Tá TG Lurgan ag lorg tallainne úrnua ar fud na tíre ag tosnú an mí Márta seo.

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Tá TG Lurgan ag lorg tallainne úrnua ar fud na tíre ag tosnú an mhí Márta seo. Ag an am céanna tá an togra ina bhfuil  cliú agus cáil ar tí leabharlann ollmhór leaganacha éagsúla d’amhráin chomh maith lena gcuid bunsaothair féin a roinnt ar a gcuntas Spotify a bheas ar fáil ó mí Márta 2018 ar aghaidh.

Tá TG Lurgan tar éis seal i ndiaidh seal a chaitheamh i measc na cáirteacha ar YouTube ó a d’éirigh siad as athaithne i 2013 nuair a bhailigh an leagan Gaeilge do ‘Wake Me Up’ le Avicii le níos mó ná 5.8 milliún radharc.

Sé an aidhm atá ag TG Lurgan anois ná  neart ceoil úrnua a fhoilsiú. Mar a léirigh Mícheál “Tá scoláirí s’againne théis taspáint arís agus arís go bhfuaimíonn na hamhráin is cáiliúile chomh maith céanna trí Ghaeilge nuair a dhéantar iad de réir an chaighdeán is mó”.

Tá TG Lurgan ag tabhairt cuireadh do chumadóirí agus amhránaithe a d’oibreadh chun ard-chaighdeán ceoil a chumadh trí mheáin na Gaeilge. Ní gá go mbeadh Gaeilge ag na cumadóirí agus na h-ealaíontóirí toisc go n-athraíonn liricí Gaeilge nuair a dhéantar forbairt ar na hamhráin. Tá scór nua, cruthaitheach, mealltach i bhfad níos tábhachtaí.

“Sé ár misean ná an teanga a spreagadh ag úsáid popcheol. Is ea TG Lurgan ar Youtube an cainéal mionteaga is údarásach ar domhain. Le NuaNós, táimíd ag súil le cúpla píosa ceoil suimiúil a chuir le chéile. Beidh seans ag na cumadóirí chun a bheith gníomhach agus iad ag obair ar an mbun-choincheap a fhorbairt,” a deir Mícheál.

Tá siad amuigh ansin, foinn draíochta faoi shuan, a spreagfas ón gcéad bhuille go nóta deire na foirfeachta. Croí, paisean, dóchas.  Briseann an dúchas trínár mianta , tagann neart as lámha a chéileIn éindí fíoróidh muid an tsamhail.  D’fhís fhéin, d’ionspráid fhéin.

Tá TG Lurgan ag iarraidh foinsí nua, cruthaitheach a mhealladh i mbliana. Tá daoine atá 16 nó níos sine in ann a gcuid téipeanna a chuir tríd NuaNós.

Má tá tiúin íontach úrnua agatsa agus má tá fonn ort é a fhorbairt lena achmhainní uilig atá ar fáil ag TG Lurgan ba bhreá linn dhul i dteagmhaill leat foinn@nuanos.com. Caith súil ar ár gcuid leathanaigh sóisealta chomh maith le www.nuanos.com i gcomhair breis eolais.