Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018 oscailte d’ainmniúcháin

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Tá Gradam Gnó Dátheangach na Gaillimhe oscailte anois d’ainmniúcháin do ghnónna agus d’eagraíochtaí atá lonnaithe i gcathair na Gaillimhe.

Bhí roinnt mhaith de ghnónna agus d’eagraíochtaí na Gaillimhe i láthair ag an bpreasócáid in Ionad na Faiche Móire nuair a sheol Méara Chathair na Gaillimhe, an Clr Pearce Flannery, Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018. Tá an Gradam oscailte go hoifigiúil anois d’ainmniúcháin go dtí Dé hAoine, 23 Feabhra 2018. Gliogáil anseo chun iontráil a dhéanamh ar líne.

 Sheol Gaillimh le Gaeilge a suíomh gréasáin nuadheartha (www.gleg.ie), a d’fhorbair Armour, ag an bpreasócáid chomh maith. Chuir an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maoiniú speisialta ar fáil do Ghaillimh le Gaeilge don dearadh nua ar an suíomh gréasáin.

Ag labhairt dó ag an bpreasócáid, chuir an Méara fáilte chroíúil roimh urraitheoirí uile an Ghradaim don bhliain seo agus dúirt: “Braitheann rath an Ghradaim, ní hamháin ar lucht a eagraithe, ach freisin ar thacaíocht agus ar thiomantas na n-urraí. Tá athruithe ollmhóra ag tarlú anseo i nGaillimh, Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020, a bhuíochas sin d’eagraíochtaí ar nós Gaillimh le Gaeilge. Tá traidisiún láidir againn idir chainteoirí, amhránaithe ar an sean-nós agus scéalaithe agus é ar fad trí mheán na Gaeilge.  Bhí agus tá an traidisiún sin ina chuid lárnach dár bhféiniúlacht, dár gcultúr agus dár dtuiscint ar an saol agus orainn féin.  Is éacht iontach é an athbheochan atá ag tarlú anseo i nGaillimh ó thaobh na Gaeilge de, an meas atá uirthi agus an tiomantas atá ann di. Cuidíonn an teanga linn ár bhféiniúlacht agus ár bhfréamhacha a thuiscint rud gur féidir linn ar fad a bheith bródúil as agus is é Gaillimh le Gaeilge atá ina cheannródaí ar sin”.

Lean sé ar aghaidh ansin agus d’fhógair sé urraí Ghradam 2018:

I mbliana arís, is é an Galway Advertiser an príomhurra ó thaobh na meáin chumarsáide de. Tá TG4 ar bord freisin, chomh maith le hurraí na gcatagóirí mar seo a leanas:

  • Galway Bay FM ag déanamh urraíochta ar an gcatagóir ‘Miondíol’
  • Fáilte Ireland ag déanamh urraíochta ar an gcatagóir ‘Fáilteachas agus Turasóireacht’
  • Snap Galway ag déanamh urraíochta ar an gcatagóir ‘Seirbhísí’
  • Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag déanamh urraíochta ar an gcatagóir do ‘Comhlachtaí Eile’.

Ina theannta sin, tá an tAcadamh ag déanamh urraíochta ar Scoláireacht Ollscoile –  cúrsa sealbhaithe teanga, An Dioplóma sa Ghaeilge, cáilíocht Ollscoile agus cúrsa páirtaimseartha dhá bhliain, atá sa tairiscint seo.

Rinne Údarás na Gaeltachta a gcuid urraíochta do na trí bliana amach romhainn a athnuachan agus beidh Cumann Tráchtála na Gaillimhe ag déanamh urraíochta ar an mbuaiteoir iomlán.

urra nua ag an nGradam i mbliana, is iad sin, an Ghníomhaireacht Meán Sóisialta, Lorg Media, a bhfuil gradaim go leor bainte amach acu. Is fiú breis agus €23,000 an urraíocht iomlán don Ghradam in 2018

Agus í ag labhairt ag preasócáid an Ghradaim, mhol Bernadette Mullarkey, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, do ghnó nó d’eagraíocht ar bith sa chathair a úsáideann an Ghaeilge páirt a ghlacadh ann:

“Is í an chomhairle a bheadh agamsa do ghnó nó d’eagraíocht ar bith atá ag smaoineamh ar chur isteach ar Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh i mbliana ná… an deis a thapú. B’fhéidir, in amanna, nach mbeadh ‘chuile shórt déanta le gnó dátheangach a chruthú agus tá sin ceart go leor freisin. D’fhéadfadh smaoineamh iontach amháin a bheith agat do do ghnó a bheadh nuálaíoch agus spreagúil sa chaoi a mbeadh an teanga á húsáid agus dhéanfadh sé sin idirdhealú idir tú féin agus an chuid eile.”

Labhair Declan Varley, Grúpeagarthóir an Galway Advertiser, chomh maith agus dúirt sé gur cúis ríméid í don Galway Advertiser baint a bheith acu leis an nGradam:

“Tá beagnach leathchéad bliain caite ag an Advertiser ag déanamh poiblíochta ar a bhfuil éagsúil agus spreagúil faoi Ghaillimh, mar gurb é sin a thugann ar dhaoine maireachtáil, oibriú, nó am a chaitheamh anseo. Is cuid lárnach den éagsúlacht sin an Gradam seo, agus Gaillimh le Gaeilge, mar go gcothaíonn siad caidreamh idir chultúr agus thraidisiún. Tá ríméad orainn a bheith mar phríomhurra ar an nGradam ionas go gcoinneoidh gnónna agus eagraíochtaí na Gaillimhe orthu leis an obair iontach atá ar bun acu chun an teanga a chaomhnú agus an chathair a idirdhealú.”

Dúirt Avril Smith, Bainisteoir Ionad na Faiche Móire a bhuaigh Gradam 2017:

“Ní gá duit a bheith i do chainteoir líofa Gaeilge le páirt a ghlacadh sa Ghradam mar tá foireann Ghaillimh le Gaeilge ann le cuidiú leat ó thús deireadh an phróisis. Déanfaidh siad athbhreithniú ar do ghnó ó thaobh íomhá de – comharthaíocht, ábhar margaíochta, meáin shóisialta, agus fógraíocht. Is cinnte gur chuidigh an Gradam linn cur go mór le próifíl Ionad na Faiche Móire, fuair muid go leor leor poiblíochta go háitiúil agus go náisiúnta.  Tá sé ar cheann de na rudaí is fearr dá ndearnamar riamh páirt a ghlacadh sa Ghradam.”

Tá Gaillimh le Gaeilge ag cur sceidil le chéile faoi láthair agus ba bhreá leo casadh le gnónna agus le heagraíochtaí a bhfuil spéis acu an Ghaeilge a úsáid le gnó dátheangach a chruthú. Is é an Aoine 23 Feabhra 2018 an dáta deiridh le cur isteach ar an nGradam. Breathnóidh Gaillimh le Gaeilge ar fhéidearthachtaí éagsúla ó thaobh úsáid na Gaeilge de i do ghnó nó i d’eagraíocht agus beidh breis agus trí mhí agat le hullmhú sula ndéanfar an mholtóireacht i lár mhí Aibreáin.

Gliogáil anseo chun iontráil a dhéanamh ar líne nó glaoigh ar 091 568876.