É fógartha go bhfuil Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh do 2023 buaite ag Eaglais Choláisteach San Nioclás

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

D’fhógair Méara Chathair na Gaillimhe  an Comhairleoir Clodagh Higgins gurb é Eaglais Choláisteach San Nioclás  buaiteoir foriomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ag searmanas speisialta bronnta in óstán The Hardiman, An Fhaiche Mhór, Gaillimh.

Níl aon ghradam eile dá leithéid atá chomh seanbhunaithe in Éirinn agus é eagraithe ag Gaillimh le Gaeilge, i gcomhpháirtíocht leis an Galway Advertiser agus le tacaíocht ó TG4 agus ó Chumann Tráchtála na Gaillimhe. Tá an Gradam ag ceiliúradh 21 bliain ar an bhfód i mbliana, a bhuíochas sin do gach gnólacht agus eagraíocht as Gaillimh a bhí páirteach ann i gcaitheamh na mblianta, chomh maith leis na hurraitheoirí a thacaigh leis.

Cuireann Eaglais Choláisteach San Nioclás, atá 700 bliain ar an bhfód agus atá lonnaithe i gcroílár na cathrach, céad míle fáilte roimh chuairteoirí áitiúla agus idirnáisiúnta gach lá.

Tá ról tábhachtach ag an nGaeilge san Eaglais le cúpla bliain anuas; tá an Ghaeilge mar chuid dá ngnáthsheirbhísí Eocairiste ar an Domhnach le roinnt píosaí den liotúirge á chanadh i nGaeilge. Tá sé ionchorpraithe ar a gcuid comharthaíochta,  ina gcuid bileoga eolais, sna turais agus ar a guid meáin shóisialta chomh maith. Gné eile dá dtairiscint turasóireachta gnó is ea go bhfuil San Nioclás anois á chur chun cinn mar ionad imeachtaí sa chathair.

Bhí an Reachtaire Lynda Peilow thar a bheith sásta leis an nuacht  agus dúirt sí:

“Tá áthas an domhain orainn a bheith ainmnithe mar bhuaiteoir foriomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh i mbliana. Táimid an-bhródúil as an méid atá déanta againn ó thosaigh muid amach leis an nGradam trí bliana ó shin. Tá áthas orainn blas den Ghaeilge a thabhairt do na mílte cuairteoirí a thagann tríd ár ndoirse ó gach cearn den domhan. Braithimid go bhfuil an pobal ar fad taobh thiar dár n-iarrachtaí an teanga a chur chun cinn agus táimid ag tnúth lena bheith ag leanúint ar aghaidh  ar ár  dturas leis an nGaeilge amach anseo.”

Fógraíodh go raibh Catagóir ‘Pobal agus Cultúr’, a bhí urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, buaite ag Eaglais Choláisteach San Nioclás agus chomh maith leis sin gurb iad buaiteoirí foriomlán an Ghradaim.

Ba iad buaiteoirí mórtasacha eile an Ghradaim ar an oíche ná:

Just Art It sa Chatagóir ‘Taithí Mhiondíola’ urraithe ag Galway Bay FM

Harbour Hotel  sa Chatagóir ‘Turasóireacht’, urraithe ag Fáilte Ireland.

GoBus.ie  sa Chatagóir ‘Seirbhísí’, urraithe ag Computer Troubleshooters.

Irish Socksciety sa Chatagóir ‘Digiteach’, urraithe ag Platform 94 (ar a tugadh Ionad Teicneolaíochta na Gaillimhe).

Is é Siopa Vincent’s, An Taobh Thiar, Gaillimh a bhuaigh Bronnadh Speisialta na Moltóirí, a bhí urraithe ag Judy Greene Pottery. Déantar Bronnadh Speisialta na Moltóirí, le haitheantas a thabhairt do ghnólacht a bhí istigh ar an nGradam den chéad uair agus a bhain amach caighdeán chomh hard agus go gcaithfí aitheantas a thabhairt dó.

Bhronn na moltóirí dhá Scoláireacht Ollscoile den chéad uair i mbliana, urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe de bharr go gcaithfí aitheantas a thabhairt don díograis agus díocas a léirigh na húinéirí gnóthaí agus iad ag foghlaim na teanga. Bronnadh na scoláireachtaí dhá bhliain le freastal ar an gcúrsa sealbhaithe teanga, ‘An Dioplóma sa Ghaeilge’, cáilíocht Ollscoile de chuid Ollscoil na Gaillimhe ar Cic Beag and ar Irish Socksciety.

 

Labhair Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Clodagh Higgins ag an ócáid agus dúirt sí:

“Táimid anseo tráthnóna inniu le comhghairdeas agus le moladh a thabhairt do Ghearrliosta an Ghradaim as a sár-obair i gcur chun cinn na Gaeilge i gcathair na Gaillimhe.  Léiríonn an Gradam seo, spiorad bródúil ilghnéitheach an dátheangachais i gcathair na Gaillimhe.”

Dúirt Stiúrthóir na Gaeilge an Dr Aodhán Mac Cormaic ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán:

“Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na hiomaitheoirí go léir. Tréaslaím go speisialta leis na gnólachtaí agus leis na heagraíochtaí fuinniúla atá anseo tráthnóna a bhain an Gearrliosta amach.  Tá dearcadh úr agus modhanna nuálacha in úsáid agaibh chun go mbeidh an Ghaeilge fite fuaite in bhur ngníomhaíochtaí gnó ó lá go lá agus molaim sibh as an gcur chuige seo”.

Agus í ag caint faoi ghradam gnó dátheangach na bliana seo, rinne Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey comhghairdeas leis na buaiteoirí ar fad agus d’fhógair dhá thionscnamh nua mar chuid d’fheidhmiú phlean teanga Chathair na Gaillimhe:

“Beidh an chéad fhéile dhátheangach dár gcuid ar siúl le linn deireadh seachtaine saoire bainc ‘Lá Fhéile Bhríde’, an bhliain seo chugainn. Táimid á dhéanamh seo i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus le Fáilte Ireland agus le tacaíocht páirtithe leasmhara eile. Tá an dara tionscadal ar cheann de na príomhchuspóirí atá againn do na blianta amach romhainn agus baineann sé sin le Lárionad Cultúrtha Gaeilge a bhunú i gcathair na Gaillimhe. Beidh forbairt agus rath an tionscadail seo ag brath ar thacaíocht chuí a bheith ar fáil ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.”

Dúirt sí freisin, “Tá rud éigin uathúil speisialta againn anseo in iarthar na hÉireann le húsáid na Gaeilge. Ba chóir go mbeadh ‘An Ghaeilge’  i lár an aonaigh i gcónaí san iarthar agus go mbeadh deis ag ár dteanga uathúil fás agus forbairt ann.”

Labhair Ciarán Ó hÓgartaigh, mac le Seosamh Ó hÓgartaigh thar ceann na Moltóirí agus dúirt sé:

“Is é an rud is suntasaí a chuaigh i gcion ar na moltóirí i mbliana faoi na gnólachtaí agus na heagraíochtaí a roghnaigh siad  mar  bhuaiteoirí  do Ghradam 2023 ná;  gur  léirigh siad a dtiomantas don teanga go soiléir mar aon le feinmhúinín ina gcuid iarrachtaí chun an Ghaeilge a chur chun cinn go nádúrtha ina gcuid gnólachtaí agus ina gcuid eagraíochtaí.  Bhí na Moltóirí an-tógtha freisin le líon na ngnólachtaí agus na n-eagraíochtaí a bhí faoi úinéireacht nó bainistíocht daoine ó thíortha eile atá ag cur na Gaeilge chun cinn go gníomhach agus ag spreagadh a gcuid custaiméirí an rud céanna a dhéanamh.”

Fuair na buaiteoirí na gcatagóirí éagsúla pacáistí gnó ar fiú €2,000 iad ó urraitheoirí na gcatagóirí chomh maith le macasamhail de dhealbhóireacht Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, urraithe ag Údarás na Gaeltachta. Bronnadh pacáiste fógraíochta ó phríomhurraitheoir na meán ar an nGradam, an Galway Advertiser, ar Eaglais Choláisteach San Nioclás.  Gheobhaidh siad pacáiste poiblíochta freisin le TG4 agus ballraíocht bliana le Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus le Gaillimh le Gaeilge.

Chomh maith leis sin fuair siad píosa álainn dealbhóireachta leis an ealaíontóir cáiliúil Pádraic Reaney, a thaispeánann ceithre threibh déag na Gaillimhe agus treibh amháin acu ‘ó shaol an lae inniu’ ina shiombail ar bhuaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh in 2023, agus ar na buaiteoirí a bheidh againn amach anseo.

Tá MOLSCÉAL ag déanamh urraíochta ar an nGradam arís i mbliana agus is é a chruthaigh an físeán ar an oíche, físeán a thug léargas ar gach dá raibh ar bun le linn na hócáide ag na buaiteoirí agus acu siúd a shroich an babhta ceannais.

Ba mhaith le Gaillimh le Gaeilge buíochas a ghabháil leis na hainmniúcháin ar fad a ghlac páirt  sa Ghradam i mbliana agus comhghairdeas a dhéanamh leis na buaiteoirí ar fad.

Tá ár mbuíochas tuillte chomh maith ag na moltóirí as ucht a gcuid ama don mholtóireacht. Is iad sin: Ciarán Ó hÓgartaigh, mac le Seosamh Ó hÓgartaigh (nach maireann), a bhfuil an gradam ainmnithe as, Daithí Ó Gallchobhair, Fáilte Ireland, Bainisteoir Foirne, An Ghaeltacht & na hOileáin, Slí an Atlantaigh Fhiáin agus Caroline Ní Fhlatharta, Oifigeach na Gaeilge, Oifig an Uachtaráin Ionaid & Meabhránaí, Ollscoil na Gaillimhe agus Róisín Nic Dhonnachdha, EmployAbility Galway agus Buaiteoir an Ghradaim in 2012. Ár mbuíochas chomh maith leis na hurraitheoirí ar fad a lean lena dtacaíocht don Ghradam. Táimid fíorbhuíoch díobh.