Tionscnaimh Nua seolta ag Ollscoil na Gaillimhe agus Gaillimh le Gaeilge chun an Ghaeilge labhartha a chur chun cinn sa chathair.

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Sheol Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Clodagh Higgins, dhá thionscnamh nua de chuid Ollscoil na Gaillimhe agus Gaillimh le Gaeilge ag preasócáid a bhí ar siúl in Ollscoil na Gaillimhechun úsáid na Gaeilge labhartha a mhéadú i gcathair na Gaillimhe.

Is príomhbhearta iad an dá thionscnamh seo atá leagtha amach sa Phlean Teanga do Chathair na Gaillimhe agus a bhfuil ról lárnach acu chun stádas mar ‘Baile Seirbhíse Gaeltachta’ a bhaint amach do Ghaillimh.   Faoi Acht na Gaeltachta 2012, sainmhínítear Bailte Seirbhíse Gaeltachta mar na bailte sin atá suite i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta nó in aice leo.

Tá Gaillimh le Gaeilge ag comhoibriú le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, le hOllscoil na Gaillimhe agus le páirtithe leasmhara tábhachtacha eile chun an próiseas a bhaineann leis an bPlean Teanga a chur i bhfeidhm sa chathair a éascú. Is é cuspóir Phlean Teanga Chathair na Gaillimhe, de réir pholasaí an Rialtais, cur le húsáid agus eolas cumarsáide na Gaeilge mar theanga pobail i gCathair na Gaillimhe ar bhonn incriminteach. Moltar sa phlean áis ar líne a fhorbairt a thabharfadh eolas faoi sheirbhísí Gaeilge na cathrach mar aon le suaitheantais chun cainteoirí Gaeilge a aithint

Is éard a dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Clodagh Higgins agus í ag labhairt ag an ócáid:

“Tháinig an smaoineamh chun cinn arís i bPlean Teanga Chathair na Gaillimhe do shuaitheantas mar mholadh agus mar bhealach do Ghaeilgeoirí aithne a chur ar a chéile.  Cuirfidh na suaitheantais nua atá deartha ag Ollscoil na Gaillimhe, le húsáid na Gaeilge agus beidh an Ghaeilge níos feiceálaí. Tuigim go leathnófar an tionscnamh seo amach go cathair na Gaillimhe freisin agus measaim gur an-smaoineamh é sin.  Tá lúcháir orm ‘An tEolaire – Seirbhís i nGaeilge’, cruthaithe ag Gaillimh le Gaeilge, a sheoladh inniu freisin. Is liosta cuimsitheach é seo de na gnólachtaí agus de na heagraíochtaí sa chathair atá in ann ‘seirbhís i nGaeilge’ a chur ar fáil – acmhainn úsáideach do dhuine ar bith ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Cuirfidh An tEolaire eolas ar fáil freisin maidir le himeachtaí Gaeilge atá ar tí tarlú sa chathair. ”

Dúirt Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí na hOllscoile, an tOllamh Pól Ó Dochartaigh, go mbeifí in ann “freastal níos fearr agus níos leithne a dhéanamh ar phobal Gaeilge na hOllscoile’ mar go léireodh na suaitheantais ‘a mhéad daoine atá ag obair ar fud na hOllscoile a bhfuil ar a gcumas agus atá sásta seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge.  Léiríonn an taithí idirnáisiúnta nach leor seirbhísí dátheangacha a chur ar fáil lena chinntiú go mbainfear leas astu.  Ní mór iad a phoibliú agus deimhniú go bhfuil siad ar aon chaighdeán leis na seirbhísí atá ar fáil i mBéarla ionas go mbeidh daoine ar a gcompord á n-éileamh agus sin é go díreach atá uainn anseo san Ollscoil”.

Léirigh sé a shástacht faoin gcomhoibriú leanúnach idir an Ollscoil agus Gaillimh le Gaeilge freisin agus é ag tagairt don ról atá ag an Ollscoil i bhfeidhmiú Phlean Teanga Chathair na Gaillimhe.  Is céim eile chun cinn é an tionscnamh nua seo ó thaobh Straitéis Gaeilge na hOllscoile chomh maith.  I measc na mbeart eile atá bainte amach ó seoladh Straitéis na Gaeilge 2021-2025 áirítear ceapachán Oifigeach Gaeilge na hOllscoile agus athsheoladh ar an Scéim Cónaitheachta Gaeilge.  Den chéad uair riamh bronnadh scoláireachtaí ar an 16 mac léinn atá ag cur fúthu i dTeach na Gaeilge i mbliana.

Labhair Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey, ag an ócáid freisin agus dúirt sí an méid seo a leanas:

“Is céim thar a bheith nádúrtha agus tábhachtach é seoladh an dá thionscnamh seo inniu chun úsáid na Gaeilge a mhéadú i gCathair Dhátheangach na hÉireann. Tá lúcháir orainn a bheith ag obair i gcomhar le hOllscoil na Gaillimhe ar an tionscnamh seo agus tá muid ag tnúth go mór le bheith ag obair as lámh a chéile ar chomhfhiontair straitéiseacha fhéideartha eile amach anseo.

Tá an stádas chun ‘Baile Seirbhíse Gaeltachta’ a bhaint amach ar cheann de na príomhchuspóirí atá leagtha amach ag Gaillimh le Gaeilge sa straitéis nua do na trí bliana atá amach romhainn. Mholfainn d’aon duine atá in ann seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil, é sin a chur in iúl do ‘chuile dhuine’ trí chlárú le Gaillimh le Gaeilge inniu. Tá sé chomh tábhachtach céanna go mbaineann gach Gaeilgeoir leas as an tseirbhís atá curtha ar fáil i nGaeilge agus go leanfadh siad ag cruthú éileamh ar a leithéid de sheirbhísí amach anseo.”

Chuir sí in iúl go raibh  64 gnó agus eagraíocht liostáilte san Eolaire agus go raibh 96 duine cláraithe ann faoi láthair ó réimsí leathan earnálacha sa chathair. Ghabh  sí buíochas  le gach duine a chláraigh san Eolaire agus le príomhmhaointheoirí Ghaillimh le Gaeilge, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Galtachta, Spóirt agus Meán a thug deontas aonuaire chun an tEolaire a fhorbairt.

Má sholáthraíonn do ghnó/d’eagraíocht seirbhís i nGaeilge i gcathair na Gaillimhe agus más mian leat a bheith cláraithe ar an liosta, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Gaillimh le Gaeilge ag eolas@gleg.ie nó cuir glaoch ar 091 568876. Is féidir leat cuairt a thabhairt ar – https://gleg.ie/claraigh-linn/ agus foirm ghearr a chomhlánaú chun clárú san Eolaire.