gradam ainmnithe in ómós do Sheosamh Ó hÓgartaigh (nach maireann), ball bunaithe agus rúnaí cuideachta Ghaillimh le Gaeilge.

Lean Gaillimh le Gaeilge ar Facebook, Twitter agus Instagram le bheith ar an eolas faoin nuacht is déanaí a bhaineann leis an nGradam