É fógartha go bhfuil Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh do 2022 buaite ag KD AUTOPARTS, Gaillimh agus go bhfuil sé ainmnithe mar an 15 ú Treibh i nGaillimh

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Agus an Gradam ag ceiliúradh 20 bliain ar an bhfód, d’fhógair Jack Chambers TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Spórt agus don Ghaeltacht, ag searmanas speisialta bronnta in Óstán an g, Seanbhóthar Bhaile Átha Cliath, Gaillimh gurb é KD AUTOPARTS buaiteoir foriomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh. D’fhógair sé freisin ag an ócáid go raibh Oifigeach Pleanála Teanga nua ceaptha do Chathair na Gaillimhe.

Is é KD Autoparts an t-ionad ilfhreastail is fearr i nGaillimh le haghaidh rud ar bith a theastódh ó charr. Cuireann siad na

mílte páirteanna agus giúirléidí ar fáil, ó scagairí aeir go dtí lanna do chuimilteoirí gaothscátha. Is saineolaithe oilte iad na baill foirne ar fad agus tá siad sásta comhairle a thabhairt i dtaobh aon rud a theastódh le haghaidh carr agus cuireann siad Seirbhís iomlán trí Ghaeilge ar fáil freisin.

Bhí ríméad ar Maureen Duggan ó KD AUTOPARTS, Gaillimh nuair a fuair sí an scéala agus dúirt:

“Tá áthas an domhain orainn a bheith ainmnithe mar bhuaiteoir foriomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh i mbliana. Táimid an-bhródúil as an méid atá déanta againn ó thosaigh muid amach leis an nGradam ceithre bhliain ó shin. Tá seirbhís trí Ghaeilge ar fáil anseo and creidimid gur cuid lárnach é dár mbranda agus dár seirbhís é cur chun cinn na Gaeilge. Baineann cuid mhaith dár gcuid gcustaiméirí leas as seo agus déanann siad a ngnó trí Ghaeilge linn.

Táimid an-bhródúil as stádas na Gaillimhe mar chathair dhátheangach, agus táimid díograsach ó thaobh tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus táimid ag oibriú ar níos mó Gaeilge a thabhairt isteach i reáchtáil ár gcuideachta ó lá go lá. Bainimid úsáid as an nGaeilge i gcomharthaíocht agus i margaíocht, ar an suíomh gréasáin, i stáiseanóireacht, agus sna seirbhísí i nGaeilge agus chomh maith leis sin tá Gaeilge ar na veaineanna a bhíonn againn ag taisteal ar fud an chontae. Bíonn ár dtiománaithe ag seachadadh i gConamara gach lá, uaireanta faoi dhó sa lá, agus bíonn ríméad ar na custaiméirí a bheith in ann labhairt leis an tiománaí agus a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge agus is breá linn gur féidir linn an tseirbhís seo a chur ar fáil dóibh. Is mór an onóir é Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh a bhuachan i mbliana agus is rud é a bhfuilimid thar a bheith bródúil as mar fhoireann, mar gur aitheantas é ar ár ndúthracht leanúint ar aghaidh ag déanamh gnó go dátheangach agus an Ghaeilge a chur chun cinn i nGaillimh agus níos faide ó bhaile.”

Níl aon ghradam eile dá leithéid atá chomh seanbhunaithe in Éirinn agus é eagraithe ag Gaillimh le Gaeilge, i gcomhpháirtíocht leis an Galway Advertiser agus le tacaíocht ó TG4 agus ó Chumann Tráchtála na Gaillimhe. Tá an Gradam ag ceiliúradh 20 bliain i mbun gnó i mbliana, a bhuíochas sin do gach gnólacht agus eagraíocht as Gaillimh a bhí páirteach ann i gcaitheamh na mblianta, chomh maith leis na na hurraitheoirí a thacaigh leis.

Fógraíodh go raibh Catagóir ‘Na Miondíola’, a bhí urraithe ag Galway Bay FM, buaite ag KD AUTOPARTS agus chomh maith leis sin gurb iad buaiteoirí foriomlán an Ghradaim iad.

Ba iad buaiteoirí mórtasacha eile an Ghradaim ar an oíche ná:

Plámás sa Chatagóir ‘Turasóireacht & Fáilteachas’, a bhí urraithe ag Fáilte Ireland.

Tribes Press – sa Chatagóir ‘Seirbhísí’, a bhí urraithe ag Computer Troubleshooters.

Irish Socksciety – sa chatagóir ‘Gnó Ar Líne’ a bhí urraithe ag Ionad Teicneolaíochta na Gaillimhe.

Galway Hospice Foundation – sa Chatagóir ‘Cuideachtaí Neamhbhrabúis agus Eile’ a bhí urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh.  

 Dúirt Jack Chambers TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Spórt agus don Ghaeltacht:

“Comhghairdeas libh as cloch mhíle thábhachtach a bheith bainte amach ag an nGradam i mbliana agus é ar an bhfód le 20 bliain. Chruthaigh an Gradam deiseanna iontacha chun go mbeadh an Ghaeilge in ann bláthú i gcathair na Gaillimhe le 20 bliain anuas, ag mealladh ainmniúchán ó eagraíochtaí ilnáisiúnta, spóirt, agus ealaíne, trádálaithe aonair, óstáin, ionaid siopadóireachta, bialanna, comhlachtaí ola agus níos mó, iad uile den tuairim go bhfuil an Ghaeilge ábhartha dá ngnólacht agus iad bródúil as an ról a imríonn siad chun an Ghaeilge a neartú agus a láidriú sa chathair.”

D’fhógair an t-Aire Stáit ansin go raibh Oifigeach Pleanála Teanga nua ceaptha do Phlean  Teanga Chathair na Gaillimhe.

“Tá an-áthas orm a fhógairt tráthnóna go bhfuil Máire Uí Dhufaigh (Ní Chonghaile) ceaptha mar Oifigeach Pleanála Teanga nua le Gaillimh le Gaeilge. ….Guím gach rath ar Mháire agus ar an bhfoireann go léir i nGaillimh le Gaeilge. Tá obair dhúshlanach ach obair spreagúil  amach romhaibh agus tá mé cinnte go leanfaidh Gaillimh le Gaeilge ag plé go gníomhach le mo Roinn féin, leis an gComhairle Cathrach agus leis na páirtithe leasmhara eile ar fad chun cuidiú leis na moltaí agus na gníomhaíochtaí sa phlean a chur i bhfeidhm.

Labhair Maeliosa Ó hÓgartaigh thar ceann na Moltóirí agus dúirt:

“Ba mhór an pléisiúr dúinn a bheith mar chuid den Ghradam i mbliana agus iad ag ceiliúradh 20 bliain ar an bhfód. Bliain spreagúil a bhí sa bhliain seo, ní hamháin toisc go bhfuil an Gradam ag ceiliúradh 20 bliain i mbun gnó ach de bharr gurbh é seo an chéad uair ó tharla an phaindéim go raibh na moltóirí in ann bualadh leis an dream a bhí ar an nGearrliosta go pearsanta, cuairt a thabhairt ar a n-ionaid oibre agus tuiscint cheart a fháil ar an úsáid a bhaineann siad as an dátheangachas laistigh den ghnó. Bhaineamar taitneamh as bualadh leis na daoine atá taobh thiar de na gnólachtaí agus na heagraíochtaí seo agus an tionchar atá acu ar stádas na Gaillimhe mar chathair dhátheangach a fheiceáil.

Mheall Gradam na bliana seo go leor gnólachtaí agus eagraíochtaí nua, rud a léiríonn go soiléir go n-aithníonn níos mó agus níos mó cuideachtaí na buntáistí a bhaineann leis an nGaeilge a úsáid i gcúrsaí gnó. Ba mhór an spreagadh a thug sé dúinn a fheiceáil gur tháinig méadú ar an ‘Seirbhís trí Ghaeilge’ i mbliana, rud atá ríthábhachtach agus an Ghaeltacht is mó in Éirinn ar leac an dorais ag cathair na Gaillimhe.

Molaimid ó chroí gach duine a ghlac páirt, as a ndúthracht agus a dtiomantas don Ghradam le roinnt míonna anuas, agus déanaimid comhghairdeas ó chroí leis na buaiteoirí!”

Rinne Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey comhghairdeas leis na buaiteoirí ar fad agus dúirt:

“Is bliain thar a bheith speisialta agus spreagúil í seo don Ghradam agus cloch mhíle 20 bliain i mbun gnó bainte aige amach agus ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na gnólachtaí agus leis na heagraíochtaí a bhí ar an nGearrliosta i mbliana. Is ábhar dóchais é an oiread sin gnólachtaí agus eagraíochtaí nua a fheiceáil ag clárú agus ag  úsáid na teanga, agus tús á chur acu lena dturas Gaeilge. Ba údar misnigh é chomh maith a fheiceáil go bhfuil eagraíochtaí agus gnólachtaí a thosaigh ar an turas seo cúpla bliain ó shin fós ag tacú leis an teanga agus iad á húsáid gach lá sna gnóthaí. ”

De bharr go raibh caighdeán na n-iontrálacha chomh hard i mbliana bhí gradam speisialta, Bronnadh Speisialta na Moltóirí, againn le haitheantas a thabhairt do ghnólacht a bhí istigh ar an nGradam den chéad uair agus a bhain amach caighdeán chomh hard agus go gcaithfí aitheantas a thabhairt dó. Is é JUST ART IT a bhuaigh Bronnadh Speisialta na Moltóirí, a bhí urraithe ag Judy Greene Pottery.

Bhronn na moltóirí Scoláireacht Ollscoile, urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar an gcuideachta céanna i mbliana fresin, de bharr go gcaithfí aitheantas a thabhairt don díograis agus díocas a léirigh siad agus iad ag foghlaim na teanga. Bronnadh an scoláireacht dhá bhliain le freastal ar an gcúrsa sealbhaithe teanga, ‘An Dioplóma sa Ghaeilge’, cáilíocht Ollscoile de chuid OÉ Gaillimh ar Elena Santos ó Just Art It.

Fuair na buaiteoirí sna gcatagóirí éagsúla pacáistí gnó ar fiú €2,000 iad ó urraitheoirí na gcatagóirí chomh maith le macasamhail de dhealbhóireacht Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, urraithe ag Údarás na Gaeltachta. Bronnadh pacáiste fógraíochta ó phríomhurraitheoir na meán ar an nGradam, an Galway Advertiser, ar KD Autoparts.  Gheobhaidh siad pacáiste poiblíochta freisin le TG4 agus ballraíocht bliana i gCumann Tráchtála na Gaillimhe agus i nGaillimh le Gaeilge.

Chomh maith leis sin fuair siad Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, píosa álainn dealbhóireachta leis an ealaíontóir cáiliúil Pádraic Reaney, a thaispeánann ceithre threibh déag na Gaillimhe agus treibh amháin acu ‘ó shaol an lae inniu’ ina shiombail ar bhuaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh i 2022, agus ar na buaiteoirí a bheidh againn amach anseo.

Tá MOLSCÉAL ag déanamh urraíochta ar an nGradam arís i mbliana agus is é a chruthaigh an físeán ar an oíche, físeán a thug léargas ar gach dá raibh ar bun le linn na hócáide ag na buaiteoirí agus acu siúd a shroich an babhta ceannais.

Ba mhaith le Gaillimh le Gaeilge buíochas a ghabháil leis an dream ar fad a fuair hainmniúcháin le bheith páirteach i nGradam Sheosaimh Uí Ógartaigh i mbliana agus comhghairdeas a dhéanamh leis na buaiteoirí ar fad. 

Tá ár mbuíochas tuillte chomh maith ag na moltóirí as ucht a gcuid ama don mholtóireacht. Is iad sin: Maeliosa Ó hÓgartaigh, Cuntasóir agus Fear Gnó agus mac le Seosamh Ó hÓgartaigh (nach maireann), a bhfuil an gradam ainmnithe as, Daithí Ó Gallchobhair, Bainisteoir Foirne, An Ghaeltacht & na hOileáin, Slí an Atlantaigh Fhiáin agus Caroline Ní Fhlatharta, Oifigeach na Gaeilge, Oifig an Uachtaráin Ionaid & Meabhránaí, OÉ Gaillimh. Ár mbuíochas chomh maith leis na hurraitheoirí ar fad a lean lena dtacaíocht don Ghradam. Táimid fíorbhuíoch díobh.