Aistriúchán
Cuireann Gaillimh le Gaeilge seirbhís aistriúcháin ar fáil tríd an scéim ‘Cairde Ghaillimh le Gaeilge’.
Más ‘Cara Maith’ nó ‘Dlúthchara’ tú, d’fhéadfá leas a bhaint as an seirbhís aistriúcháin do chomharthaí, ábhar margaíochta, biachláir ‘srl. (Níl doiciméid/CV san áireamh) Le haghaidh tuilleadh eolais, seol ríomhphost le do thoil chuig eolas@gleg.ie.
Tá sé fíor-thábhachtach gur aistriúchán cruinn Gaeilge atá agat, go háirithe nuair atá comharthaí á gcur suas agat nó Gaeilge á úsáid ar bhróisiúir nó ábhar eile á phriontáil agat. Is scil speisialta é an t-aistriúchán. Mar sin, beidh seirbhís aistriúcháin ghairmiúil uait.
Ní gá, fiú má tá cúpla teanga ag duine, go bhfuil sé/sí cáililthe chun aistriúchán a dhéanamh. Níor cheart duit, mar sin, iarraidh ar dhuine nach bhfuil cáilithe mar aistritheoir freagracht a ghlacadh as aon obair aistriúcháin. Breathnaíonn botúin litrithe, mar shampla, go-dona don eagraíocht nó don chomhlacht, agus de ghnáth déanann botúin ar chomhartha nó ar ábhar foilsithe an-chuid damáiste do cháil an chomhlachta i leith na teanga agus na timpeallachta áitiúla.
Molann Gaillimh le Gaeilge aon ábhar dátheangach a sheoladh chugainn ag eolas@gleg.ie roimh dul i gcló.
