Gradam 2017 – Cad a dúirt na buaiteoirí

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

“Bhí ríméad orainn a bheith ainmnithe mar Bhuaiteoirí Iomlána Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2017. Tá an Ghaeilge mar chuid lárnach dár gcultúr agus dár n-oidhreacht agus mar cheann de na bhfoirgnimh phoiblí is mó sa chathair le breis agus 10 milliún custaiméir ag teacht isteach gach bliain, tá an-bhród orainn gur féidir linn tacú leis an nGaeilge. Go háirithe agus stádas dátheangach bronnta ar an gCathair agus Gaillimh ainmnithe mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2020.

Tá an-bhród orainn gur féidir linn dul i bhfeidhm ar roinnt dár dtionóntaí chun an Ghaeilge a úsáid ar a gcuid comharthaíochta. Bhí ionadh ar na tionóntaí faoin méid aiseolais dhearfaigh a fuair siad.

Níl anseo ach an tús dúinne. Tá muid chun a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge mar chuid lárnach den ionad le comharthaíocht dhátheangach. Tá muid ag iarraidh úsáid na Gaeilge mar mhodh chumarsáide sóisialta agus institiúide a normalú. Tá sé mar aidhm againn leanúint ar aghaidh ag dul i bhfeidhm ar na tionóntaí agus cur ina luí orthu go bhfuil an Ghaeilge mar chuid rí-thábhachtach d’fhéiniúlacht na cathrach.

Léiríonn an duais seo nach gá duit a bheith líofa sa Ghaeilge. Níl uait ach paisean don teanga agus tacaíocht Ghaillimh le Gaeilge. Bhí an tacaíocht a fuair muid ó Bhríd, Gearóidín agus Mícheál thar cionn ar fad agus sin fáth ar éirigh le hIonad na Faiche Móire an duais seo a bhaint amach.”

Avril Smith, Ionad na Faiche Móire. Buaiteoir iomlán an Ghradaim 2017