Treibh nua na Gaillimhe le fógairt ar an Déardaoin beag seo

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Fógróidh Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers TD  buaiteoirí catagóirí agus buaiteoir foriomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2021 ag searmanas speisialta bronnta a bheidh ar siúl Déardaoin, an 4ú Samhain  ag 6:30i.n. sa g Hotel, Seanbhóthar Bhaile Átha Cliath, Gaillimh.

 Is iad Gaillimh le Gaeilge a eagraíonn an Gradam i gcomhar leis an Galway Advertiser, le TG4 agus le tacaíocht ó Chumann Tráchtála na Gaillimhe. Ainmníodh an Gradam in onóir an Uasail Seosamh Ó hÓgartaigh, [nach maireann] ball bunaithe agus rúnaí cuideachta Ghaillimh le Gaeilge.

Oíche den scoth a bheidh ann nuair a bhaileoidh an 16 gnólacht  agus eagraíocht  a bhain an Gearrliosta amach le chéile chomh maith lena gcuid cairde, a muintir agus a gcuid comhghleacaithe d’fhógairt Threibh nua Chathair na Gaillimhe.  Beidh deis ag an nGearrliosta a gcuid iarrachtaí núíosacha chun na cathrach a chur chun cinn mar chathair dhátheangach a chur ar taispeántas ag an searmanas speisialta freisin.   Taispeánfar mar chuid den bhronnadh físeán gairid faoi gach gnó agus eagraíocht, le béim ar an obair dhátheangach atá déanta acu, ullmhaithe ag Gaillimh le Gaeilge i gcomhpháirtíocht le MOLSCÉAL. Is féidir teacht ar na físeáin ar mheáin shóisialta MOLSCÉAL agus Ghaillimh le Gaeilge.

I mbliana, bhí níos mó iontrálacha le meas ag an bpainéal moltóireachta ná riamh roimhe seo, ach d’éirigh leo an Gearrliosta a laghdú go 16 comhlacht/eagraíocht.  Tá catagóir nua do Ghradam na bliana seo: ‘Gnó ar Líne’ urraithe ag Ionad Teicneolaíochta na Gaillimhe.

In 2020/2021, bhí méadú suntasach ar líon na ngnólachtaí a d’aistrigh ar líne nó a chuir lena láithreacht ar líne de bharr na paindéime.  Léiríonn an chatagóir seo an treocht nua sin agus tá sí dírithe ar ghnólachtaí agus ar eagraíochtaí atá cláraithe i gcathair agus i gcontae na Gaillimhe, agus a bhíonn ag nascadh lena gcustaiméirí agus lena bpríomhpháirtithe leasmhara ar líne den chuid is mó.  Bhí an mholtóireacht don chatagóir seo den Ghradam bunaithe ar a gcuid iarrachtaí maidir leis an nGaeilge a úsáid ar líne, lena n-áireofar suíomh gréasáin, na meáin shóisialta, aipeanna, físeáin, r-phoist.

Is iad na moltóirí ar an bpainéal moltóireachta ná: Maeliosa Ó hÓgartaigh, Cuntasóir agus Fear Gnó agus mac le Seosamh Ó hÓgartaigh (nach maireann), a bhfuil an gradam ainmnithe as agus Colleen Baxter, Comhordaitheoir Ballraíochta agus Imeachtaí, Cumann Tráchtála na Gaillimhe. Chuir na Moltóirí an gearrliosta faoi agallamh thar Zoom chun buaiteoirí na gcatagóirí agus an buaiteoir foriomlán a roghnú.

 

Deir Bríd Ní Chonghóile, Ardfheidhmeannach, Gaillimh le Gaeilge:

“Léirigh na hiarrthóirí ar fad a bhain an Gearrliosta amach cé chomh tiomanta agus atá siad ar úsáid na Gaeilge go fadtéarmach ina gcuid gnóthaí agus eagraíochtaí. Bhí na moltóirí an-tógtha freisin leis an mbéim agus an tábhacht a leag go leor acu ar an ‘Seirbhís trí Ghaeilge’ a  bheith á thairiscint go gníomhach  do chustaiméirí  ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Tá an-áthas orainn chomh maith, go mbeimid i dteannta a chéile den chéad uair ó 2019 ag ócáid bhronnta speisialta an Ghradaim chun an t-aitheantas cuí a thabhairt agus ceiliúradh a dhéanamh ar obair dhátheangach mhuintir na Gaillimhe.”

Seo a leanas liosta na 16 gnó agus eagraíocht atá ar an ngearrliosta do Ghradam 2021:

Sa Chatagóir ‘Miondíol’, arna urrú ag Galway Bay FM, is iad seo a leanas na gnólachtaí atá roghnaithe don ghearrliosta

Ionad Siopadóireachta na Coiribe,  Murphy & Me

 

Sa Chatagóir ‘Turasóireacht & Fáilteachas’, arna urrú ag Fáilte Ireland, is iad seo a leanas na gnólachtaí atá roghnaithe don ghearrliosta:

Galway Greyhound Stadium, Hardiman Hotel

 

Sa Chatagóir ‘Seirbhísí’, arna urrú ag Video Sherpa, is iad seo a leanas na gnólachtaí atá roghnaithe don ghearrliosta:

Big O Taxis, Dan-Éire Designs, GoBus.ie,  OPTiM Payroll, Tribes Press

 

Sa Chatagóir ‘Gnó ar Líne’, arna urrú ag Ionad Teicneolaíochta na Gaillimhe, is iad seo a leanas na gnólachtaí atá roghnaithe don ghearrliosta:

Bród Pobail na Gaillimhe, Grá Chocolates, Healthy Ever After, Irish Socksciety.

 

Sa Chatagóir ‘Cuideachtaí Neamhbhrabúis agus Eile’ arna urrú ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh, is iad seo a leanas na gnólachtaí atá roghnaithe don ghearrliosta:

COPE Gaillimh,  Eaglais Choláisteach San Nioclás, agus Feachtas Rothaíochta na Gaillimhe.

Bronnfar pacáiste gnó ar fiú €2,000 é ar bhuaiteoirí na gcatagóirí ó urraitheoirí na gcatagóirí. Gheobhaidh buaiteoirí na gcúig chatagóir macasamhail Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh chomh maith, urraithe ag Údarás na Gaeltachta. Roghnófar buaiteoir foriomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ó bhuaiteoirí na gcúig chatagóir agus bronnfar orthu sin Pacáiste Fógraíochta ó phríomhurraitheoir meán an Ghradaim, an Galway Advertiser. Gheobhaidh siad chomh maith pacáiste poiblíochta le TG4 agus ballraíocht bhliana le Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus le Gaillimh le Gaeilge.

Chomh maith leis sin, gheobhaidh an buaiteoir foriomlán dealbh álainn leis an ealaíontóir cáiliúil Pádraic Reaney, ina léirítear ceithre threibh déag na Gaillimhe os cionn Abhainn na Gaillimhe, le treibh bhreise atá mar shiombail de bhuaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh agus buaiteoirí na mblianta atá le teacht.

Fanfaidh ainmneacha na mbuaiteoirí faoi cheilt go dtí tráthnóna Déardaoin (4ú Samhain)  tráth a n-osclóidh an tAire Stáit Jack Chambers TD  an clúdach tábhachtach sin! Coinnigh tú féin ar an eolas faoin nuacht agus faoi na forbairtí is deireanaí trí mheáin shóisialta Ghaillimh le Gaeilge a leanúint: Facebook, Twitter agus Instagram.

Ba mhaith le Gaillimh le Gaeilge an deis seo a thapú le míle buíochas a ghabháil leo siúd a ghlac páirt i nGradam na bliana seo. Buíochas chomh maith lenár n-urraitheoirí iontacha as a dtacaíocht agus a dtiomantas leanúnach don Ghradam le linn na mblianta. Murach ainmniúcháin an Ghradaim agus na hurraitheoirí ní bheadh Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh chomh rathúil is atá. Go mba fada buan iad.

#GradamGleG  #GaillimhDhátheangach

CRÍOCH