Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2023 fógartha 

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

 Ainmníodh cúig cinn déag de ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí ó hearnálacha éagsúla ar Ghearrliosta na bliana seo. Tá an Gradam, gradam gnó dátheangach na Gaillimhe féin á eagrú ag Gaillimh le Gaeilge (an eagraíocht a chuireann an Ghaeilge chun cinn i gcathair na Gaillimhe) i gcomhpháirtíocht leis an Galway Advertiser, TG4 agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe.  Anois ina 21ú bliain, déanann an Gradam ceiliúradh agus tugann sé aitheantas don  obair dhátheangach ar fad atá á déanamh ag gnólachtaí agus ag eagraíochtaí i gCathair Dhátheangach na hÉireann. 

Chas na moltóirí le chéile maidin Dé Luain don chéad chéim den phróiseas moltóireachta agus  rinne siad an obair dhátheangach atá déanta ag ainmniúcháin an Ghradaim le cúpla seachtain anuas a mheas. Dúirt Gearóidín Hynes, Bainisteoir Tograí le Gaillimh le Gaeilge go raibh na moltóirí thar a bheith sásta le caighdeán na n-iontrálaithe ar fad i mbliana. Ba é an rud is suntasaí a chuaigh i gcion orthu faoi na gnólachtaí agus na heagraíochtaí a roghnaigh siad don Ghearrliosta  ná go raibh “a lán fuinnimh, dóchas agus muinín”  le haireachtáil agus le feicscint go soiléir ina gcuid iarrachtaí chun an Ghaeilge a chur chun cinn go nádúrtha ina gcuid gnólachtaí agus ina gcuid eagraíochtaí.

 

Ainmníodh na gnólachtaí agus na heagraíochtaí seo a leanas ar Ghearrliosta Ghradam 2023:

Sa chatagóir ‘Taithí Mhiondíola’, urraithe ag Galway Bay FM:

Just Art It, Ór Jewellery, Siopa Leabhar Charlie Byrne, St Vincent De Paul Westside

Sa chatagóir ‘Turasóireacht’, urraithe ag Fáilte Ireland:

Galway Trails, Harbour Hotel, The Hardiman

Sa chatagóir ‘Seirbhís Chustaiméara’, urraithe ag Computer Troubleshooters Galway:

GoBus.ie, Tribes Press

 Sa chatagóir ‘Digiteach’, urraithe ag Ionad Teicneolaíochta na Gaillimhe:

Fluff Beag, Irish Socksciety, Tonnta

Sa chatagóir ‘Pobal agus Cultúr’, urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe: Cic Beag, Eaglais Choláisteach san Nioclás, Ospís na Gaillimhe.

Agus í ag caint faoi ghradam gnó dátheangach na bliana seo, dúirt Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey:

Beidh roinnt cruinnithe ag na moltóirí sna seachtainí atá romhainn chun na buaiteoirí i ngach ceann de na cúig chatagóir a roghnú. Roghnóidh siad buaiteoir iomlán ansin as buaiteoirí na gcúig chatagóir. Fógróidh An tAire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan TD, na buaiteoirí ag searmanas bronnta speisialta ag 6.00pm. in Óstán Hardiman ar an Déardaoin 25 Bealtaine 2023.

 Ba mhaith le Gaillimh le Gaeilge an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil leis na hurraí áitiúla agus náisiúnta go léir as an tacaíocht shárluachmhar atá tugtha acu don Ghradam thar na blianta. Táimid fíorbhuíoch díobh, – go raibh míle maith agaibh:

The Galway Advertiser, TG4, Fáilte Ireland, Galway Bay FM, Computer Troubleshooters Galway, Ionad Teicneolaíochta na Gaillimhe, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe,  MOLSCÉAL, Údarás na Gaeltachta agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe