Sweeney Oil – Buaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2019

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

“Ghlac Sweeney Oil páirt i nGradam Sheosaimh Uí Ógartaigh den chéad uair in 2017. Bhí muid thar a bheith bródúil as ár gcultúr agus as ár n-oidhreacht in iarthar na hÉireann agus i nGaillimh ach go háirithe agus theastaigh uainn rud éigin a thabhairt ar ais – theastaigh uainn rud éigin a dhéanamh le cois an tseirbhís atá againn a chur ar fáil. Tá roinnt mhaith cainteoirí dúchais Gaeilge ar fhoireann s’againn agus custaiméirí ar cainteoirí Gaeilge iad chomh maith, mar sin bhí muid ag iarraidh an Ghaeilge a thabhairt isteach inár gcuid oibre. Fuair muid tacaíocht iontach ón bhfoireann ar fad i nGaillimh le Gaeilge. Is aistear dúshlánach a bhí againn go dáta ach thar a bheith taitneamhach agus luachmhar chomh maith. Tá bród orainn a bheith mar chuid den cheiliúradh seo ar an nGaeilge agus tá súil againn leanúint ar aghaidh ní hamháin leis an mbranda dátheangach seo a thógáil ach leis an lucht gnó trí chéile a spreagadh, le cúnamh Dé, chun a gcuid féin a dhéanamh don teanga. Má bhíonn tú ag plé le margaíocht, bíonn ort nádúr ar leith a chruthú nó guth a aithint do do chomhlacht. Caitheann go leor comhlachtaí an t-uafás ama ag cuardach comhartha féiniúlachta ar leith dóibh féin ach i ndáiríre tá freagra na ceiste díreach os ár gcomhair. Is Éireannaigh muid, tá nádúr ar leith agus guth againn agus ba chóir dúinn ár dteanga féin a cheiliúradh. Is é an rud is tábhachtaí a d’fhéadfadh muid a dhéanamh dár gcustaiméirí ná iad a chur ar a gcompord, meas a léiriú orthu agus freastal ar a gcuid riachtanas – cén chaoi ab fhearr leis seo a dhéanamh ná ligint dóibh labhairt linn ina dteanga féin? Is é an teachtaireacht atá againn ná go bhfuair muid go leor as a bheith páirteach sa tionscnamh seo, chuir muid lenár n-acmhainní agus lenár bhfoireann agus le cúnamh Ghaillimh le Gaeilge tá muid ag déanamh freastal níos fearr ar riachtanais ár gcustaiméirí agus tá ár bhféiniúlacht féin againn. Mholfaimis do ghnó ar bith páirt a ghlacadh i nGradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, beag beann ar an gcineál gnó atá ann, ná ar na hacmhainní atá ar fáil duit. De réir a chéile a thógtar na caisleáin agus cuireann chuile fhorbairt bheag go mór leis an todhchaí, todhchaí ar chóir dúinn a bheith bródúil as. Buíochas mór ó chroí uainne uilig ag Sweeney Oil, is mór againn é seo.”

Vivienne Molloy, Sweeney Oil