Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2021 oscailte d’ainmniúcháin

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Tá tús curtha leis an gcuardach chun Treibh Nua na Gaillimhe a aimsiú.

Rinne Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, gradam gnó dátheangach na Gaillimhe, a sheoladh go hoifigiúil ar Galway Talks ar Galway Bay FM mar chuid de Sheachtain na Gaeilge. De bharr na paindéime domhanda a leanann go fóill, níl Gaillimh le Gaeilge in ann ócáid i bpearsa a óstáil chun Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2021 a sheoladh go hoifigiúil. Ag leanúint de rath bhronnadh Ghradam 2020 ar Galway Bay FM mí na Samhna seo caite, bhí ríméad ar Ghaillimh le Gaeilge an Gradam a sheoladh beo ar Galway Bay FM.

Urraí an Ghradaim:

D’fhógair an Méara urraí na bliana seo agus thug sé eolas maidir le catagóir nua do Ghradam 2021 – ‘Gnó Ar Líne’ – arna hurrú ag Ionad Teicneolaíochta na Gaillimhe.

In 2020, bhí méadú suntasach ar líon na ngnólachtaí a d’aistrigh ar líne nó a chuir lena láithreacht ar líne de bharr na paindéime. Léiríonn an chatagóir seo an treocht nua sin agus tá sí dírithe ar ghnólachtaí agus ar eagraíochtaí atá cláraithe i gcathair agus i gcontae na Gaillimhe, agus a bhíonn ag nascadh lena gcustaiméirí agus lena bpríomhpháirtithe leasmhara ar líne den chuid is mó (tá feidhm ag srianta áirithe, féach www.gleg.ie).  Beidh an mholtóireacht don chatagóir seo den Ghradam bunaithe ar a gcuid iarrachtaí maidir leis an nGaeilge a úsáid ar líne, lena n-áireofar suíomh gréasáin, na meáin shóisialta, aipeanna, físeáin, r-phost.

I mbliana, is é an Galway Advertiser an príomhurra meán arís, agus tá TG4 agus MOLSCÉAL ar bord freisin, chomh maith le hurraí na gcatagóirí uile, agus is iadsan a leanas: Galway Bay FM atá mar urra ar an gcatagóir ‘Miondíol’; Fáilte Ireland atá mar urra ar an gcatagóir ‘Turasóireacht agus Fáilteachas’; Video Sherpa atá mar urra ar an gcatagóir ‘Seirbhísí’; agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh atá mar urra ar an gcatagóir ‘Neamhbhrabús agus Cuideachtaí Eile’.

Tá athnuachan déanta ag Údarás na Gaeltachta ar an urraíocht trí bliana a dhéanann siad ar na mionsamhlacha de dhealbh an Ghradaim a fhaigheann na buaiteoirí i ngach catagóir, dealbh a dearadh go speisialta ag an ealaíontóir cáiliúil, Pádraic Reaney. Tá urraíocht á tabhairt freisin ag Cumann Tráchtála na Gaillimhe don bhuaiteoir foriomlán. Tá luach iomlán na hurraíochta do Ghradam 2021 méadaithe go breis agus €26,000. Tá Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ar oscailt d’ainmniúcháin anois go dtí Dé hAoine, an 30 Aibreán 2021.

Téigh chuig www.gleg.ie chun faisnéis bhreise a fháil agus chun iarratas a chur isteach ar líne.

Agus í ag caint faoin gCatagóir nua seo, bhí an méid seo a leanas le rá ag Gearóidín Hynes, Bainisteoir Tograí le Gaillimh le Gaeilge:

Ós rud é gur catagóir nua í seo, táimid ag tnúth go mór le bheith ag obair le gnólachtaí nua a bhfuil seans ann nár úsáid siad an Ghaeilge ina ngnó roimhe seo.  Nílimid ag súil go mbeidh suíomh gréasáin go hiomlán dátheangach ag gnólachtaí, ba mhaith linn iad a spreagadh chun blúiríní beaga Gaeilge a úsáid ar fud a gcumarsáide ar líne, sa tslí is go bhfaighidh custaiméirí blaiseadh den teanga agus go dtuigfidh siad gur gnólacht atá ann atá lonnaithe i nGaillimh, a bhfuil meas ar an teanga, agus a thacaíonn léi. Cuirfidh Gaillimh le Gaeilge aistriúcháin, moltaí agus profáil ar fáil do gach gnólacht a chuireann iarratas isteach.”

Labhair Frank Greene, Cathaoirleach Ionad Teicneolaíochta na Gaillimhe, maidir leis an gcaidreamh atá acu le Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh:

“Tá ríméad ar Ionad Teicneolaíochta na Gaillimhe urraíocht a dhéanamh ar an gCatagóir nua um Ghnó Ar Líne i nGradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2021 agus táimid ag tnúth le bheith ag obair le foireann Ghaillimh le Gaeilge mar aon le buaiteoir na catagóire seo! Ba bhuaiteoirí catagóire muid féin i nGradam 2016 agus, mar sin, tá tionchar dearfach na Gaeilge feicthe againn agus táimid ag tnúth go mór leis an teanga a chur chun cinn níos mó i measc na ngnólachtaí a bhíonn ag feidhmiú ar líne.”

Ghabh Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey, buíochas leis na hurraí go léir atá ag tacú leis an nGradam agus dúirt sí an méid seo a lenas: 

Tá an rath agus an cháil atá ar an nGradam ag brath ar an tacaíocht a fhaigheann sé ó urraitheoirí áitiúla agus náisiúnta, go háirithe príomhurraitheoir an Ghradaim, an Galway Advertiser. Tá lúcháir orainn freisin catagóir nua a sheoladh i mbliana -‘Gnó Ar Líne’ – le tacaíocht ó Ionad Teicneolaíochta na Gaillimhe. Lean Gaillimh le Gaeilge ar aghaidh le seirbhís aistriúcháin agus comhairliúcháin a chur ar fáil do na gnólachtaí sin a d’aistrigh ar líne de bharr COVID-19, ag cuidiú leo úsáid na Gaeilge ar líne a mhéadú agus ag léiriú don domhan gur gnó dátheangach is ea gnó na Gaillimhe, rud atá mar dhíol suntais i margadh domhanda ar líne.”

Ar Oscailt Anois le hAghaidh Ainmniúchán:

Tá 6 mhí agat le hullmhúcháin a dhéanamh, mar ní dhéanfar an chéad bhabhta den mholtóireacht go dtí mí Mheán Fómhair. Tá sceideal á chur le chéile faoi láthair ag Gaillimh le Gaeilge, agus ba bhreá linn bualadh le gnólachtaí agus le heagraíochtaí a bhfuil suim acu an Ghaeilge a úsáid chun gnó dátheangach a fhorbairt.  Ní gá duit bheith i do chainteoir líofa chun páirt a ghlacadh mar tá foireann Ghaillimh le Gaeilge ar fáil le cúnamh a thabhairt duit ag gach céim den chosán. Tabharfaidh siad an tseirbhís maidir le ‘Gaeilge sa Ghnó’ saor in aisce duit. Is pacáiste saincheaptha é an tseirbhís seo ina dtreoraítear thú trí phróiseas chun cuid de do ghnó, nó é ar fad, a chur in oiriúint don dátheangachas. Socróidh foireann Ghaillimh le Gaeilge cruinniú leat agus déanfaidh siad athbhreithniú ar do ghnó maidir leis an íomhá fhísiúil – comharthaíocht, ábhar margaíochta, meáin shóisialta, fógraíocht etc. Déanfaidh siad scrúdú ar na féidearthachtaí éagsúla maidir le húsáid na Gaeilge i do ghnólacht nó san eagraíocht.

Is é an dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais an Ghradaim, Dé hAoine, an 30 Aibreán 2021. Is é an méid atá ag teastáil ag an gcéim seo de phróiseas an Ghradaim ná foirm iarrratais ghearr a líonadh agus beidh foireann Ghaillimh le Gaeilge i dteagmháil leat chun tú a ullmhú don Ghradam. Féach ar www.gleg.ie le haghaidh breis faisnéise agus chun iarratas a chur isteach saor in aisce, nó cuir glao ar 091 568876.  Is féidir leat do ghnó/eagraíocht féin a ainmniú, nó féadfaidh tú gnó/eagraíocht eile atá lonnaithe i gCathair na Gaillimhe a ainmniú. Chun an nuacht is déanaí a fháil maidir leis an nGradam, lean Gaillimh le Gaeilge ar Facebook, Twitter agus Instagram.