Tá post mar Oifigeach Pleanála Teanga á thairiscint ag Gaillimh le Gaeilge.
Duine fuinniúil cumasach a bhfuil taithí agus/nó cáilíochtaí oiriúnacha aici/aige. Duine atá tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge, a bhfuil eolas aige/aici ar réimse oibre na pleanála teanga agus i bhforbairt na Gaeilge nó taithí chuí a bheith ag obair i ról forbartha eile atá á lorg.
Is é Gaillimh le Gaeilge atá freagrach as an bplean teanga do Chathair na Gaillimhe a chur i bhfeidhm. Déanfar an obair sin i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Meitheal an Phlean Teanga, Gaillimh agus páirtithe leasmhara eile.
Beidh an tOifigeach Pleanála Teanga freagrach as cur i bhfeidhm bearta an phlean teanga. Beidh an té a cheapfar tiomanta d’fhorbairt agus cur chun cinn na Gaeilge i gcathair dhátheangach na hÉireann. Beidh siad ag feidhmiú mar bhall d’fhoireann Ghaillimh le Gaeilge, ag baint úsáidte as tionscadail reatha Ghaillimh le Gaeilge agus i gcomhphairtíocht leis an bhfoireann, ag forbairt deiseanna nua chun cur le feiceálacht agus úsáid labhartha na Gaeilge a spreagadh tuilleadh sa chathair.
Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine leis an taithí agus/nó na cáilíochtaí seo a leanas:
Critéir Riachtanacha
- Ardchaighdeán Gaeilge agus Béarla, idir labhartha agus scríofa. Bheadh cáilíocht sa Ghaeilge inmhianaithe.
- Cáilíocht ábhartha chun riachtanais an róil a bhaint amach.
- Taithí chuí ar bheith ag obair i ról forbartha.
- Ardscileanna cumarsáide agus cur i láthair poiblí.
- Taithí ar fheachtais a bhaineann leis na meáin shóisialta a reáchtáil agus ábhar ar líne a chur ar fáil.
- Ábalta priorachtaí a leagan síos, spriocdhátaí a bhaint amach agus obair a dhéanamh faoi bhrú.
- Tuiscint agus taithí ag plé le hearnálacha gaolmhara éagsúla.
- Taithí gaol a chothú le páirtithe leasmhara agus dea-chaidreamh oibre a fhorbairt le comhghleacaithe.
- Cuntas ar thorthaí bainte amach ag dréachtú pleananna, tuairiscí agus a chur i láthair/os comhair na bpáirtithe leasmhara ar bhealach sásúil.
- Taithí mhaith ar chúrsaí riaracháin, ardscileanna eagrúcháin agus ríomhaireachta (ardtuiscint ar Excel, MS Office agus ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa).
- Ábalta oibriú go muiníneach mar chuid d’fhoireann nó as a stuaim féin chun na haidhmeanna céanna a bhaint amach.
Beidh an duine a cheapfar lonnaithe in Oifig Ghaillimh le Gaeilge agus freagrach don Phríomhfheidhmeannach/Bhord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge. Beidh 40 uair oibre sa tseachtain i gceist le cúraimí an phoist seo agus beidh freastal ar chruinnithe taobh amuigh de ghnáth uaireanta oibre mar chuid de na cúraimí sin. Tá scála tuarastail ó €35,000 go €50,000
Próiseas Iontrála: Seol iarratas mar aon le CV, le do thoil, roimh 5.30i.n., Dé Luain 23 Eanáir 2023 chuig: brid@gleg.ie nó sa phost: Bríd Ní Chonghóile, Gaillimh le Gaeilge, Teach Uí Chiaruáin, Sráid Thobar an Iarla, Gaillimh. H91 N92N . Is fostóir comhionannas deiseanna é Gaillimh le Gaeilge.
Beidh sé mar aidhm againn na hagallaimh don phost a bheith ar siúl Dé Luain, 30 Eanáir agus Dé Máirt 31 Eanáir 2023
Tá an Tionscadal Gaeilge seo á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge tríd An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.