Ainmniúcháin an Ghradaim in iomaíocht chun bheith ina 15ú Treibh na Gaillimhe

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Agus an fómhar ag druidim linn, leanann Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile de Ghradam Gnó Dátheangach na Gaillimhe. Tá na hullmhúcháin faoi lánseol ag 31 gnólacht agus eagraíocht ar fud na Gaillimhe chun a saothair dhátheangacha a léiriú agus iad ag ullmhú a gcuid Pacáistí Eolais chun dul i bhfeidhm ar na moltóirí agus chun aitheantas a bhaint amach mar Threibh Nua na Gaillimhe.

Don dara bliain as a chéile, tá líon na n-iontrálacha don Ghradam níos airde ná mar a bhí riamh roimhe seo. Go deimhin, is iontrálacha nua iad 20 den 31 iontráil sin, agus tá 11 eile ag filleadh an athuair ar an nGradam. I measc na ngnólachtaí agus na n-eagraíochtaí atá san iomaíocht don Ghradam iomráiteach agus a mhaíonn go bhfuil an Ghaeilge ábhartha dá ngnó, tá búitíc brídeoige, an eaglais pharóiste mheánaoiseach is mó in Éirinn, comhlacht meán/ teilifíse, mar aon leis na príomh-ostáin agus na mórthithe tábhairne i gcathair na Gaillimhe.

 

Tá catagóir nua do Ghradam na bliana seo: ‘Gnó ar Líne’ urraithe ag Ionad Teicneolaíochta na Gaillimhe.  In 2020/2021, bhí méadú suntasach ar líon na ngnólachtaí a d’aistrigh ar líne nó a chuir lena láithreacht ar líne de bharr na paindéime. Léiríonn an chatagóir seo an treocht nua sin agus tá sí dírithe ar ghnólachtaí agus ar eagraíochtaí atá cláraithe i gcathair agus i gcontae na Gaillimhe, agus a bhíonn ag nascadh lena gcustaiméirí agus lena bpríomhpháirtithe leasmhara ar líne den chuid is mó, nó ag seoladh feachtais / tógra ar líne.

 

Is iad seo a leanas na ceithre chatagóir eile: ‘Earnáil an Mhiondíola’ urraithe ag Galway Bay FM, ‘Turasóireacht agus Fáilteachas’ urraithe ag Fáilte Ireland, ‘Seirbhísí’ urraithe ag Video Sherpa, ‘Eagraíochtaí Neamhbhrabúis agus Gnólachtaí Eile’ urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

 

Gach bliain, cruinníonn Bord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge painéal moltóirí neamhspleácha a bhfuil raon leathan saineolais acu chun buaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh a roghnú.  Ar an bpainéal moltóireachta i mbliana tá: Maeliosa Ó  hÓgartaigh, Cuntasóir agus Fear Gnó agus mac le Seosamh Ó hÓgartaigh, a bhfuil an gradam ainmnithe as, ball bunaidh agus rúnaí cuideachta Ghaillimh le Gaeilge, Colleen Baxter, Comhordaitheoir Ballraíochta agus Imeachtaí, Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus Daithí Ó Gallchobhair, Bainisteoir Foirne, Gaeltacht & na hOileáin, Slí an Atlantaigh Fhiáin.

 

Agus í ag caint ar nGradam, bhí an méid seo a leanas le rá ag Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey:

“Comhghairdeas leis na hainmniúcháin go léir. Táimid thar a bheith sásta leis an éagsúlacht gnólachtaí agus eagraíochtaí a ghlacann páirt agus molaimid iad as a n-obair chrua leanúnach go háirithe i rith na bliana suntasaí seo. Agus gnáthchúrsaí ag teacht ar ais arís de réir a chéile, beidh sé iontach tionchar a gcuid oibre sa dátheangachas a fheiceáil agus muid ag baint taitneamh as gach a bhfuil le tairiscint ag Gaillimh.”

 

Déanfar na hainmniúcháin atá roghnaithe do ghearrliosta an Ghradaim a fhógairt sa Galway Advertiser ar an 7 Deireadh Fómhair 2021. Fógrófar buaiteoirí na catagóire agus na buaiteoirí iomlána ag searmanas bronnta speisialta a bheidh in Óstán Hardiman go luath i mí na Samhna (ag brath ar shrianta COVID-19).

 

Ba mhaith le Gaillimh le Gaeilge an deis seo a thapú chun ár mbuíochas a ghábháil leis na hurraitheoirí áitiúla agus náisiúnta as an tacaíocht fhíorluachmhar atá tugtha acu don Ghradam thar na blianta. Táimid thar a bheith buíoch díobh faoin tacaíocht a thug siad le bliain anuas, go raibh míle maith agaibh:

 

The Galway Advertiser, TG4, Fáilte Ireland, Galway Bay FM, Ionad Teicneolaíochta na Gaillimhe, Video Sherpa, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, MOLSCÉAL, Údarás na Gaeltachta agus An Cumann Tráchtála na Gaillimhe. Is fiú breis agus €26,000 luach iomlán na hurraíochta do Ghradam 2021.

 

CRÍOCH