Gaeilge ar Bhiachláir
Mar gheall ar an gcáil atá ar Chathair na Gaillimhe mar chathair dhátheangach, is minic a thagann grúpaí nó eagraíochtaí Ghaeilge chuig an gcathair mar gheall ar an dteanga. De bharr an éilimh seo, chuir Gaillimh le Gaeilge i gcomhar le bialanna na Gaillimhe liosta le chéile de na bialanna a chuireann biachlár dátheangach ar fáil go leanúnach.
Tá na bialanna liostaithe anseo. Bíonn Lón Gnó Ghaillimh le Gaeilge, a eagraítear go míosúil, sna bialanna atá liostaithe. Tá an-tóir ar na lónta seo agus freastalaíonn suas le 40 duine ar gach ceann díobh. Tá Gaillimh le Gaeilge lánsásta comhairle a thabhairt do bhialanna ar leagan amach an bhiachláir agus ar an méid Gaeilge a bheadh oiriúnach sa bhiachlár. Cuirimid seirbhís aistriúcháin ar fáil saor in aisce chomh maith.
Más mian leatsa an Ghaeilge a úsáid ar do bhiachlár agus a bheith curtha san áireamh ar an liosta seo, déan teagmháil le Gearóidín ar 091 568876 nó seol r-phost chuig gearoidin@gleg.ie.
Gaeilge sa Ghnó
Tá an tseirbhís ‘Gaeilge sa Ghnó’ ann chun comhlachtaí a threorú tríd an bpróiseas chun Gaeilge a shní isteach ina ngnó, is cuma an beagáinín Gaeilge nó gnó iomlán dhátheangach atá uathu.
Léigh níos mó