Na Moltóirí

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Tá Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ag bogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile sa phróiseas. Chas na moltóirí le chéile den chéad uair an tseachtain seo chun an Gearrliosta a roghnú. Léirigh an 31 gnólacht agus eagraíocht a saothair dhátheangacha sna Pacáistí Eolais do na moltóirí agus iad ar fad ag iarraidh céim amháin níos gaire a thógáil chun aitheantas a bhaint amach mar Threibh Nua na Gaillimhe.

Ar an bpainéal moltóireachta i mbliana tá: Maeliosa Ó hÓgartaigh, Cuntasóir agus Fear Gnó agus mac le Seosamh Ó hÓgartaigh, a bhfuil an gradam ainmnithe as, ball bunaidh agus rúnaí cuideachta Ghaillimh le Gaeilge, Colleen Baxter, Comhordaitheoir Ballraíochta agus Imeachtaí, Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus Daithí Ó Gallchobhair, Bainisteoir Foirne, Gaeltacht & na hOileáin, Slí an Atlantaigh Fhiáin.

    
Déanfar Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh a fhógairt sa Galway Advertiser ar an 7 Deireadh Fómhair. Coinnigh súil amach dó!