Fáilte2020 chun an Ghaeilge a neartú i mBóthar na Trá

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Is togra nua é Fáilte2020 atá eagraithe ag Gaillimh le Gaeilge chun úsáid na Gaeilge a neartú i gceantar Bhóthar na Trá. Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag tabhairt tacaíochta don togra seo agus díreoidh sé go príomha ar an earnáil fáilteachais agus turasóireachta i mBóthar na Trá, ach le himeacht ama, leathnófar an togra amach ar fud na cathrach. Sheol Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir  Mike Cubbard, Fáilte2020 ar an Déardaoin, 26 Meán Fómhair i mBialann an Galleon, Bóthar na Trá, Gaillimh.

Ag labhairt ag an bpreasócáid, dúirt Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey:

“Tá Oireachtas na Samhna ag teacht go Gaillimh mar chuid d’imeachtaí chultúrtha Ghaillimh 2020.  Tá an-áthas orainn gur ghlac an Fhéile chultúrtha agus ealaíon Ghaeilge is mó in Éirinn le cuireadh Ghaillimh le Gaeilge teacht go Gaillimh. Táimid ag súil go meallfaidh an tOireachtas slua mór de 10,000 duine chuig an gcathair i mí na Samhna an bhliain seo chugainn. Beidh formhór na n-imeachtaí ar siúl i mBóthar na Trá agus chun ullmhú don fhéile, beidh Gaillimh le Gaeilge ag dul i mbun oibre leis an scátheagraíocht gnó,  The Village Salthill chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa cheantar.

Ag seoladh Fáilte2020, dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard:

“Tá sé deacair Bóthar na Trá a shárú mar shuíomh. Tá sé lonnaithe ar thairseach na Gaeltachta  ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Is deis iontach é Fáilte2020 do ghnólachtaí i mBóthar na Trá ‘Céad Míle Fáilte’ Gaillimheach a chur roimh Oireachtas na Samhna agus roimh chuairteoirí a thiocfaidh go Gaillimh in 2020 le húsáid na Gaeilge. Táimid fíorbhródúil as an stádas atá ag Gaillimh mar chathair dhátheangach agus tá obair déanta cheana féin chun é seo a bhaint amach. Tá an Ghaeilge ar taispeáint go bródúil ar aghaidheanna siopaí, ar bhiachláir, agus le cloisteáil  i bhfógraíocht dhátheangach in ionaid siopadóireachta srl., mar sin, tá a fhios againn go bhfuil sé indéanta!  Mholfainn do gach duine páirt a ghlacadh sa togra. Beidh Plean Teanga ag Cathair na Gaillimhe gan mhoill, mar sin,  cén fáth nach gcuirfimid tús leis an obair anois? Guím gach rath ar Fáilte2020.”

Chun cúnamh a thabhairt le Fáilte2020, tá Ciara O’Connor tagtha ar bord le foireann Ghaillimh le Gaeilge. Is as contae na Gaillimhe do Chiara agus bhain sí amach céim B.A Idirnáisiúnta sa Ghaeilge agus sa Fhraincis ó hOllscoil na hÉireann, Gaillimh agus chuaigh sí ar aghaidh chun M.A i gCleachtas Garimiúil sna Meáin a bhaint amach chomh maith. Chaith sí bliain ag obair mar mhuinteoir Béarla sa Fhrainc mar chuid de chlár Erasmus le linn a cúrsa céime, mar sin tá taithí mhaith aici a bheith ag feidhmiú go dátheangach. Mar chuid den chúrsa M.A chaith sí tréimhse luachmhar ag obair le RTÉ inár oibrigh sí go mór leis na meáin agus leis an nGaeilge. Le linn an ama seo, bhí sí mar chuid d’fhoireann léirithe Scannal agus Cloch le Carn, agus chomh maith leis sin chaith sí tréimhse ag obair i Rannóg na Meáin Dhigiteacha ag díriú isteach ar iriseoireacht ar líne.

Sna seachtainí amach romhainn, beidh foireann Ghaillimh le Gaeilge ag tnúth go mór le casadh le húinéir(í) nó bainisteoir(í) gnó chun athbhreithniú a dhéanamh ar an ngnó ó thaobh a íomhá de – biachláir, comharthaíocht, ábhar margaíochta, na meáin shóisialta, ábhar fógraíochta, srl. Déanfaidh an fhoireann scrúdú ar na féidearthachtaí éagsúla i leith úsáid na Gaeilge agus cuirfidh siad plean céim ar chéim le chéile chun an Ghaeilge a shní isteach sa ghnó in achar ama aontaithe. Cuirfidh foireann Ghaillimh le Gaeilge comhairle agus saineolas ar fáil maidir le margaíocht agus gnó, chomh maith le seribhísí aistriúcháin saor in aisce a chur ar fáil le linn an phróisis.

Labhair Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge faoi bhuntaistí eacnamaíochta na féile. Lean sé ar aghaidh agus dúirt sé:

“Reáchtáladh Oireachtas na Gaeilge sa Citywest in 2015 faoi mar a bheidh arís i mbliana.  Mheas Rannóg Turasóireachta Chomhairle Contae Átha Cliath Theas gurbh fhiú os cionn €8 milliún an ócáid don cheantar.  Creidim go n-aontóidh daoine gnaíúla Chill Airne ar reáchtáladh an fhéile ann in 2016, 2017 agus 2018 leis an méid sin”.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar ‘Fáilte2020’, tabhair cuairt  ar www.gleg.ie nó déan teagmháil le Gaillimh le Gaeilge ar 091 568876 chun cruinniú a shocrú leis an bhfoireann.

Tá Gaillimh le Gaeilge ag obair i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, le Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus le heagraíochtaí éagsúla chun cathair na Gaillimhe a chur chun cinn mar chathair dhátheangach.

Faigheann Gaillimh le Gaeilge maoiniú ón gCrannchur Náisiúnta tríd an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ó Chairde Ghaillimh le Gaeilge i gcomhar le Cumann Tráchtála na Gaillimhe.