Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2021 le seoladh beo ar Galway Bay FM

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Mar cheiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge, an fhéile idirnáisiúnta bhliantúil Ghaeilge is mó ar domhan, is cúis áthais do Ghaillimh le Gaeilge a fhógairt go ndéanfaidh Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, gradam gnó dátheangach na Gaillimhe, a sheoladh go hoifigiúil ar Galway Talks le Keith Finnegan ar Galway Bay FM ag 11.10am, Dé Máirt, an 16 Márta. Déanfaidh Méara Chathair na Gaillimhe, an Comh. Mike Cubbard, urraitheoirí na bliana seo a fhógairt freisin.

Déantar an Gradam, an gradam is faide ar an bhfód dá leithéid in Éirinn, a eagrú ag Gaillimh le Gaeilge, i gcomhar leis an Galway Advertiser agus TG4, agus le tacaíocht ó Chumann Tráchtála na Gaillimhe. Tá sé ainmnithe in onóir Seosamh Ó hÓgartaigh, nach maireann, duine de na bunaitheoirí agus an chéad rúnaí cuideachta a bhí ag Gaillimh le Gaeilge.

Le 19 mbliana anuas, tá fás agus forbairt tagtha ar an nGradam agus tá deiseanna cruthaithe aige chun go mbeidh an Ghaeilge faoi bhláth i gcathair na Gaillimhe. Thar na blianta fuarthas ainmniúcháin ó chomhlachtaí ilnáisiúnta, eagraíochtaí spóirt agus ealaíon, trádálaithe aonair, óstáin, ionaid siopadóireachta, bialanna, cuideachtaí ola agus go leor eile – agus gach ceann acu den tuairim go raibh an Ghaeilge ábhartha dá ngnó, agus go raibh mórtas orthu a gcuidse a dhéanamh ar son stádas dátheangach oifigiúil Chathair na Gaillimhe.

D’éirigh thar cionn le Gradam 2020, déanta na fírinne, ba é an Gradam ba rathúla go dtí seo é. Chuir an líon ba mhó iontrálaithe riamh isteach ar an gcomórtas agus chuathas i gcion ar an lucht éisteachta ba mhó nuair a bhí breis agus 45,000 duine ag éisteacht leis an nGradam beo ar Galway Bay FM.

Agus í ag caint ar an seoladh atá le teacht, bhí an méid seo a leanas le rá ag Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey: “Ag leanúint de rath Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2020, tá ríméad orainn Gradam 2021 a sheoladh beo ar Galway Talks ar Galway Bay FM i mbliana i rith Sheachtain na Gaeilge. Is a bhuíoch lenár n-urraitheoirí, amhail Galway Bay FM, a mbíonn rath ar an nGradam, agus tá sé seo feicthe againn níos mó ná riamh le bliain anuas. Táimid fíorbhuíoch bheith in ann an Gradam a reáchtáil i mbliana, agus ní bheimis in ann tabhairt faoi murach an tacaíocht a fhaighimid ónár nUrraitheoirí luachmhara.”

Tá sceideal á chur le chéile faoi láthair ag Gaillimh le Gaeilge, agus ba bhreá leo bualadh go fíorúil le gnólachtaí agus le heagraíochtaí a bhfuil suim acu an Ghaeilge a úsáid chun gnó dátheangach a fhorbairt.  Tá 6 mhí agat le hullmhúcháin a dhéanamh, mar ní dhéanfar an chéad bhabhta den mholtóireacht go dtí mí Mheán Fómhair. Ní gá duit bheith i do chainteoir líofa chun páirt a ghlacadh mar tá foireann Ghaillimh le Gaeilge ar fáil le cúnamh a thabhairt duit ag gach céim den chosán. Tabharfaidh siad an tseirbhís maidir le ‘Gaeilge sa Ghnó’ saor in aisce duit. Is pacáiste saindeartha é an tseirbhís seo ina dtreoraítear thú trí phróiseas chun cuid de do ghnó, nó é ar fad, a chur in oiriúint don dátheangachas. Socróidh foireann Ghaillimh le Gaeilge cruinniú fíorúil leat agus déanfaidh siad athbhreithniú ar do ghnó maidir leis an íomhá fhísiúil – comharthaíocht, ábhar margaíochta, meáin shóisialta, fógraíocht etc. Déanfaidh siad scrúdú ar na féidearthachtaí éagsúla maidir le húsáid na Gaeilge i do ghnólacht nó san eagraíocht.

Is é an dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais an Ghradaim Dé hAoine, an 30 Aibreán 2021. Is é an méid atá ag teastáil ag an gcéim seo de phróiseas an Ghradaim ná foirm iarrratais ghearr a líonadh agus beidh foireann Ghaillimh le Gaeilge i dteagmháil leat chun tú a ullmhú don Ghradam. Féach ar www.gleg.ie le haghaidh breis faisnéise agus chun iarratas a chur isteach saor in aisce, nó cuir glao ar 091 568876. Is féidir leat do ghnó/eagraíocht féin a ainmniú, nó féadfaidh tú gnó/eagraíocht eile atá lonnaithe i gCathair na Gaillimhe a ainmniú. Chun an nuacht is déanaí a fháil maidir leis an nGradam, lean Gaillimh le Gaeilge ar Facebook, Twitter agus Instagram.