Fógróidh Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Spórt agus don Ghaeltacht Treibh Nua Chathair na Gaillimhe ag ceiliúradh dámhachtana anocht in onóir 20 bliain den Ghradam!

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Agus ceiliúradh á dhéanamh ar 20 bliain ar an bhfód, beidh Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ar siúl anocht sa g hotel, áit a bhfógróidh Jack Chambers TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit le freagracht as Spórt agus an Ghaeltacht, Buaiteoirí na gCatagóirí agus Buaiteoir Foriomlán an Ghradaim.

Tá gach cosúlacht air gur oíche iontach a bheidh ann agus na gnólachtaí agus na heagraíochtaí atá ar Ghearrliosta an Ghradaim ag bualadh le cairde agus comhghleacaithe agus iad i mbun ceiliúrtha, tráth a bhfógrófar Treibh nua na Gaillimhe. Ag an searmanas bronnta, tabharfar deis don 11 iomaitheoir léargas a thabhairt ar na hiarrachtaí agus na nuálaíochtaí dá guid a chuireann Gaillimh chun cinn mar chathair dátheangacha. Is féidir breathnú ar fhíseáin an Ghradaim, a thaifead Gaillimh le Gaeilge agus a chuir MOLSCÉAL in eagar, ar mheáin shóisialta Ghaillimh le Gaeilge agus MHOLSCÉAL.

Tá Gaillimh le Gaeilge, an eagraíocht atá freagrach as cur chun cinn na Gaeilge sa chathair, i mbun Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh le 20 bliain anuas i gcomhpháirt leis an Galway Advertiser agus TG4, le tacaíocht ó Chumann Tráchtála na Gaillimhe. Déanann an Gradam ceiliúradh agus gairdeas ar na comhlachtaí agus na heagraíochtaí i nGaillimh a úsáideann an Ghaeilge ina gcuid oibre ar bhonn laethiúil. Tá sé ainmnithe in onóir Sheosaimh Uí Ógartaigh, nach maireann, ball bunaithe agus rúnaí cuideachta Ghaillimh le Gaeilge.

 D’fhonn buaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh a roghnú, cuireann Bord Siúrtha Ghaillimh le Gaeilge painéal neamhspleách de mholtóirí, ag a mbíonn réimse leathan saineolais, le chéile gach bliain. Ar an bpainéal moltóireachta i mbliana tá: Maeliosa Ó hÓgartaigh, Cuntasóir & Fear Gnó agus mac le Seosamh Ó hÓgartaigh nach maireann, a bhfuil an gradam ainmnithe ina dhiadh as, Daithí Ó Gallchobhair, Bainisteoir Foirne, an Ghaeltacht agus na hOileáin, Slí an Atlantaigh Fhiáin, agus Caroline Ní Fhlatharta, Oifigeach na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe.

 Roghnaíodh na gnólachtaí agus na heagraíochtaí seo a leanas do Ghearrliosta an Ghradaim i mbliana:

 Catagóir an Mhiondíola, urraithe ag Galway Bay FM, sa bhabhta ceannais tá:

Just Art It agus KD Autoparts

Catagóir na Turasóireachta & an Fháilteachais, urraithe ag Fáilte Ireland, sa bhabhta ceannais tá: The Hardiman Hotel agus Plámás

Catagóir na Seirbhísí, urraithe ag Computer Troubleshooters, Gaillimh, sa bhabhta ceannais tá: GoBus.ie, OPTiM Payroll agus Tribes Press

Catagóir an Ghnó Ar Líne, urraithe ag Ionad Teicneolaíochta na Gaillimhe, sa bhabhta ceannais tá: Fluff Beag, Irish Socksciety agus Tribes Art House

Catagóir na gCuideachtaí Neamhbhrabúis agus Eile, urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh, sa bhabhta ceannais tá: Galway Hospice Foundation

Go n-éirí an t-ádh leo uilig!

Gheobhaidh na buaiteoirí sna gcatagóirí éagsúla pacáistí gnó ar fiú €2,000 iad ó urraitheoirí na gcatagóirí. Bronnfar macasamhail de dhealbhóireacht Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, atá urraithe ag Údarás na Gaeltachta, orthu siúd a ghnóthóidh an chéad duais i ngach aon chatagóir.

Roghnófar buaiteoir iomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh as na buaiteoir sa chúig catagóir agus gheobhaidh siad sin Pacáiste Fógraíochta ón bpríomhurraitheoir de chuid na meán ar an nGradam, an Galway Advertiser. Bronnfar pacáiste poiblíochta le TG4 orthu freisin, chomh maith le ballraíocht bliana i gCumann Tráchtála na Gaillimhe agus i nGaillimh le Gaeilge.

Mar chuid den mhórdhuais, gheobhaidh an buaiteoir iomlán dealbh leis an ealaíontóir cáiliúil Pádraic Reaney, a thaispeánann ceithre threibh déag na Gaillimhe ag ligean a scíthe thar Abhainn na Coiribe agus treibh amháin acu suaithinseach, ina shiombail ar bhuaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, agus ar na buaiteoir ar fad a bheidh againn amach anseo.

Fanfaidh ainmneacha na mbuaiteoirí faoi rún go dtí tráthnóna Déardaoin (2 Meitheamh) nuair a osclóidh an tAire Stáit Jack Chambers TD an clúdach litreach tábhachtach sin! Lean meáin shóisialta Ghaillimh le Gaeilge: Facebook, Twitter agus Instagram le go mbeidh tú ar an eolas maidir leis na scéalta is deireanaí agus gach a mbíonn ag tarlú.

Ba mhaith le Gaillimh le Gaeilge an deis seo a thapú le Míle Buíochas a ghlacadh leis an dream ar fad a bhí páirteach i nGradam na bliana seo. Míle buíochas freisin lenár n-urraitheoirí tábhachtacha as a dtacaíocht agus a dtiomantas leanúnach don Ghradam i gcaitheamh na blianta. Is a bhuí le hurraitheoirí an Ghradaim agus an dream a bhíonn ainmnithe don Ghradam a éiríonn chomh maith sin leis. Go mba fada buan iad.