Grace Conneally
Project's Officer
Is cailín na Gaillimhe í Grace Conneally (Ní Chonghaile), as Áth Cinn. Bhain sí céim chéadonóracha amach i dTeangacha Feidhmeacha in Ollscoil Luimnigh. Rinne sí staidéar ar Ghaeilge agus ar Fhraincis le margaíocht agus teangeolaíocht. Sular thosaigh Grace ag obair le Gaillimh le Gaeilge, bhí sí mar thaighdeoir agus comhordaitheoir scripte i Ros na Rún, sobaldráma agus clár teilifíse atá craolta ar TG4 go seachtainiúil. Bhain sí an-taitneamh as an bpost sin, ach bhí Grace réidh bogadh ar aghaidh taobh amuigh An Spidéal, agus rudaí nua a fhoghlaim agus deiseanna úra a bhaint amach sa chathair mhór!
Creideann Grace go bhfuil ár dteanga ceann de na rudaí is tábhachtaí inár saol mar Éireannacha, gan í – chaillfimis cuid dár n-oidhreacht, cuid dár gcultúr. Ina focail féin; “sin an fáth go bhfuilim chomh bródúil a bheith mar bhall de fhoireann Ghaillimh le Gaeilge, i gcomhlacht atá dírithe ar fhorbairt na Gaeilge i gcroílár na Gaillimhe”. Is í Grace an t-Oifigeach Tograí linn i nGaillimh le Gaeilge, is aoibhinn léi a bheith amach ag ócáidí, ag bualadh le daoine éagsúla nua ó gach cearn den tír,agus den domhan!