Folúntas –   Comhordaitheoir Pleanála Teanga á lorg ag Gaillimh le Gaeilge.

Share this page |FacebookTwitter

Comhordaitheoir Pleanála Teanga á lorg ag Gaillimh le Gaeilge.

Is é Gaillimh le Gaeilge a bheidh freagrach as feidhmiú Plean Teanga Chathair na Gaillimhe. Beidh an obair seo á dhéanamh i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus páirtithe leasamhara eile.  Is plean seacht mbliana atá i gceist. Is é príomhaidhm an phlean, de réir pholasaí an Rialtais, ná cur le húsáid agus eolas cumarsáide na Gaeilge mar theanga pobail i gCathair na Gaillimhe ar bhonn incriminteach. Treiseoidh an plean stádas na Gaillimhe mar chathair dhátheangach oifigiúil agus díríodh sé aird an phobail ar an tábhacht a bhaineann le ‘Seirbhís trí  Ghaeilge’ ach go háirithe a bheith ar fáil dóibh siúd ar mian leo a ngnó a dhéanamh i nGaeilge san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach.

Achoimre an Phoist

Beidh an duine a fhostófar ag obair le foireann Ghaillimh le Gaeilge, i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus le páirtithe leasmhara eile chun an plean  a chur i bhfeidhm.  Is post ar chonradh trí bliana atá á thairiscint agus is féidir cur leis an tréimhse sin. Beidh an té a cheapfar fostaithe ag Gaillimh le Gaeilge agus freagrach do Bhord Stiúrtha na heagraíochta  maidir le clár oibre aontaithe a fheidhmiú.

 Scileanna &Taithí & Tréithe

Duine cumasach a bhfuil taithí acu i réimse oibre na pleanála teanga nó in ábhar gaolmhar atá á lorg.

Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine leis an taithí agus na cáilíochtaí seo a leanas:

  • Ardchaighdeán Gaeilge agus Béarla, idir labhartha agus scríofa mar aon le tiomantas don teanga.
  • Ardscileanna eagrúcháin, bainistíochta ag leibhéal sinsearach.
  • Tuiscint agus taithí mhaith ag plé le hearnálacha éagsúla/pobail ilchultúrtha, agus ar phlé le coistí/struchtúr phobail /ranna stáit.
  • Taithí ar bhainistiú agus ar chur i gcrích tionscadal.
  • Ardscileanna cumarsáide, áisitheoireachta, comhordaithe agus idirphearsanta.
  • Ábalta priorachtaí a leagan síos, spriocdhátaí a bhaint amach agus obair a dhéanamh faoi bhrú.
  • Ábalta oibriú mar chuid d’fhoireann nó as do stuaim féin chun aidhmeanna roinnte a bhaint amach.
  • Taithí mhaith a bheith ag plé leis na meáin chumarsáide/na meáin shóisialta

Beidh freastal ar chruinnithe taobh amuigh de ghnáth-uaireanta oibre mar chuid de chúramaí an phoist seo.  Beidh tuarastal ag brath ar thaithí.

Próiseas Iontrála: Seol iarratas mar aon le Curriculum Vitae le do thoil,  roimh   Dé  Luain, 28 Meitheamh 2021 chuig: brid@gleg.ie nó sa phost:  Bríd Ní Chonghóile, Gaillimh le Gaeilge, Teach Uí Chiaruáin, Sráid Thobar an Iarla, Gaillimh. H91 N92N

Is fostóir comhionannas deiseanna é Gaillimh le Gaeilge.   

Tá an Tionscadal Gaeilge seo á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge tríd An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.