The Kings Head fógartha mar bhuaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, 2020 agus iad ainmnithe mar Threibh Nua na Gaillimhe

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Ar an 6 Samhain 2020, leis an lucht éisteachta is mó ariamh, le breis agus 45,000 duine ag éisteacht, d’fhógair Leas-Mhéara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Colette Connolly, The Kings Head, An tSráid Ard, Gaillimh mar bhuaiteoirí foriomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh –  BEO ar Galway Talks le Keith Finnegan ar Galway Bay FM.

Is iad Gaillimh le Gaeilge, i gcomhpháirtíocht leis an Galway Advertiser, TG4 agus le tacaíocht speisialta ó Chumann Tráchtála na Gaillimhe, a reáchtálann Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh – an gradam dá shórt is faide atá ar an bhfód in Éirinn. B’éigeán don Ghradam athrú ó bhonn  agus bogadh go dtí  sceideal nua san Fhómhar de bharr COVID-19.

Tar éis seacht n-iarratas is fiche a bheith faighte, aon iomaitheoir déag sa bhabhta ceannais, ceithre chatagóir, agus dhá bhabhta de mholtóireacht fhíorúil, ainmníodh The Kings Head mar bhuaiteoir na catagóire ‘Turasóireacht agus Fáilteachas’, urraithe ag Fáilte Ireland, agus ba iad a chroch leo an Príomh-Ghradam féin faoi dheireadh maidin inniu.

Bhí Paul Grealish as The Kings Head thar a bheith sásta leis an nuacht. Agus é ag labhairt faoi céard a spreagann iad an Ghaeilge a úsáid, dúirt sé:

“Táimid an-bhródúil as stádas na Gaillimhe mar chathair dhátheangach oifigiúil, agus mar theaghlach, táimid feasach ar gach rud is féidir a dhéanamh chun úsáid na Gaeilge inár ngnó a chur chun cinn. Is cuid ollmhór den obair a dhéanaimid ár stair agus ár n-oidhreacht. Dá bhrí sin, déanann sé ciall ár dteanga dhúchais a úsáid gach áit agus aon uair ar féidir linn. Is breá le muintir na háite an Ghaeilge a fheiceáil.

Le tamall de bhlianta anuas, tá an Ghaeilge curtha againn ar chomharthaíocht, ar bhiachláir, ar scáileáin dhigiteacha, inár meáin shóisialta agus soláthraímid Seirbhís trí Ghaeilge freisin. Le breis agus 15 bliana, táimid ag díol t-léinte The Kings Head le ‘Buail Isteach’ scríofa trasna an chúil (gan aistriúchán Béarla), chomh maith le t-léinte speisialta ‘Nollaig Shona’ don Nollaig. Míníonn ár bhfoireann an bhrí agus an fuaimniú ceart do thurasóirí. Táimid bródúil go bhfuil beagnach 40,000 t-léine lenár mana speisialta Gaelach air tar éis a mbealach a dhéanamh chuig tíortha ar fud an domhain!”

Bhuaigh na dreamanna seo a leanas duaiseanna freisin ar an lá:

 Bród Pobail na Gaillimhe, buaiteoirí Chatagóir na gComhlachtaí Eile, atá urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

  • Ionad Siopadóireachta na Coiribe buaiteoirí Chatagóir an Mhiondíola, atá urraithe ag Galway Bay FM.
  • Big O Taxis, buaiteoirí Chatagóir ‘Seirbhísí’, atá urraithe ag Video Sherpa

Tar éis di na buaiteoirí go léir a fhógairt, dúirt an Leas-Méara, an Comhairleoir Colette Connolly;

“Is mian liom gach duine de na hainmnithe a ghlac páirt i nGradam Sheosaimh Uí Ógartaigh a mholadh i mbliana. Ba bhliain an-chrua í agus cé go bhfuilimid fós faoi ordú dianghlasála, is iontach an rud é go bhfuil an Gradam seo againn ag ceiliúradh fhíor-spiorad an dátheangachais agus teacht aniar ghnólachtaí agus eagraíochtaí na Gaillimhe inár gcathair”.

Rinne Jack Chambers TD, Príomh-Aoire an Rialtais, agus Aire Stáit na Gaeltachta  teachtaireacht speisialta  a thaifeadadh do na buaiteoirí ar fad:

Tá áthas orm go bhfuil deis ag na comhlachtaí agus na heagraíochtaí seo aitheantas a fháil don tsárobair agus na Gradaim seo á bhfógairt. Tuigim go bhfuil obair thar a bheith fiúntach ar bun ag Gaillimh le Gaeilge chun an teanga a chothú agus a chur chun cinn i gCathair na Gaillimhe, agus go bhfuil ról lárnach ag na Gradaim seo i saol Gaeilge na cathrach.”  

Ag labhairt dó thar ceann Mholtóirí an Ghradaim, dúirt Rónán Ó hÓgartaigh: 

 “Bhaineamar go léir an-sult as na cruinnithe fíorúla leis na gnólachtaí. Chuaigh a ndúthracht agus a n-iarrachtaí i bhfeidhm go mór orainn. Tá cur chuige faoi leith ag gach uile cheann acu, agus iad go léir ag obair go dian chun an Ghaeilge a chur chun cinn ina gcuid gnó, agus iad an-bhródúil as bheith a déanamh a gcuidse chun aird a tharraingt ar stádas oifigiúil dátheangach na Gaillimhe.  Ba mhaith le Moltóirí an Ghradaim aitheantas a thabhairt do na dúshláin a bhí roimh na gnólachtaí a ghlac páirt agus iad ag dul i ngleic le Covid-19. Ní mór suntas a thabhairt do líon na ngnólachtaí a chuir iarratais isteach agus don chaighdeán fíor-ard atá ag baint leis an obair atá ar bun acu. Agus Gaillimh suite ar imeall na Gaeltachta is mó sa tír, níl amhras orainn ach gur féidir leis an earnáil ghnó é sin a úsáid chun a leasa. Ba mhór an spreagadh a fuaireamar ó bheith ag caint le gach duine, agus ba ábhar misnigh dúinn gur aithin siad luachanna obair Ghaillimh le Gaeilge. Molaimid go mór gach duine a ghlac páirt, as bheith chomh dílis agus chomh tiomanta don Ghradam le míonna anuas, agus tréaslaímid ó chroí leis na buaiteoirí uile! 

Is iad na moltóirí eile ar an bpainéal moltóireachta i mbliana ná; Freda Nic Giolla Chatháin, Saor-aistritheoir agus iar-Phríomhfheidhmeannach Ghnó Mhaigh Eo, agus  Fiona Ní Fhlaithearta, TG4,

Bhí an méid seo le rá ar an gclár ag Declan Varley, Grúpeagarthóir an Galway Advertiser,  Príomhurraitheoirí an Ghradaim,

 Tá ról tábhachtach ag Gaillimh le Gaeilge i bhfeiceálacht na Gaeilge ar fud na cathrach agus i mbliana, agus iad ag obair i gcomhar le Galway Bay FM chun an Gradam a óstáil, ní hamháin go gcloisfear an Ghaeilge ar shráideanna na Gaillimhe, ach cloisfear ar fud na Gaillimhe í, thar na haerthonnta.”

Labhair Bernadette Mullarkey, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge agus dúirt:

“In ainneoin na ndeacrachtaí a bhí roimh ghnólachtaí agus roimh eagraíochtaí, ba iontach an spreagadh agus an dúthracht a léirigh ainmnithe an Ghradaim sna míonna seo a d’imigh tharainn.  All  the nominees have done great work which is instrumental in sustaining Galway’s  official bilingual status, comhghairdeas leo ar fad.

Léiriú ar ardchaighdeán na n-iontrálacha i mbliana is ea Bronnadh Speisialta na Moltóirí, gradam speisialta lena dtugtar aitheantas do ghnólacht a thug faoin nGradam den chéad uair agus a bhfuil caighdeán an-ard bainte amach aige agus aitheantas dlite dó dá réir. Bhronn Kenny Derry, Príomhfheidhmeannach Chumann Tráchtála na Gaillimhe an duais, urraithe ag Judy Greene Pottery ar an Reachtaire Lynda Peilow, Eaglais Choláisteach San Nioclás, Gaillimh.

Bhronn  Uachtarán Ollscoil na hÉireann Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Scoláireacht dhá bhliain ar an gcúrsa sealbhaithe teanga, an Dioplóma sa Ghaeilge, átá urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh Jake Morgan ón gcomhlacht léiriúcháin dátheangach, Morgan Creative atá lonnaithe i gcroílár na Gaillimhe. Bronntar an duais seo ar  ghnó a dhéanann  iarracht speisialta leis an nGaeilge a chur chun cinn agus a úsáid lena gcuid custaiméirí.

 Fuair buaiteoirí chatagóirí éagsúla an Ghradaim pacáiste gnó ar fiú €2,000 é ó urraitheoir na catagóire chomh maith le macasamhail de Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, urraithe ag Údarás na Gaeltachta. Gheobhaidh The Kings Head pacáiste fógraíochta ar fiú €2,000 é ó phríomhurraitheoir an Ghradaim, an Galway Advertiser.  Gheobhaidh siad pacáiste poiblíochta freisin le TG4 agus ballraíocht bliana le Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus le Gaillimh le Gaeilge.

Anuas air sin, faigheann siad Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, píosa álainn dealbhóireachta atá deartha go speisialta ag an ealaíontóir cáiliúil Pádraic Reaney agus a léiríonn 14 Threibh na Gaillimhe, mar aon le ’Treibh na linne seo’, a sheasann do bhuaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, 2020 agus buaiteoirí eile amach anseo.

Ba mhaith le Gaillimh le Gaeilge buíochas a ghabháil leis na hainmnithe ar fad a ghlac páirt i nGradam Sheosaimh Uí Ógartaigh i mbliana agus comhghairdeas a dhéanamh le The Kings Head agus le buaiteoirí chatagóirí éagsúla an Ghradaim.

Tá ár mbuíochas tuillte chomh maith ag na moltóirí as ucht a gcuid ama don mholtóireacht.

Ár mbuíochas chomh maith leis na hurraitheoirí ar fad a lean lena dtacaíocht don Ghradam.  Táimid fíorbhuíoch díobh.