Tá Oifigeach Tograí á lorg ag Gaillimh le Gaeilge

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Tá post mar Oifigeach Tograí á thairiscint ag Gaillimh le Gaeilge. Is duine le taithí phraicticiúil shásúil i riaradh gnó/fiontraíocht nó feachtais margaíochta le dearcadh dearfach, solúbtha, spreagúil  atá de dhíth ar an eagraíocht.

Freagrachtaí an Phoist

  • Tacaíocht agus comhairle a sholáthar d’aon ghnó/eagraíocht/duine ar mian leo gnó dátheangach a fhorbairt.
  • Teagmháil réamhghníomhach a dhéanamh le gnólachtaí/eagraíochtaí áitiúla, go háirithe le cliaint Ghaillimh le Gaeilge – ag soláthar comhairle, ag moladh gníomhartha agus ag glacadh páirte i gcruinnithe rialta athbhreithnithe.
  • Oibriú leis an mBainisteoir Tograí agus le Foireann na heagraíochta leis na tograí reatha a bhainistiú, a fhorbairt agus a chur chun cinn; Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh,

An tSeirbhís Gaeilge sa Ghnó, An tEolaire – Seirbhís i nGaeilge, Cairde Ghaillimh le Gaeilge,  Líonrú ar Líne agus na Lónta Gnó.

  • Cuidiú le straitéis nua na heagraíochta a chur i bhfeidhm  agus tionscadail nua a fhorbairt.
  • Iondaíocht a dhéanamh ar son na heagraíochta ag imeachtaí, seimineár agus eile de réir mar is gá.
  • Aon chúram eile a cheapfaidh an Príomhfheidhmeannach/an Bord Stiúrtha a bheidh oiriúnach ó am go ham.

 

Scileanna, Eolas agus Taithí Riachtanach

  •  Cáilíocht 3ú leibhéal i gceann de na réimsí seo a leanas: Gaeilge; forbairt pobail; margaíocht, bainistiú tograí.
  • Tá ardchaighdeán Gaeilge agus Béarla idir labhartha agus scríofa riachtanach don phost.
  • Ní mór a bheith inniúil ar ríomhairí agus ar úsáid ardáin mhargaíochta dhigiteacha.
  • Scileanna láidre cumarsáide ó bhéal agus i scríbhinn a bheith acu, lena n-áirítear a bheith ar a gcompord ag labhairt go poiblí.
  • Bheith in ann caidreamh a chothú le daoine agus le grúpaí éagsúla, agus iad a spreagadh  i dtreo úsáid na Gaeilge.
  • Bheith in ann a léiriú go bhfuil tú muiníneach, féinspreagtha agus in ann obair chun spriocdhátaí socraithe a bhaint amach.
  • Obair a dhéanamh go muiníneach as a stuaim féin nó le daoine eile le torthaí comhaontaithe a bhaint amach.

Seol iarratas maraon le Curriculum Vitae roimh 5.30i.n., Dé hAoine 31 Márta 2023, chuig:

An Príomhfheidhmeannach ag brid@gleg.ie . Tuilleadh eolais faoin bpost ar fáil ó 091 568876  nó brid@gleg.ie

Tá an post seo maoinithe ag An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le tacaíocht ón gCrannchur Naisiúnta.  Is fostóir comhdheiseanna é Gaillimh le Gaeilge