#GaillimhleGrá

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Tá rud éigin faoin nGaeilge a oibríonn thar barr agus í á húsáid le gach rud a bhaineann le Grá! Seo chugaibh liosta beannachtaí, frásaí agus téarmaí le húsáid ar Lá Fhéile Vailintín.
Déanfaimid poiblíocht ar aon ghnó nó eagraíocht a úsáideann beannachtaí Gaeilge/ dátheangacha cibé ar na meáin shóisialta é, ar an bpacáistiú nó / ar an ábhar margaíochta, mar sin, na déanaigí dearmad úsáid a bhaint as an haischlib #GaillimhleGrá.


Bígí ag faire amach don chomórtas a bheidh againn i gcomhar le  Seodóireacht Cheilteach an Chladaigh,  Grá Chocolates agus Maddens Florist ar Facebook agus Instagram.
Má tá aon aistriúchán eile de dhíth, déan teagmháil linn ag 091 568876 nó eolas@gleg.ie.

Lá Fhéile Vailintín Sona duit – Happy Valentine’s Day

Lá Vailintín sa Bhaile le mo Ghrá Geal – Valentine’s Day at home with my sweetheart

Do mo Ghrá Geal – For my Loved One

Le Grá – With Love

Mo Ghrá Geal – My Love

A ghrá mo chroí –  My heart’s beloved

Is tú mo ghrá geal – You are the love of my life

 A Stóirín! – Darling!

 Mo Mhuirnín – My sweetheart

Giorraíonn beirt bóthar – Two shorten the road

Maireann lá go ruaig ach maireann an grá go huaigh – A day lasts until its chased away, but love lasts until the grave

Maireann an grá go deo – Love lasts forever

Grá agus gean – Love and affection

Grá síoraí – Everlasting love

Beidh grá agam duit go deo/ beidh grá agam duit go brách – I’ll love you forever

Cuireann bláthanna grá in iúl –  Flowers are the language of love

Nóta seirce – A love note

Cumhacht an ghrá – The power of love

Grá gan choinníoll – Unconditional love