Case Studies
Retail
Eyre Square Shopping Centre
Ceann de shiopalanna móra iarthar na hÉireann, tá Ionad na Faiche Móire lonnaithe i gceartlár chathair na Gaillimhe. Is comharthaí dátheangacha iad formhór na gcomharthaí san Ionad, tá an Ghaeilge ina gcuid fógraíochta, ar a suíomh gréasáin agus ar a leathanach Facebook agus baintear úsáid as an teanga freisin sna hócáidí poiblí uile a reáchtáiltear san Ionad. Tá ‘Fáilte’ le cloisteáil ag custaiméirí agus iad ag teacht isteach san Ionad agus tá comharthaí dátheangacha le feiceáil freisin anois ag an bpríomhbhealach isteach go dtí an tIonad,; tá leagan Gaeilge de lógó an Ionaid le feiceáil ansin freisin.
Tá siad tar éis dul i gcion freisin ar na tionóntaí atá san Ionad agus dá thoradh sin tá brandaí cáiliúla agus áitiúla ar nós Penney’s agus XL tar éis an Ghaeilge a ghlacadh chucu féin ina gcuid siopaí. Cuid de pholasaí an Ionaid anois é gnólachtaí nua isteach a spreagadh leis an nGaeilge a úsáid.
Just Art It
Just Art It is an artist-run family business, founded in 2017 by artist Elena Santos in Galway’s Westend. In their creative studio, they design, handprint, and produce a growing range of cards, tote bags, and sustainable gifts, including their original designs in Gaeilge and bilingual. From concept to customer!
KD Autoparts
Is é KD Autoparts an t-ionad ilfhreastail is fearr i nGaillimh le haghaidh rud ar bith a theastódh ó charr. Cuireann siad na mílte páirteanna agus giúirléidí ar fáil, ó scagairí aeir go dtí lanna do chuimilteoirí gaothscátha. Is saineolaithe oilte iad na baill foirne ar fad agus tá siad sásta comhairle a thabhairt i dtaobh aon rud a theastódh le haghaidh carr agus cuireann siad Seirbhís iomlán trí Ghaeilge ar fáil freisin.
Toursim & Hospitality
The Kings Head
Tá Muintir Uí Ghriallais ag tabhairt cuireadh do mhuintir na Gaillimhe chun ‘buail isteach’ ó 1989.
Tá an Ghaeilge curtha ar chomharthaíocht, ar bhiachláir, ar scáileáin dhigiteacha, inár meáin shóisialta agus tá Seirbhís trí Ghaeilge le fáil ann freisin. Le breis agus 15 bliana, tá siad ag díol t-léinte The Kings Head le ‘Buail Isteach’ scríofa trasna an chúil (gan aistriúchán Béarla), chomh maith le t-léinte speisialta ‘Nollaig Shona’ don Nollaig. Míníonn an fhoireann an bhrí agus an fuaimniú ceart do thurasóirí. Tá siad bródúil go bhfuil beagnach 40,000 t-léine lenár mana speisialta Gaelach air tar éis a mbealach a dhéanamh chuig tíortha ar fud an domhain!”
Daróg Wine Bar
Daróg (‘small oak tree’) is a labour of love for husband-and-wife team Zsolt Lukács & Edel McMahon-Lukács. The wine bar, located on Lower Dominick Street, is an intimate space offering a wide range of artisan, biodynamic, organic, and natural wines, and a selection of hot/cold plates, cheese & meat boards.
Harbour Hotel
Óstán ina bhfuil 96 seomra leapa atá suite i lár chathair na Gaillimhe. Tá spás do chruinnithe, beár agus bialann álainn ann agus cuirtear ‘Céad Míle Fáilte’ romhat i gcónaí.
Services
Digital
Irish Socksciety
Irish Socksciety is a Galway based brand specializing in embracing all things Irish (culture, language, craic, landscape) through their range of socks available online, via retailers and bespoke design services in Ireland and abroad.
Fluff Beag
Fluff Beag is an online business – gnó beag cruthaitheach le hearraí cniotáilte and eco-friendly gifts/décor le grá don Ghaeilge. Fluff Beag is my space for keeping the traditions of knitting and Gaeilge alive.
Tonnta
Cuireann Tonnta réitigh theicneolaíochta ar fáil d’ealaíontóirí a dhíolann nithe ar líne chomh maith le Seisiúin Comhairliúcháin Gnó a chur ar fáil do na daoine sin atá ag iarraidh a ngnólacht a fheabhsú.
Community & Culture
Feachtas Rothaíochta na Gaillimhe
Tá an Feachtas ag cur rothaíocht chun cinn mar ghnáthbhealach iompair i nGaillimh ó 1998. Tá sé mar sprioc againn go mbeadh bóithre níos sábháilte agus áiseanna níos fearr ar fáil do dhaoine ag rothaíocht nó ag siúl, is cuma cén chúlra, ábaltacht nó aois atá acu.
Pálás
Is é Pálás an t-aon phictiúrlann chultúrtha amháin in iarthar na hÉireann. Taispeántar scannáin ó thart timpeall an domhain ann, i dteangacha éagsúla, chomh maith le scannáin i nGaeilge. Bígí linn le haghaidh eachtraí speisialta ar an scáileán mór, nó don mhanglam deas inár mbeár thuas staighre.
Ospís na Gaillimhe
Galway Hospice was set up in 1986 and has since been providing specialist palliative care to patients across Galway. Trí imeachtaí agus trí dheonú, cuireann muid an caighdeán maireachtála is fearr ar fáil.