Bród ar Ghnónna agus ar Eagraíochtaí na Gaillimhe a bheith mar chuid de Ghaillimh Dhátheangach

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Na hAinmniúcháin do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2019

Tá 18 ngnó agus n-eagraíocht ó réimse leathan earnálacha agus atá lonnaithe taobh thiar agus taobh thoir mar aon le i lár chathair na Gaillimhe ainmnithe do Ghradam Gnó Dhátheangach na Gaillimhe – Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2019. Is í Gaillimh le Gaeilge a eagraíonn an Gradam i gcomhar leis an Galway Advertiser agus le TG4 agus le tacaíocht Chumann Tráchtála na Gaillimhe.

Tá 12 cheann de na 18 n-ainmniúcháin seo istigh ar an nGradam den chéad uair agus tá 6 cinn tar éis a bheith páirteach ann cheana. I measc ainmniúcháin na bliana seo tá gnónna ar-líne, eagraíochtaí deonacha, tithe tábhairne agus óstáin cháiliúla de chuid na Gaillimhe, agus iad lán le smaointe nua cruthaitheacha maidir le húsáid na Gaeilge ina ngnó laethúil. Tá iar-bhuaiteoirí catagóirí agus comhlachtaí móra idirnáisiúnta istigh ar Ghradam 2019 chomh maith.

Agus í ag caint ar Ghradam 2019, dúirt Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge Bernadette Mullarkey:

“Tá muid thar a bheith sásta leis an éagsúlacht a bhaineann leis na hainmniúcháin don Ghradam i mbliana – ó thaobh chineál na ngnónna agus ó thaobh na tíreolaíochta de. Tá obair iontach déanta ag na hainmniúcháin uilig chun stádas dátheangach na Gaillimhe a chothú. Tá feiceálacht agus cur chun cinn na Gaeilge fíorthábhachtach dúinn mar chathair dhátheangach. Guím gach rath ar na gnónna ar fad atá ainmnithe. Comhghairdeas libh go léir as bhur dtiomantas chun Gaillimh a choinneáil dátheangach agus difriúil. Gach rath oraibh i mbliana.”

Beidh foireann Ghaillimh le Gaeilge gnóthach sna seachtainí amach romhainn ag cur tacaíochtaí praiticiúla agus seirbhís leanúnach aistriúcháin ar fáil do na 18 n-ainmniúchán. Cuirfidh na moltóirí ardluach ar sheirbhís trí Ghaeilge, ar fheiceálacht na Gaeilge agus ar inbhuanaitheacht na Gaeilge sa ghnó nuair a thiocfaidh siad le chéile den chéad uair chun Gearrliosta an Ghradaim a roghnú ag tús mhí Aibreáin. Fógróidh Méara Chathair na Gaillimhe, an Clr Níall McNelis, an Gearrliosta ag preasócáid a bheidh ar siúl Dé Máirt, 16 Aibreán 2019.

Ba mhaith le Gaillimh le Gaeilge buíochas ó chroí a ghabháil leis na hurraitheoirí ar fad, a chuirean go mór le rath an Ghadaim gach bliain, agus fáilte mhór a chur roimh ár n-urraitheoir nua, MOLSCÉAL!

Is é an Galway Advertiser príomhurraitheoir na meán, agus go deimhin tá an comhlacht sin ag tacú leis an nGradam ó cuireadh tús leis in 2002. Tháinig TG4 ar bord in 2016 agus tá an dá eagraíocht seo ag cur pacáiste iontach fógraíochta ar fáil don bhuaiteoir iomlán.

Is iad seo a leanas urraitheoirí na gcatagóirí do Ghradam 2019: Galway Bay FM, Fáilte Éireann, Snap Galway agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Beidh Údarás na Gaeltachta ag déanamh urraíochta ar mhacasamhla Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, saindeartha ag an ealaíontóir cáiliúil Pádraic Reaney. Cuirfidh Cumann Tráchtála na Gaillimhe urraíocht ar fáil don bhuaiteoir iomlán chomh maith. Míle buíochas leo go léir!

Gheobhaidh gach gnó atá ainmnithe don Ghradam poiblíocht shuntasach sna meáin Ghaeilge agus Bhéarla le linn fheachtas an Ghradaim agus gheobhaidh an buaiteoir iomlán aitheantas iomráiteach mar an 15ú Treibh de chuid na Gaillimhe don bhliain atá amach romhainn. Go n-éirí go geal leo ar fad.

 

Catagóir Miondíola: 

Corrib Shopping Centre

Fiáin

KD Autoparts,

Mary’s Fish

Catagóir Turasóireachta agus Fáilteachais:

Clayton Hotel Galway

Freshii

The Galmont Hotel & Spa

The King’s Head

The Skeff Late Night Bar & Kitchen

Catagóir Seirbhísí:

Magnet Networks

Murphy Catering and Laundry Equipment

Ó Tuairisg Associates Ltd

Polishing Technologies Ireland

Sweeney Oil

 

Catagóir na gComhlachtaí Eile:

Big O Taxis

ClearBookings

Galway Volunteer Centre

Westside Community Organic Gardens

Míle buíochas dár n-Urraí

Príomhurra an Ghradaim

 

 

Urra an Ghradaim

 

Urraí na gCatagóirí

Miondíol

Seirbhísí

 

Turasóireacht & Fáilteachas

Comhlachtaí Eile

Urraí Tacaíochta an Ghradaim