Folúntas: Oifigeach Pleanála Teanga á lorg ag Gaillimh le Gaeilge.

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Is é Gaillimh le Gaeilge a bheidh freagrach as feidhmiú Plean Teanga Chathair na Gaillimhe. Beidh an obair seo á dhéanamh i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus páirtithe leasmhara eile. Is plean seacht mbliana atá i gceist. Is é príomhaidhm an phlean, de réir pholasaí an Rialtais, ná cur le húsáid agus eolas cumarsáide na Gaeilge mar theanga phobail i gCathair na Gaillimhe ar bhonn incriminteach. Treiseoidh an plean stádas na Gaillimhe mar chathair dhátheangach oifigiúil agus díríodh sé aird an phobail ar an tábhacht a bhaineann le ‘Seirbhís trí Ghaeilge’ ach go háirithe a bheith ar fáil dóibh siúd ar mian leo a ngnó a dhéanamh i nGaeilge san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach.

 

Achoimre an Phoist

  • Beidh an duine a fhostófar ag obair agus ag tacú le foireann Ghaillimh le Gaeilge, i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus le páirtithe leasmhara eile chun an plean teanga a chur i bhfeidhm. Is post ar chonradh trí bliana atá á thairiscint agus is féidir cur leis an tréimhse sin.

 

Scileanna & Tréithe

  • Duine cumasach, cruthaitheach, gairmiúil (le céim tríú leibhéil in ábhar ábhartha) a bhfuil taithí mhaith acu ar dhearadh, bainistiú agus ar chur i gcrích tionscadal.
  • Duine atá tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge mar theanga chumarsáide, a bhfuil eolas aige/aici ar réimse oibre na pleanála teanga nó ar ábhar gaolmhar.

 

Critéir Riachtanacha

  • Ardchaighdeán Gaeilge agus Béarla, idir labhartha agus scríofa. Bheadh cáilíocht sa Ghaeilge inmhianaithe.
  • Ardscileanna cumarsáide agus cur i láthair poiblí, taithí mhaith ar oibriú/cén chaoi ábhar a chumadh agus a roinnt ar na meáin shóisialta.
  • Ábalta priorachtaí a leagan síos, spriocdhátaí a bhaint amach agus obair a dhéanamh faoi bhrú.
  • Cuntas teiste i bpleananna, tuairiscí agus cuir i láthair torthaí a dhréachtú, a léiriú agus a chur i láthair/os comhair na bpáirtithe leasmhara ar bhealach sásúil.
  • Taithí mhaith ar chúrsaí riaracháin, ardscileanna eagrúcháin agus ríomhaireachta (ardtuiscint ar Excel, MS Office agus ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa).
  • Tuiscint agus taithí ag plé le hearnálacha gaolmhara éagsúla agus ábaltacht gaol a chothú le páirtithe leasmhara.
  • Dea-chaidreamh oibre a fhorbairt le comhghleacaithe agus le daoine in earnálacha éagsúla eile.
  • Ábalta oibriú go muiníneach mar chuid d’fhoireann nó as a stuaim féin chun aidhmeanna roinnte a bhaint amach.

 

Beidh freastal ar chruinnithe taobh amuigh de ghnáthuaireanta oibre mar chuid de chúramaí an phoist seo. Beidh tuarastal ag brath ar cháilíochtaí, taithí, agus tosca ábhartha eile.

Próiseas Iontrála: Seol iarratas mar aon le CV, le do thoil, roimh 5.30i.n., Dé hAoine, 25 Márta 2022  chuig: brid@gleg.ie nó sa phost: Bríd Ní Chonghóile, Gaillimh le Gaeilge, Teach Uí Chiaruáin, Sráid Thobar an Iarla, Gaillimh. H91 N92N . Is fostóir comhionannas deiseanna é Gaillimh le Gaeilge.

Tá an Tionscadal Gaeilge seo á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge tríd An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.