Folúntas: Oifigeach Pleanála Teanga á lorg ag Gaillimh le Gaeilge.

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

 post mar Oifigeach Pleanála Teanga á thairiscint ag Gaillimh le Gaeilge. 

Duine fuinniúil cumasach a bhfuil taithí agus/nó cáilíochtaí oiriúnacha aici/aige. Duine atá tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge, a bhfuil eolas aige/aici ar réimse oibre na pleanála teanga agus i bhforbairt na Gaeilge  nó taithí chuí a bheith ag obair i ról forbartha eile atá á lorg.

Is é Gaillimh le Gaeilge  atá freagrach as an bplean teanga do Chathair na Gaillimhe  a chur i bhfeidhm. Déanfar an obair sin i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Meitheal an Phlean Teanga, Gaillimh agus páirtithe leasmhara eile.

Beidh an tOifigeach Pleanála Teanga freagrach as cur i bhfeidhm bearta an phlean teanga. Beidh an té a cheapfar tiomanta d’fhorbairt agus cur chun cinn na Gaeilge i gcathair dhátheangach na hÉireann. Beidh siad ag feidhmiú mar bhall d’fhoireann Ghaillimh le Gaeilge, ag baint úsáidte as tionscadail reatha Ghaillimh le Gaeilge agus  i gcomhphairtíocht leis an bhfoireann, ag forbairt deiseanna nua chun cur le feiceálacht agus úsáid labhartha na Gaeilge a spreagadh tuilleadh sa chathair.

Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine leis an taithí agus/nó na cáilíochtaí seo a leanas:

Critéir Riachtanacha

  • Ardchaighdeán Gaeilge agus Béarla, idir labhartha agus scríofa. Bheadh cáilíocht sa Ghaeilge inmhianaithe.
  • Cáilíocht ábhartha chun riachtanais an róil a bhaint amach.
  • Taithí chuí ar bheith ag obair i ról forbartha.
  • Ardscileanna cumarsáide agus cur i láthair poiblí.
  • Taithí ar fheachtais a bhaineann leis na meáin shóisialta a reáchtáil agus ábhar ar líne a chur ar fáil.
  • Ábalta priorachtaí a leagan síos, spriocdhátaí a bhaint amach agus obair a dhéanamh faoi bhrú.
  • Tuiscint agus taithí ag plé le hearnálacha gaolmhara éagsúla.
  • Taithí gaol a chothú le páirtithe leasmhara agus dea-chaidreamh oibre a fhorbairt le comhghleacaithe.
  • Cuntas ar thorthaí bainte amach ag dréachtú pleananna, tuairiscí agus a chur i láthair/os comhair na bpáirtithe leasmhara ar bhealach sásúil.
  • Taithí mhaith ar chúrsaí riaracháin, ardscileanna eagrúcháin agus ríomhaireachta (ardtuiscint ar Excel, MS Office agus ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa).
  • Ábalta oibriú go muiníneach mar chuid d’fhoireann nó as a stuaim féin chun na haidhmeanna céanna a bhaint amach.

Beidh an duine a cheapfar lonnaithe in Oifig Ghaillimh le Gaeilge agus freagrach don Phríomhfheidhmeannach/Bhord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge. Beidh 40 uair oibre sa tseachtain i gceist le cúraimí an phoist seo agus beidh freastal ar chruinnithe taobh amuigh de ghnáth uaireanta oibre mar chuid de na cúraimí sin. Tá scála tuarastail ó €35,000 go €50,000

 Próiseas Iontrála: Seol iarratas mar aon le CV, le do thoil, roimh 5.30i.n., Dé Luain 23 Eanáir 2023 chuig: brid@gleg.ie nó sa phost: Bríd Ní Chonghóile, Gaillimh le Gaeilge, Teach Uí Chiaruáin, Sráid Thobar an Iarla, Gaillimh. H91 N92N . Is fostóir comhionannas deiseanna é Gaillimh le Gaeilge.

Beidh sé mar aidhm againn  na hagallaimh don phost  a bheith ar siúl Dé Luain, 30 Eanáir agus Dé Máirt 31 Eanáir 2023

Tá an Tionscadal Gaeilge seo á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge tríd An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.