D’fhógair Jack Chambers,T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit do Spórt & don Ghaeltacht inniu go bhfuil plean teanga Chathair na Gaillimhe ceadaithe

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

D’fhógair Jack Chambers,T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit do Spórt & don Ghaeltacht go bhfuil plean teanga Chathair na Gaillimhe ceadaithe – rud a fhágann go bhfuil sé  aitheanta mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta.  D’fhógair siad chomh maith go mbeidh €100,000 sa bhliain á chur ar fáil chun tacú le  cur i bhfeidhm  an phlean teanga thar thréimhse seacht mbliana.

Tá sé léirithe sa Phlean Teanga go mbaineann tábhacht as cuimse le Gaillimh mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta toisc go bhfuil cáil na Gaeilge ar an gcathair le fada an lá agus toisc go bhfuil sí buailte leis an gceantar Gaeltachta is mó agus is láidre sa tír.

Mapa bóthair atá i bPlean Teanga na cathrach atá bunaithe ar chomhairliúchán leathan agus a thugann léiriú cruinn é ar mhianta mhuintir na Gaillimhe.  An toradh a bheidh air seo ar fad ná go gcuirfí seirbhísí poiblí, tráchtála agus siamsaíochta ar fáil a rachaidh chun tairbhe do phobal na cathrach agus pobal na Gaeltachta atá ar leac an dorais.

Chuir  Brendan McGrath, Príomhfheidhmeannach, fáilte roimh an bhfógra ón Aire Stáit thar ceann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus chuir sé in iúl  go dtabharfaidh  an Chomhairle tacaíocht do Gaillimh le Gaeilge leis an bPlean a chur i  bhfeidhm.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey:

“Fáiltíonn Gaillimh le Gaeilge roimh fhógra an Aire Stáit agus táimid ag súil go mór leis an bplean teanga do chathair na Gaillimhe a chur i bhfeidhm i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Cathrach agus lenár bpáirtithe leasamhara eile.  Is iontach an rud é go bhfuil an oiread sin maoinithe bhreise ag teacht isteach sa chathair chun leasa na teanga. Táimid ag súil le bheith ag obair go dlúth leis na LPTanna go léir sna trí limistéar pleanála teanga ar imeall na cathrach. Ar an mbealach sin is féidir leis a bheith mar aidhm againn a chinntiú go mbainfear an leas agus an tairbhe is fearr as an gcomhinfheistíocht i ndáiríre. Is tréimhse spreagúil í seo agus céim shuntasach eile sa treo ceart lena chinntiú go leanfaidh an Ghaeilge de bheith luachmhar agus ábhartha i gcónaí do thodhchaí na Gaillimhe. Tá sé tábhachtach go bhfanfaidh an Ghaeilge lárnach i saol cultúrtha fadtéarmach Chathair na Gaillimhe agus táimid muiníneach go gcosnóidh cur i bhfeidhm an phlean teanga nua seo ár gcultúr beo agus atá aitheanta le Gaillimh, go fadtéarmach.”

Is é príomhaidhm an Phlean, de réir pholasaí an Rialtais, ná cur le húsáid agus eolas cumarsáide na Gaeilge mar theanga pobail i gCathair na Gaillimhe ar bhonn incriminteach.  Treiseoidh an plean  stádas na Gaillimhe mar chathair dhátheangach oifigiúil agus díríodh sé aird an phobail ar an tábhacht a bhaineann le  ‘Seirbhís trí  Ghaeilge’ ach go háirithe a bheith ar fáil dóibh siúd ar mian leo a ngnó a dhéanamh i nGaeilge san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach

Tá cuntas sa phlean ar na 37 beart atá le cur i bhfeidhm in imeacht tréimhse seacht mbliana faoi mhaoirseacht Ghaillimh le Gaeilge i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Tacóidh an grúpa comhairleach, a dhéanann ionadaíocht ar na heagraíochtaí agus na hinstitiúidí a bhaineann le cur i bhfeidhm na 37 beart, leis an dá phríomhpháirtí a bheidh ag déanamh maoirseacht ar chur i bhfeidhm an phlean ó lá go lá.

Tá Comhordaitheoir Pleanála Teanga lánaimseartha le fostú agus comhoibreoidh an té a cheapfar go dlúth le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus leis na Feidhmeannaigh Pleanála Teanga atá freagrach as pleananna teanga eile sna ceantair is gaire don chathair – is iad sin, Bearna – Cnoc na Cathrach, Oirthear na Gaillimhe agus an tEachréidh. Neartóidh iarrachtaí na gceithre phlean teanga le chéile stádas na Gaeilge sa chathair agus sa chontae.

Sna míonna amach romhainn, cuirfidh Gaillimh le Gaeilge tús leis an bpróiseas  earcaíochta chun Comhordaitheoir Pleanála Teanga lánaimseartha a fhostú. Ag glacadh leis go bhfeabhasófar nithe a bhaineann le COVID-19 faoin tráth sin den bhliain, seolfar  an Plean Teanga  go hoifigiúil i mí Iúil 2021.

Ba mhaith le Bord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge a mbuíochas ó chroí a ghlacadh leis an  Dr John Walsh, Roinn na Gaeilge agus an Dr Dorothy Ní Uigín, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a bhí  i gceannas ar fhoireann saineolaithe sa phleanáil teanga (An Meitheal Taighde) chun  Plean Teanga seacht mbliana (2020-2026) a chur i dtoll a chéile don chathair ar mhaithe le stádas mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta a bhaint amach.

Tá buíochas ar leith tuillte dár gcomhpháirtithe, is iad sin Comhairle Cathrach na Gaillimhe, mar aon le Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga, Gaillimh, an  Fo-Ghrúpa  Oibre agus le gach duine a ghlac páirt sa Phlean as ucht an éacht oibre atá déanta acu ar shon an tionscnaimh seo.