Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2020 oscailte d’ainmniúcháin anois

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

An bhfuil spéis agat an Ghaeilge a úsáid i do ghnó?

Urraitheoirí Ghradam 2023 na bliana seo nochta ag an gComhairleoir Clodagh Higgins, Méara Chathair na Gaillimhe, ag preasócáid arna reáchtáil ag Gaillimh le Gaeilge i gCumann Tráchtála na Gaillimhe.

An dáta deiridh le hiarratas a dhéanamh:

Dé hAoine an 17 Feabhra 2023 an dáta deiridh le hiarratas a dhéanamh. Ní gá ag an bpointe seo den phróiseas ach foirm iarratais ghearr a chomhlánú agus beidh foireann Ghaillimh le Gaeilge i dteagmháil leat chun tú a ullmhú don Ghradam. Téigh chuig www.gleg.ie chun tuilleadh eolais a fháil nó chun clárú saor in aisce ar líne nó déan teagmháil leis an bhfoireann ar an uimhir 091 568876. Is féidir leat do ghnólacht /d’eagraíocht féin nó gnólacht /eagraíocht eile atá lonnaithe i gcathair na Gaillimhe a ainmniú.

Mhol an Méara lucht urraíochta ar fad an Ghradaim as a dtacaíocht leanúnach agus a dtiomantas do ghradam gnó dátheangach féin na Gaillimhe – Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh.

Is ar mhaithe le haitheantas a thabhairt do ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí i gcathair na Gaillimhe, agus ceiliúradh a dhéanamh ar na gnólachtaí agus eagraíochtaí sin a bhaineann úsáid as an nGaeilge ar go leor bealaí i ngach gné nó i roinnt gnéithe dá gcuid oibre.  Áiríonn sin margaíocht, comharthaíocht, fógraíocht, láithreáin ghréasáin, ar na meáin shóisialta, chomh maith Seirbhís i nGaeilge ar fáil dóibh sin atá ag iarraidh a gcuid gnóthaí a dhéanamh trí Ghaeilge.

Is éard a dúirt an Méara ag an bpreasócáid,

“Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh libhse ar fad atá anseo inniu as an tacaíocht atá tugtha agaibh don Ghradam, i mbliana agus blianta eile araon.  Tá baint ag Cumann Tráchtála na Gaillimhe leis an ngradam ó cuireadh tús leis den chéad uair  21 bhliain ó shin. Tá an Gradam ainmnithe i ndiaidh iar-uachtarán an Chumainn Tráchtála, Seosamh Ó hÓgartaigh. Bhí sé ar dhuine den dream a bhunaigh Gaillimh le Gaeilge agus bhí sé ina rúnaí cuideachta ar an eagraíocht freisin.

Bhí ról ríthábhachtach ag an Galway Advertiser freisin i bhforbairt an Ghradaim agus ar an rath a bhí air le linn an ama sin. Thosaigh Údarás na Gaeltachta ag tacú leis an nGradam in 2007 agus thosaigh TG4 ag tacú leis in 2016.

Le himeacht na mblianta, tá curtha go mór ag an nGradam agus ag gach duine a bhfuil baint acu leis le stair chultúir agus stádas oifigiúil na Gaillimhe mar chathair dhátheangach, agus táimid an-mhórtasach as sin a bheith bainte amach againn. Guím gach rath amach anseo ar an nGradam agus ar Ghaillimh le Gaeilge.”

D’fhógair an Méara ansin gach ceann d’urraitheoirí an Ghradaim don bhliain 2023.

Urraíocht os cionn €27,000

I mbliana arís, is é an Galway Advertiser an príomhurra ó thaobh na meáin chumarsáide de. Tá TG4 agus MOLSCÉAL ar bord freisin, chomh maith le hurraí na gcatagóirí mar seo a leanas:

 Galway Bay FM – an chatagóir ‘Taithí an Mhiondíola’; Fáilte Ireland – an chatagóir ‘Turasóireacht’; Computer Troubleshooters – an chatagóir ‘Seirbhís do Chustaiméirí’; Ionad Teicneolaíochta na Gaillimhe, an chatagóir ‘Digiteach’ agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe an chatagóir ‘Pobal agus Cultúr’. Tá liosta láidir urraí ag an nGradam le pacáiste gnó ar fiú níos mó ná €27,000 é.

D’fhógair an Méara Údarás na Gaeltachta mar urra ar mhacsamhla an Ghradaim,  dealbh a dearadh go speisialta ag an ealaíontóir cáiliúil, Pádraic Reaney, a bhronnfar ar bhuaiteoirí na gcatagóirí. Cuirfidh Cumann Tráchtála na Gaillimhe urraíocht ar fáil don bhuaiteoir iomlán freisin.

Tugann an bhean ghnó, Maureen Duggan, KD Autoparts, buaiteoir foriomlán Ghradam 2022, ugach do chuideachtaí agus d’eagraíochtaí a bheith páirteach sa Ghradam:

Bhí áthas an domhain orainn i KD Autoparts a bheith ainmnithe mar bhuaiteoir foriomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh in 2022. B’iontach an taithí a bhí ann dúinn in KD Autoparts a bheith páirteach sa Ghradam agus mholfaimis d’aon ghnó nó eagraíocht i nGaillimh a bheith páirteach ann. Níl mórán costas ag baint leis ach bíonn an tairbhe a bhaintear as ollmhór.  Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil freisin le Gaillimh le Gaeilge as an tacaíocht a thug siad dúinn le linn phróiseas an Ghradaim.”

Is éard a dúirt Gearóidín Hynes, Bainisteoir Tionscadal, Gaillimh le Gaeilge:

Níl aon ghá a bheith ag déanamh imní faoin méid Gaeilge atá agat nó cibé an bhfuil do chuideachta ag úsáid na Gaeilge cheana féin nó nach bhfuil. Cuideoidh Foireann Ghaillimh le Gaeilge leat gach céim den bhealach lenár seirbhís Gaeilge sa Ghnó. Is seirbhís shaincheaptha saor in aisce é seo chun tacú leat agus chun tú a threorú le linn an phróisis dhátheangaigh ar fad. Mar chuid den athbhreithniú, scrúdóimid íomhá fhísiúil, comharthaíocht, ábhar margaíochta, meáin shóisialta, fógraíocht do ghnó. Cuirfear moltaí agus aiseolas ar fáil duit ansin mar aon le seirbhís aistriúcháin saor in aisce chun go mbeidh tú ábalta an Ghaeilge a úsáid i do ghnó nó i d’eagraíocht.”

Lean Gaillimh le Gaeilge ar Facebook, Twitter agus Instagram le bheith ar an eolas faoin nuacht is déanaí a bhaineann leis an nGradam.