Ba mhór an onóir do Ghaillimh le Gaeilge gradam na Gaeilge a fháil ag Gradam Dea-Chúiseanna an Chrannchuir Náisiúnta

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Bhí ríméad ar Ghaillimh le Gaeilge a bheith fógartha mar bhuaiteoir sa Chatagóir Gaeilge ag Gradaim Dea-Chúiseanna an Chrannchuir Náisiúnta 2022 in Óstán Killashee i gContae Chill Dara an tseachtain seo caite. Tugann an gradam aitheantas don obair a dhéanann an eagraíocht ag cur na Gaeilge chun cinn i gcathair na Gaillimhe. Gheobhaidh siad duais €10,000 freisin mar bhuaiteoirí sa chatagóir.

Is eagraíocht neamhbhrabúis í Gaillimh le Gaeilge a bunaíodh i gcathair na Gaillimhe agus é mar chuspóir aici an Ghaeilge a chur chun cinn, go háirithe mar acmhainn eacnamaíoch. Agus í ag obair i bpáirt le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus grúpaí eile, bíonn  an eagraíocht ag cur na Gaeilge chun cinn chun cur le stádas oifigiúil dátheangach na Gaillimhe.

Dúirt foireann an Chrannchuir Náisiúnta, “baineann cuid mhaith den obair a bhíonn ar bun ag  Gaillimh le Gaeilge le grá don Ghaeilge a thabhairt ar ais do theaghlaigh, do ghnólachtaí agus do chathair na Gaillimhe.”

“B’fhéidir nach bhfuil ach na cúpla focal ag go leor againn, ach is féidir linn a aontú go bhfuil an obair atá ar siúl ag Gaillimh le Gaeilge chun ár dteanga ársa a chaomhnú agus a chosaint thar a bheith tábhachtach dúinne mar phobal agus mar dhaoine. Is mór an onóir do Dhea-Chúiseanna an Chrannchuir Náisiúnta deis a bheith acu obair Ghaillimh le Gaeilge a roinnt le lucht féachana níos leithne, agus i ndáiríre rud amháin a thaitin go mór leis na moltóirí is ea an teimpléad a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm go náisiúnta.”

 

Agus é á chur i láthair ag Gráinne Seoige, déanann Gradaim an Chrannchuir Náisiúnta ceiliúradh gach bliain ar Dhea-Chúiseanna fud fad na tíre agus i seacht gcatagóir éagsúla: Gaeilge, Spórt, Sláinte & Folláine, Oidhreacht, Na hEalaíona & an Cultúr, Pobal agus an Óige. I mbliana is í an craoltóir de chuid Raidió agus Teilifís RTÉ, Bláthnaid Treacy, a chuir an chatagóir Gaeilge i láthair.

Nuair a bronnadh an gradam uirthi ag an ócáid mhór, dúirt Oifigeach Tograí Ghaillimh le Gaeilge, Ciara O’Connor:

“An sprioc is mó atá againn i nGaillimh le Gaeilge ná an Ghaeilge a chur chun cinn i gcathair na Gaillimhe. Déanaimid é seo trínár seirbhísí a thairiscint saor in aisce agus tionscadail agus imeachtaí dátheangacha a reáchtáil i rith na bliana chun daoine eile a spreagadh agus a mhealladh le triail a bhaint as an teanga. Ceann de na tograí is mó atá againn ná Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh – Gradam Gnó Dátheangach na Gaillimhe – cuireann gnólachtaí na cathrach isteach ar an nGradam agus cabhraíonn muid leo an Ghaeilge a shní isteach ina gcuid gnóthaí. Chomh maith leis sin, tá muid lonnaithe in aice le ceann de na Gaeltachtaí is mó sa tír, mar sin, tá sé an-tábhachtach dúinn go bhfuil muid in ann freastal ar na Gaeilgeoirí seo ionas go bhfuil siad in ann a ngnó a dhéanamh i nGaeilge agus go deimhin a saol a chaitheamh ina dteanga féin. Ba mhór an onóir é do Ghaillimh le Gaeilge a bheith san áireamh agus eagraíochtaí den scoth a dhéanann sárobair ina bpobail féin, ar gach taobh di.”

Ag labhairt di thar ceann Bhord Stiúrtha na heagraíochta, deir Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey:

“Is mór an onóir dúinn an t-aitheantas náisiúnta seo a fháil ón gCrannchur Náisiúnta. Tá muid thar a bheith sásta agus fíorbhuíoch as an tacaíocht riachtanach a chuireann an Crannchur Náisiúnta ar fáil  dúinn tríd an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Is iontach an          t-aitheantas é seo don obair ar fad atá curtha isteach i bhforbairt agus i neartú na Gaeilge i gcathair Dhátheangach na hÉireann. Agus an chéad phlean teanga nua do Ghaillimh agus straitéis nua na heagraíochta, a seoladh an tseachtain seo caite, á gcur san áireamh, beidh muid in ann tuilleadh fós a chur i gcrích agus muid ag súil le ré nua don Ghaeilge sa chathair.”

Ba é Cú Chulainn Blood Bikes i Muineachán buaiteoir foriomlán Dhea-Chúiseanna an Chrannchuir Náisiúnta 2022 agus is iad a bhuaigh an príomhdhuais €35,000. Is eagraíocht dheonach í seo a iompraíonn samplaí fola, samplaí Covid, bainne cíche do leanaí réamhaibí, soláthairtí leighis, agus fuil do leanaí atá tinn, fad le hospidéil áitiúla i Muineachán, i Lú, sa Chabhán agus sa Mhí.

I measc na n-iomaitheoirí eile i gCatagóir na Gaeilge bhí: Conradh na Gaeilge (Baile Átha Cliath), Muintearas Teoranta (Gaillimh), Na Gaeil Óga (Baile Átha Cliath) agus Raidió na Life (Baile Átha Cliath).

Cuireann Gaillimh le Gaeilge tacaíocht leanúnach ar fáil do lucht gnó a dteastaíonn uathu Gaeilge a úsáid ina ngnó; tá tús curtha leis an obair ar an gcéad Phlean Teanga riamh do chathair na Gaillimhe, bíonn deiseanna rialta líonraithe ‘trí Ghaeilge’ ar siúl gach mí agus tá tús curtha leis an bpleanáil do Ghradam Dhátheangach na Gaillimhe, Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2023. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Ghaillimh le Gaeilge agus teacht ar eolas faoi na bealaí a bhféadfaidh tú a bheith páirteach, tabhair cuairt ar www.gleg.ie. Is féidir leat iad a leanúint ar Facebook, Twitter agus Instagram freisin.