Ionad na Faiche Móire, fógartha mar ‘Treibh Nua na Gaillimhe’ ag Bronnadh Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2017

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Ceann de shiopalanna móra iarthar na hÉireann – Ionad na Faiche Móire/Eyre Square Centre i gceartlár chathair na Gaillimhe – ainmnithe mar ‘Threibh Nua na Gaillimh don Bhliain 2017’.

D’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Seán Kyne, TD, gurb é an t-ionad siopadóireachta a bhuaigh

príomhghradam an dátheangachais do ghnólachtaí na Gaillimhe – Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh – ag searmanas speisialta an Ghradaim in Óstán Bhóthar na Trá tráthnóna Dé Luain, an 15 Bealtaine

2017. Tá Gaillimh le Gaeilge ag ceiliúradh 30 bliain i mbun oibre i mbliana, agus ba é an searmanas seo buaicphointe an cheiliúrtha sin go dtí seo; tugtar aitheantas chuile bhliain san ócáid seo d’iarrachtaí lucht gnó na cathrach an Ghaeilge a chur chun cinn i nGaillimh – Cathair Dhátheangach na hÉireann atá le bheith ina Príomhchathair Chultúir na hEorpa in 2020.

Is é Ionad na Faiche Móire a bhuaigh an Catagóir Miondíola, faoi urraíocht Galway Bay FM, agus thug siad leo an Gradam mór féin níos deireanaí an oíche sin. 

Tá Ionad na Faiche Móire bainteach leis an nGradam le tamall de bhlianta anois – is comharthaí dátheangacha iad formhór na gcomharthaí san Ionad. Tá an Ghaeilge ina gcuid fógraíochta, ar a suíomh gréasáin agus ar a leathanach Facebook agus

baintear úsáid as an teanga freisin sna hócáidí poiblí uile a reáchtáiltear san Ionad. Le bliain anuas, tá ‘Fáilte’ le cloisteáil ag custaiméirí agus iad ag teacht isteach san Ionad agus tá comharthaí dátheangacha le feiceáil freisin anois ag an bpríomhbhealach isteach go dtí an tIonad, a ndearnadh forbairt air le deireanas; tá leagan Gaeilge de lógó an Ionaid le feiceáil ansin freisin.

Bíonn an Ghaeilge le cloisteáil ar an gcóras fógartha poiblí agus baintear úsáid faoi leith aisti san áit spraoi do pháistí – Tír na nÓg. Tá siad tar éis dul i gcion freisin ar na tionóntaí atá san Ionad agus dá thoradh sin tá brandaí cáiliúla agus áitiúla ar nós DIESEL, Maple Moose, Penney’s agus XL tar éis an Ghaeilge a ghlacadh chucu féin ina gcuid siopaí. Cuid de pholasaí an Ionaid anois é gnólachtaí nua isteach a spreagadh leis an nGaeilge a úsáid.

Is iad na buaiteoirí eile ar an oíche ná:

  • Sa Chatagóir ‘Fáilteachais & Turasóireachta’, urraithe ag Fáilte Ireland, is iad an Connacht Hotel a thug leo an duais.
  • Sa Chatagóir ‘Seirbhísí’, urraithe ag Snap Galway, is iad Lorg Media a thug leo an duais.
  • Sa Chatagóir ‘Comhlachtaí Eile’, urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, is iad Carey Building Contractors a chroch leo an duais.

Ag labhairt faoin bpróiseás moltóireachta, dúirt Cathaoirleach an Phainéal Moltóireachta,

Ciarán Ó hÓgartaigh:

“Is é an rud is mó ar thug muid suntas dó ná an chinnteacht go bhfuil todhchaí maith i ndán don Ghaeilge, go bhfuil sí á húsáid i ngnólachtaí úra fuinniúla agus go mbeidh sí ina dlúthchuid dá straitéis amach anseo. Ní gá gur athsmaoineamh a bheadh ann.  Is údar misnigh a fheiceáil freisin go bhfuil úsáid na Gaeilge ar na meáin shóisialta ar chomhchéim leis an mBéarla, mar gurb iad sin atá ag teacht chun cinn in áit an mhargaíocht thraidisiúnta agus go ndéanann siad freastal ar i bhfad níos mó daoine.  Tá bhur dtionchar le feiceáil ní hamháin i nGaillimh ach níos faide ó bhaile chomh maith!”

Ina theannta sin, tháinig focail  ar nós ‘Aimsiú’ agus ‘Tionchar’ chun cinn i rith an phróisis.   Níor cheap úinéirí/bainisteoirí sinsearacha ach go háirithe, go bhfuil úsáid na Gaeilge teoranta dá gcuid gnólachtaí féin amháin, ach mhothaigh siad go raibh an fhreagracht orthu an teanga a úsáid agus a chur chun cinn taobh amuigh dá gcomhlachtaí.  Léiríonn sé seo go mbíonn tionchar ag an nGradam ar roinnt gnólachtaí, ainneoin nach mbíonn siad féin páirteach ann.”

Thréaslaigh Seán Kyne TD, Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta leis na buaiteoirí ar fad agus dúirt:

“Is léir ón méid atá ráite agus le feiceáil anocht go bhfuil an Gradam ina dhlúthchuid agus mar uirlis thábhachtach don cháil atá ar Ghaillimh mar chathair dhátheangach na hÉireann agus mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2020. Trí bheith páirteach sa Ghradam seo, tá tuiscint shoiléir á léiriú agaibh ar an luach a chuireann sibh ar cheann de na hacmhainní nádúrtha is fearr atá againn, ár dteanga dhúchais féin.”

Ag an ócáid, d’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Gaillimh le Gaeilge mar an eagraíocht  a bheidh ceannasach as plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú do chathair na Gaillimhe faoin bpróiseas pleanála teanga.

“Tá áthas orm a fhógairt anseo tráthnóna, gurb iad Gaillimh le Gaeilge atá roghnaithe mar an Cheanneagraíocht chun é sin a dhéanamh. Is i gcomhar le páirtithe leasmhara ar nós Comhairle Cathrach na Gaillimhe a tharlóidh sé seo agus ba mhaith liom an deis a thapú chun gach rath a ghuí ar Bhríd agus a leathbhádóirí san obair dhúshlánach seo. Níl aon dabht ach gur chun leasa agus chun tairbhe na Gaeilge a bheith an plean teanga seo don chathair. Cuideoidh sé chomh maith le branda chultúrtha Ghaelach na cathrach a fhréamhú don todhchaí.”

Fuair buaiteoirí na gCatagóirí pacáiste gnó ar fiú €2,000 é ón urraitheoir a bhain leis an gcatagóir a raibh siad ann.  Tugadh macasamhail Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh dóibh freisin, urraithe ag Údarás na Gaeltachta.

Chuir Príomhurraitheoir an Ghradaim, an Galway Advertiser Pacáiste Fógraíochta ar fiú €2,000 é ar fáil d’Ionad na Faiche Móire. Fuair siad pacáiste fógraíochta le TG4, ceithre cinn de cheardlanna ar straitéisí don idirlíon, faoi urraíocht ARÓ Internet Business Development agus ballraíocht bliana le Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus le Gaillimh le Gaeilge. Chomh maith le sin, fuair siad píosa álainn dealbhóireachta leis an ealaíontóir clúiteach Pádraic Reaney atá sa Ghradam, agus 14 Threibh na Gaillimhe léirithe ann, mar aon le “Treibh nua na linne seo” mar shiombail de bhuaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh agus de na buaiteoirí eile a bheidh ann amach seo.

Thréaslaigh Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey, leis na buaiteoirí ar fad as a gcuid oibre dátheangaí. Dúirt sí:

“Bhí caighdeán ainmniúcháin an Ghradaim an-ard agus ó thaobh s’againne de, sin scéal an-mhaith i gcónaí, ní amháin do cháil an Ghradaim ach do staid agus ról na Gaeilge i bhforbairt thodhchaí na Gaillimhe – Cathair dhátheangach na hÉireann agus Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020.”

Labhair Iar-Uachtarán Chumann Tráchtála na Gaillimhe, Conor O’Dowd, ag an ócáid freisin, agus dúirt:

“Toisc go bhfuil béim chomh mór ar an nGaeilge agus í fite fuaite i gcúrsaí gnó anseo, is cinnte gur áit ar leith í Gaillimh ó thaobh cultúir agus atmaisféir de; dá thoradh sin ar fad is muid an chathair is tarraingtí don infheistíocht idirnáisiúnta agus muid ar an áit is mó freisin a tharraingíonn isteach turasóireacht ar luach ard ó cheann ceann na bliana.  Cuideoidh sé seo le cathair na Gaillimhe agus muid ag iarraidh buntáiste iomaíoch inbhuanaithe a chruthú le tuilleadh infheistíochta a mhealladh.”

Bhí caighdeán na n-iontrálacha sa Ghradam i mbliana an-ard.

Léiriú air seo is ea Bronnadh Speisialta na Moltóirí – tugtar aitheantas anseo do ghnólacht a chuir isteach ar an nGradam den chéad uair agus a bhain caighdeán an-ard amach ar cheart aitheantas a thabhairt dó.  Judy Greene Pottery a rinne urraíocht ar an duais seo, agus is ar Mary’s Fish Gaillimha bronnadh é.

Ina theannta sin, bhronn na Moltóirí Scoláireacht Ollscoile, urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar ghnó atá ag déanamh iarracht faoi leith chun úsáid na Gaeilge a fhorbairt ina ngnó. Bronnadh an scoláireacht seo an  PorterShed.  Is cúrsa sealbhaithe teanga, An Dioplóma sa Ghaeilge, cáilíocht Ollscoile agus cúrsa páirtaimseartha dhá bhliain, atá sa tairiscint seo.

Ba mhaith le Gaillimh le Gaeilge buíochas a ghabháil leis na hainmnithe ar fad a ghlac páirt i nGradam Sheosaimh Uí Ógartaigh i mbliana agus comhghairdeas a dhéanamh leis na buaiteoirí ar fad!    Ár mbuíochas leis na moltóirí as ucht a gcuid ama don mholtóireacht, is iad sin: Is iad seo; an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Déan Scoil an Ghnó, UCD; Sonya Nic Lochlainn, Bainisteoir Seirbhísí Corparáideacha, Údarás na Gaeltachta;

Clíona Ní Mhurchú, Bainisteoir Réigiúnach Top Oil (buaiteoir an Ghradaim i 2016) agus Tony Barrett, Stiúrthóir, WestBIC. Ár mbuíochas chomh maith leis na hurraí ar fad a lean lena dtacaíocht don Ghradam.