Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2021 fógartha

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Tá áthas ar Ghaillimh le Gaeilge rath 16 ainmní a fhógairt a roghnaíodh do Ghearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2021. Le 19 mbliana den Ghradam a bheith ar an bhfód á chomóradh i mbliana, is léiriú é Gearrliosta na bliana seo ar an raon leathan gnólachtaí agus eagraíochtaí atá ag ceiliúradh na Gaeilge agus ag fágáil a riain ar Ghaillimh dhátheangach agus ar an tír ar an iomlán.

Bhí níos mó iontrálacha le meas ag ár bpainéal moltóireachta ná riamh roimhe seo, ach d’éirigh leo an Gearrliosta a laghdú go 16 gnólacht agus eagraíocht, a bhfuil céim amháin eile bainte amach acu anois i dtreo bheith ainmnithe mar Threibh Nua na Gaillimhe. Is iad Gaillimh le Gaeilge a eagraíonn an Gradam i gcomhar leis an Galway Advertiser, le TG4 agus le tacaíocht ó Chumann Tráchtála na Gaillimhe.

Sa Chatagóir ‘Miondíol’, arna urrú ag Galway Bay FM, is iad seo a leanas na gnólachtaí atá roghnaithe don ghearrliosta

Ionad Siopadóireachta na Coiribe,  Murphy & Me

Sa Chatagóir ‘Turasóireacht & Fáilteachas’, arna urrú ag Fáilte Ireland, is iad seo a leanas na gnólachtaí atá roghnaithe don ghearrliosta:

Galway Greyhound Stadium, Hardiman Hotel

Sa Chatagóir ‘Seirbhísí’, arna urrú ag Video Sherpa, is iad seo a leanas na gnólachtaí atá roghnaithe don ghearrliosta:

Big O Taxis, Dan-Éire Designs, GoBus.ie,  OPTiM Payroll, Tribes Press

Sa Chatagóir ‘Gnó ar Líne’, arna urrú ag Ionad Teicneolaíochta na Gaillimhe, is iad seo a leanas na gnólachtaí atá roghnaithe don ghearrliosta:

Bród Pobal na Gaillimhe, Grá Chocolates, Healthy Ever After, Irish Socksciety.

Sa Chatagóir ‘Eagraíochtaí Neamhbhrabúis agus Gnólachtaí Eile’ arna urrú ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh, is iad seo a leanas na gnólachtaí atá roghnaithe don ghearrliosta:

COPE Gaillimh,  Eaglais Choláisteach San Nioclás, agus Feachtas Rothaíochta na Gaillimhe.

Tabharfar cuireadh do gach gnólacht agus eagraíocht a bhain áit amach ar an nGearrliosta chuig Bronnadh speisialta  ar an Déardaoin, an 4 Samhain, ag 6.30pm – 8.30pm, tráth a bhfógrófar buaiteoirí na gcatagóirí agus an buaiteoir iomlán sa g Hotel & Spa, Seanbhóthar Bhaile Átha Cliath, Gaillimh.

Agus í ag labhairt faoi ainmnithe Ghradam na bliana seo, rinne Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey, comhghairdeas le gach uile dhuine a bhain an Gearrliosta amach:

“Míle buíochas do na heagraíochtaí agus do na gnólachtaí go léir a ghlac páirt sa Ghradam i mbliana.  Bhí go leor éiginnteachta ag baint leis an mbliain seo, agus cuireadh isteach go mór ar obair lucht an Ghearrliosta, ach fós d’éirigh leo beart a dhéanamh de réir a mbriathair lena dtiomántas leanúnach chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus Gaillimh a neartú mar Phríomhchathair Dhátheangach na hÉireann. Is gnéithe an-tábhachtacha iad a saothar dátheangach, feiceálacht agus cur chun cinn na Gaeilge dár rath mar chathair dhátheangach. Comhghairdeas le lucht an Ghearrliosta agus go n-éirí go geal leo go léir sa chéad chéim eile den phróiseas moltóireachta!”

Agus é ag caint thar ceann na Moltóirí, bhí an méid seo a leanas le rá ag Daithí Ó Gallchobhair, Bainisteoir Foirne, An Ghaeltacht & na hOileáin, Slí an Atlantaigh Fhiáin.

“Tá an Gearrliosta deimhnithe anois agus táimid ag súil go mór leis an gcéad chuid eile den phróiseas moltóireachta sna seachtainí amach romhainn. Níl aon amhras ach go raibh an bhliain seo thar a bheith dúshlánach do ghnólachtaí ar fud na tíre, ach in ainneoin na ndúshlán seo, d’éirigh le gnólachtaí na Gaillimhe tús áite a thabhairt don Ghaeilge agus leas a bhaint aisti ar mhaithe lena ngnólacht féin.  Tá ainmnithe na bliana seo ar ardchaighdeán agus tá éagsúlacht iontach ag baint leo idir úsáid na Gaeilge ar chomharthaíocht, ar shuíomhanna gréasáin, ar na meáin shóisialta agus ar an mbrandáil a úsáideann siad. Is eiseamláirí den chéad scoth iad do ghnólachtaí eile maidir leis an mbealach is fearr chun leas a bhaint as an nGaeilge ina ngnólacht féin.

Is iad na moltóirí eile ar an bpainéal moltóireachta i mbliana ná: Maeliosa Ó hÓgartaigh, Cuntasóir agus Fear Gnó agus mac le Seosamh Ó hÓgartaigh (nach maireann), a bhfuil an gradam ainmnithe as agus Colleen Baxter, Comhordaitheoir Ballraíochta agus Imeachtaí, Cumann Tráchtála na Gaillimhe. Beidh na Moltóirí ag cruinniú le chéile arís thar Zoom Dé Máirt an 19 Deireadh Fómhair agus Dé Céadaoin  an 20 Deireadh Fómhair chun an 16 ghnólacht ar an ngearrliosta a chur faoi agallamh agus chun buaiteoirí na gcatagóirí agus an buaiteoir foriomlán a roghnú.

Sna seachtainí seo atá romhainn, déanfar físeán gearr de gach gnólacht ar an nGearrliosta chun aird a tharraingt ar a gcuid oibre dátheangaí. Beidh na físeáin arna léiriú ag Gaillimh le Gaeilge i gcomhar le  MOLSCÉAL, TG4 (ag cloí le treoirlínte um shláinte phoiblí). Beidh na físeáin dhátheangacha ar fáil ar na meáin shóisialta s’acu mar aon le gréasán mheáin shóisialta Ghaillimh le Gaeilge agus Ghearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2021.

Ba mhaith le Gaillimh le Gaeilge an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil leis na hurraí áitiúla agus náisiúnta go léir as an tacaíocht shárluachmhar atá tugtha acu don Ghradam thar na blianta. Táimid fíorbhuíoch díobh, – go raibh míle maith agaibh:

The Galway Advertiser, TG4, Fáilte Ireland, Galway Bay FM, Video Sherpa, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Ionad Teicneolaíochta na Gaillimhe,  MOLSCÉAL, Údarás na Gaeltachta agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe.  Tá luach iomlán breis agus €26,000 ar an bpacáiste urraíochta don Ghradam.